Reinhard agus Rogoff bréagnaithe

Posted on Aibreán 21, 2013 le

4



EACNAMAÍOCHT : Is é an príomh-theoiric atá á cur i bhfeidhm chun deacrachtaí eacnamaíochta an domhain a réiteach ná déine.

Tá go leor fáthanna leis sin ach thar aon rud eile, tá sé bunaithe go hintleachtúil ar alt le beirt eacnamaí  de chuid Ollscoil Harvard, Reinhard agus Rogoff.

 “This is deciding what you want to believe, finding someone who tells you what you want to hear, and pretending that there are no other voices,” Paul Krugman

8215076356_f76496a3a6_z

‘Growth in a time of debt’ is teideal don alt seo. Má tá Béarla agat is féidir é a léamh ANSEO.

Ag leibhéal an-bhunúsach ar fad, is é tuairim s’acu – thar aon rud eile go gcaithfidh stát an t-easnamh a réiteach. Uime sin, cuirtear ina luí orainn go gcaithfear déine a bheith ann.

Dar leis an dís seo, bíonn fás eacnamaíochta níos moille i dtíortha a bhfuil fiacha poiblí thar 90% de tháirgeacht acu.

Rinneadh bunús an tsaothair sin a bhréagnú an tseachtain seo áfach le foilsiú alt atá criticiúil ar alt R&R.

Tá sé cruthaithe san alt nua go bhfuil an toradh R&R bunaithe ar bhotún ina gcuid staitisticí, ábhar náire don dís as Harvard agus buille dóibh siúd a bhrúnn déine mar réiteach ar fhadhbanna eacnamaíochta an domhain.

 “This is deciding what you want to believe, finding someone who tells you what you want to hear, and pretending that there are no other voices,” a dúirt an t-eacnamaí clúiteach Paul Krugman ar chloisteáil an scéal seo dó.

Tá fiú an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an IMF, ag argóint le tamall anuas go bhfuil tíortha ar nós an RA, SAM agus an Ghearmáin ag dul thar fóir le déine agus go bhfuil siad ag cur moill ar bhiseach eacnamaíochta –  tá eacnamaíocht Keynes ar ais i bhfaisean. 

Posted in: Nuacht, Tuairim