‘Anam na Teanga’ le seoladh

Posted on Aibreán 22, 2013 le

0



AnamNaTeanga

Seolfaidh an Dr Fionntán de Brún an cnuasach gearrscéalta, Anam na Teanga, atá in eagar ag Seán Mac Labhraí, ag ócáid i nGaeláras Mhic Ardghaill, Iúr Chinn Trá, ar an Déardaoin, an 2 Bealtaine, 2013, ag 8.00in.

Sa leabhar seo tá dhá cheann déag de na gearrscéalta is anamúla agus is bíogúla dár scríobhadh sa Ghaeilge riamh de réir na bhfoilsitheoirí, Cló Iar-Chonnacht.

Tá na mór-údair ann – Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais, agus scríbhneoirí comhaimseartha, ina measc Peigí Rose, Fionntán de Brún, agus Annraoi Ó Liatháin.

“Meascán den sean agus den nua, den traidisiún agus den nuálaíocht, den tallan, den chruthaitheacht agus den chumas atá sa chnuasach seo a chuirfidh iontas ar dhaoine, a spreagfaidh caint ina measc agus, b’fhéidir, a tharraingeoidh raic eatarthu,” arsa urlabhraí Chló Iar-Chonnacht.

Sa leabhar freisin tá cabhair ar fáil do na léitheoirí siúd nár mhiste leo faobhar a chur ar a scian chriticiúil leis na nótaí cuimsitheacha atá curtha i dtoll a chéile ag an bhfear eagair.

Saothar léirmheastóireachta atá sa leabhar seo ina bhfuil 12 ghearrscéal agus neart nótaí ag dul leo chomh maith.

Posted in: Nuacht