Deireadh le déine molta ag Burton?

Posted on Aibreán 21, 2013 le

0



Tá sé ráite ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Joan Burton, go gcreideann sí nach féidir le daoine níos mó déine a ghlacadh.

joan-burton

An tAire Coimirce Sóisialaí, Joan Burton TD – an bhfuil sí ag iarraidh jab Eamon Gilmore?

“I believe that we have reached the limits of austerity now,” a dúirt sí agus í ag caint ag comhdháil de chuid St. Vincent de Paul Dé Sathairn.

Dúirt sí go raibh sí i bhfabhar “a new economic strategy based on sustainable growth, investment and full employment.”

“The truth is that ordinary people everywhere have shouldered too much of the burden,” a dúirt sí.

Is i gcomhthéacs Eorpach a ba cheart go mbeadh an straitéis seo fréamhaithe dar léi.

Tuigtear go bhfuil go leor teannais i bPáirtí an Lucht Oibre faoi láthair agus go bhfuil scoilt suntasach ann idir Joan Burton agus an Tanáiste, Eamon Gilmore.

Tá an ‘Sunday Independent’ ag tuairisciú go bhfuil go leor teannas sa pháirtí idir dream a bhí ceangailte le Páirtí na nOibrithe (i. The Workers’ Part – Democratic Left) agus iad siúd a chloíonn le luachanna traidisiúnta Pháirtí an Lucht Oibre.

Idir an dá linn, dar leis an ‘Sindo’ ní vótálfaidh tromlach de TD Pháirtí an Lucht Oibre do chiorruithe pá gan comhaontú na gceardchumann.

Féach chomh maith : 

Ceist faoi Chostas na Cnapshuime

Reinhard agus Rogoff bréagnaithe

 

 

 

Posted in: Nuacht