Rory le bheith ina Éireannach

Posted on Aibreán 24, 2013 le

3



Tuigtear go mbeidh ar Rory McIlroy imirt mar Éireannach ag Cluichí Oilimpeacha Rio d’ainneoin nach measann sé féin gur Éireannach é.

th

Tuaisceart-Éireannach, an galfaire Rory McIlroy

Is ionann is cinnte go mbeidh air galf a imirt d’Éirinn agus ní don Bhreatain Mhór ag na cluichí tar éis   gur léirigh an Royal and Ancient (R&A), an dream atá i mbun chúrsaí gailf ar bhonn domhanda go raibh siad chun treoir a thabhairt dó, agus do Ghraeme McDowell, go mbeadh orthu imirt d’Éirinn.

Bhí McDowell ag iarraidh orthu an cinneadh sin a dhéanamh dó ach tá baol ann go fóill go roghnóidh McIlroy gan imirt ar chor ar bith – tá sé ráite aige cheana go bhfuil sé idir dhá thine Bhealtaine ar an ábhar.

Cé gur rugadh is gur tugadh in Ard Mhic Nasca i gContae an Dúin é Rory McIlroy, agus gur de bhunadh na nGael é, measann sé féin gur Tuaisceart-Éireannach agus Briotanach é féin.

Dúirt Peter Dawson, príomhfheidhmeannach an R&A inné go mbeadh an chéadrogha ag Éirinn ar ghalfairí Ultacha.

“I would very much like to take this burden of choice away from the player if we can possibly do it because it’s not fair to him,” a dúirt sé.

“I think he’s made it pretty clear in one or two pronouncements that he (McIlroy) is worried about it and the last thing we want is players worrying about this.

“I think, because of Rory’s history playing for Ireland at amateur level and, I think, at World Cup level, there may be a regulation within Olympic rules that would require him to stay with that,” added the Englishman, one of the most powerful driving forces behind golf’s return to the Olympic arena.

“There is a rule in the Olympics that a player who has represented one nation at a previous world championship for a certain country will carry on with them,” he explained.

Dar le McIlroy, mothaíonn sé féin “more British than Irish”.

“I just think being from where we’re from, we’re placed in a very difficult position.

“I feel Northern Irish and obviously being from Northern Ireland you have a connection to Ireland and a connection to the UK . . . there are three options I’m considering very carefully — play for one side or the other or not play at all because I may upset too many people,” a scríobh sé i litir chuig a chuid lucht tacaíochta anuraidh.

Posted in: Nuacht