Glacadh leis an RA riachtanach : PUP

Posted on Aibreán 22, 2013 le

1



Caithfidh náisiúntóirí na Sé Chontae glacadh go bhfanfaidh Tuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe go ceann i bhfad chun go mbeadh aon rath ar aon phróiseas athmhuintearais a deir an PUP.

6245936333_725c3bbe2c_z

Ceannaire an PUP, Billy Hutchinson

Tá gaol idir an PUP agus an drong dhílseach an UVF – a mharaigh 481 duine, go bhfios dúinn, le linn na dTríoblóidí, an mhórchuid acu sin ina gCaitlicigh neamhurchóideacha.

Tá an smaoineamh seo luaite i ndoiciméad nua dá gcuid dar teideal ‘Transforming the Legacy’.

“We understand the difficulties that the nationalist community faces given that the Union is secure and the prospect of a united Ireland is further away than ever,” a deir siad.

“However, there needs to be a recognition that for the foreseeable future Northern Ireland is an integral part of the United Kingdom and reconciliation needs to be sought in the context of that political reality.”

Posted in: Nuacht