“Ní raibh bunús matamaiticiúil riamh le déine”

Posted on Aibreán 23, 2013 le

1



Dar leis an eacnamaí Paul Krugman, ní raibh bunús matamaiticiúil riamh le déine.

Paul_Krugman-press_conference_Dec_07th,_2008-7

An tOllamh Paul Krugman

Bhí Krugman ag scríobh, i gcolún atá ar fáil san ‘Irish Times’, tar éis gur léiríodh go raibh bun-bhotún matamaiticiúil déanta i saothar Reinhart-Rogoff – an bunús intleachtachle polasaithe déine.

“Mathematical foundations of austerity never added up” – Krugman

Tuigtear go ndéanadh bun-bhotún agus iad, nó taighdeoirí ag obair faoina smacht, ag baint úsáid as Microsoft Excel.

“Ar feadh trí bliana,” a scríobhann Krugman, “cuireadh iompú ar pholasaithe déine i láthair mar rud nárbh rogha é ach mar rud a bhí riachtanach.”

Mar sin féin, ní dóigh leis go mbeidh aon athrú ar an scéal, “gheobhaidh na ‘gnáth-amhrasáin’ píosa anailís eacnamaíochta amhrasach eile agus déanfar é a chanónú, agus leanfaidh an meathlú ar aghaidh is ar aghaidh.”

Féach chomh maith :

Reinhard agus Rogoff bréagnaithe

Posted in: Nuacht