Ní gá deireadh a chur leis an Chailín Gaelach

Posted on Aibreán 23, 2013 le

7



TUAIRIM le Ciara Ní Éanacháin – “Cailín na hArdcathrach”

Táim théis an t-alt seo a léamh. Tá an t-údar (Tomaí Ó Conghaile) ag argóint go bhfuil sé thar am deireadh a chur le Comórtas an Chailín Ghaelach, cé go bhfeiceann sé nach dubh ar fad atá an scéal.547382_502013279859821_868940173_n

Tar éis dom páirt a ghlacadh sa chomórtas, aontaím cinnte nach dubh ar fad atá sé, agus ní dóigh liom go bhfuil aon ghá deireadh a chur leis.

Leagann Tomaí béime ar chothromaíocht ina alt agus is maith an rud é sin. Ní bhíonn chuile duine sásta a dtuarimí a léiriú mar sin chun athraithe a speagadh.

Tuigim go breá go bhfuil orainn a bheith cúrámach sa lá atá inniu ann maidir le gnéasachas agus cothromaíocht.

Níl mé ag iarraidh aon sean-smaointe dáinséaracha a bhuanú. Ghlac mé páirt, áfach, sa chomórtas spraoiúil, dea-eagraithe atá Tomaí ag caint faoi ina alt agus ní dóigh liom go bhfuil sé cothú míchothromaíochta.

Ní ghlacfainn páirt ann dá mbeinn den tuairim sin, agus is dócha go mothaíonn an ochtar eile a bhí liom, chomh maith leis na cailín eile ar fud na tíre a chuir isteach ar an gcomórtas i mbliana, mar an gcéanna.

 Feicim Tomaí an leithscéal atá ag teacht, gur ‘píosa craice atá ann’, agus ní úsáidfidh mé an tseanleithscéal sin gan tacaíocht a thabhairt dó. Ar dtús, luaigh Tomaí nár cheap sé go bhfeicfimid Comórtas an Bhuachalla Ghaelaigh go luath, agus is léir nár chuala sé riamh faoi an ‘Stail Gaelach’ a bhí ar siúl cúpla mí ó shin?

Tuigim nach gcomórtas náisiúnta é (go fóill?), ach nach bhfuil cuma níos cothroime ar an scéal nuair atá a fhios agaibh go bhfuil comórtas den saghas céanna ann? Bhí cuid de na buachaillí a bhí sa lucht féachana ag Comórtas an Chailín Ghaelaigh thuas ar an ardán céanna, ag déanamh na rudaí céanna ‘don chraic’.

Níor mhaith le Tomaí mná a fheiceáil mar ‘mhaisiúcháin’ ar ardán ach ní hé sin a bhí i gceist. Bhí na hiomaitheoirí go léir páirteach sa chraic agus spraoi, ag déanamh agallamh, ag taispeáint tallann. Ní dhearna an lucht féachana glandearmad ar na buanna uilig atá ag na mná seachas áilleacht toisc go raibh siad páirteach sa chomórtas.

Mar shampla, imríonn leath de na hiomaitheoirí ar fhoireann na mban. Ní cheapaim go ndearna éinne dearmad gur pheileadóirí iad toisc go raibh siad ag caitheamh gúnaí agus ina seasamh ar ardán. Ba cheart go mbeadh muinín ag Tomaí as an lucht féachana, tá siad níos cliste ná sin.74876_413005855427231_160547590_n

Bhí a fhios ag cách a bhí i láthair go raibh fiúntas eile sna Cailíní Gaelaigh taobh amuigh den oíche amháin seo nuair a sheas siad ar an ardán don chraic.

Agus mura raibh fhios, agus más rud é go raibh fiú duine amháin suite sa lucht féachana faoin tuairim nach raibh fiúntas sna iomaitheoirí ach amháin a n-áilleacht, bhí an duine sin go hiomlán mícheart. Bhuail mé le seachtar gcailín cliste, muiníneach agus cumasach an oíche úd.

Dúirt Tomaí gur leagan ar na comórtais áilleachta sin sna Stát Aontaithe é. Nuair a bhuaigh mé fuair mé bláthanna, sais, agus coróin ach is é sin an t-aon rud amháin a cheap mé go raibh cosúil leis na comórtais áilleachta sin.

Nuair a bhíonn daoine ag gearrán fúthu, is é an phríomhfhadhb a bhíonn acu leo ná an babhta ‘swimwear’, an brú mór a bhíonn ar na cailíní coirp deasa a bheith acu, agus an mbealach atá na moltóirí ag díriú isteach ar choirp na mban. Bhuel, níor bhain éinne díobh a n-éadaí i gClub an Chonartha agus ní cheapaim go raibh na moltóirí ag braith ar áilleacht na mban chun buaiteoir a phiocadh.

Chun an fhírinne a rá, mhothaigh mé níos mó gur scigaithris a bhí i gceist leis na mbláthanna agus an choróin. An ócáid a bhí ann, oíche phlódaithe, chairdiúil i gClub an Chonartha, ní fhéadach sé a bheith níos difriúla de na comórtais sin ina mbraithnítear ar mhná leath-nocht ag siúil i gciorcail le miongairí go síoraí ar a n-aghaidheanna.

Tá an rud uilig tongue in cheek.

Fiú na postaeir a dearadh don oíche, ba scigaithris iad ar an ‘Lovely Girls Competition’ ó Father Ted, atá cheana féin ina scigaithris ar na comórtais áilleachta!

Is iontach an rud é cothromaíocht, agus bhí an ceart ag Tomaí, tá sé tábhachtach go mbeadh na gnéasanna cothrom. Ní ciallaíonn sin áfach, go bhfuil orainn deireadh a chuir leis an gcomórtas seo.

Tá foireann na mban anois ann, agus mná ag imirt peile. Tá an Stail Gaelach anois ann, agus fir ag glacadh páirte sa phíosa craice atá i gceist leis seo.

Dar liom is é réiteach na faidhbe ná an Stail a bhunú ar fud na tíre, ionas go mbeadh an craic againn uilig.

Posted in: Beatha, Tuairim