Litir ón líne tosaigh : An t-aos óg

Posted on Aibreán 25, 2013 le

9



TUAIRIM le Ciarán Dúnbarrach

Tá mise i mo chónaí sa Spidéal le breis is trí bhliain anuas, Gaeltacht láidir ar go leor bealaigh í an Spidéal, ach san am sin uile go léir, níor chuala mé daoine óga as an cheantar ag caint i nGaeilge eatarthu féin ach dhá uair.

Ar an bhus lá amháin chuala mé beirt ag Gaeilgeoireacht, lá eile agus mé amuigh fá choinne siúlóid chuala mé fear óg ag baint úsáid as corrfhocal Gaeilge – ach ba léir go raibh sé díreach ag mess-áil thart is ag déanamh aithrise ar sheanfhear.

Is trí Ghaeilge a bhíonns an dá scoil ar an bhaile ag teagasc, mar sin féin, Béarla amháin a labhraíonn na daltaí eatarthu féin cé go bhfuil Gaeilge acu nach mbeadh ag mo leithéid choíche.

Ar ndóigh, téann corrdhuine ar scoil i nGaillimh agus déantar an Ghaeilge a sheachaint go hiomlán sa chaoi sin.

Mar sin féin, aisteach go leor, deirtear liom go bhfuil na daoine óga seo iontach báúil don Ghaeilge, agus go bhfuil siad bródúil go bhfuil an teanga acu agus gurb as an Ghaeltacht iad.

An_Spidéal_131104-1

Seanchéibh an Spidéil

Ach cheana, ní labhraíonn siad í.

Ní dhéanaimse aon bhreithiúnas orthu, is trua liom gurb é sin an cás. Ach tá cearta teanga acu, an ceart leis an Ghaeilge a dhiúltú san aíreamh.

“Bás sóisialta a bheadh ann,” a dúirt iardhalta Choláiste Chroí Mhuire, meánscoil an Spidéil, liom.

“Ní labhrófá an Ghaeilge sa scoil sin, outsider amach is amach a bheadh ionat.”

Ach an cainteoirí dúchais iad na daoine óga seo? An bhfuil siad ag séanadh a ndúchais nó díreach ag cloí le fíor-dhúchas s’acu – an Béarla?

Mar shampla, ní bhfuair ach 39.0% de theaghlaigh an cheantair Scéim Labhairt na Gaeilge iomlán in 2006.

Seo roinnt eolais ó Phlean Teanga an Spidéal

seo a leanas na príomhthátail a tháinig as an suirbhé ginearálta ar an bpobal maidir leis na teaghlaigh: Labhraíonn 29% de lánúineacha an Ghaeilge i gcónaí lena chéile. Tuairiscítear gurb í an Ghaeilge i gcónaí a labhraíonn 37% de thuismitheoirí (gach aoisghrúpa) lena ngasúir, go labhraíonn 8% acu Béarla i gcónaí, agus go labhraíonn 55% acu meascán den dá theanga. Is í an Ghaeilge i gcónaí a labhraíonn 32% den chlann mhac / iníonacha (in chuile aoisghrúpa) lena dtuismitheoirí. Labhraíonn 23% den chlann mhac / iníonacha (in chuile aoisghrúpa) an Ghaeilge i gcónaí sa teaghlach eatarthu féin. Astu siúd (daoine fásta) a tógadh le Gaeilge amháin (41%): Gaeilge amháin a labhraíonn 56% lena gcéile nó lena a bpáirtí Gaeilge amháin a labhraíonn 61% lena ngasúir. Labhraíonn 54% dá ngasúir an Ghaeilge lena dtuismitheoirí. Sa suirbhé ar na déagóirí, tuairiscíonn na déagóirí gurb í an Ghaeilge i gcónaí a labhraíonn 22% de na tuismitheoirí leo. Go hachomair, tógadh níos lú ná leath den phobal le Gaeilge nó le Gaeilge den chuid is mó agus ní labhraíonn ach beagáinín le cois a leath siúd an Ghaeilge i gcónaí lena bpáirtí. Is as taobh amuigh den Ghaeltacht iad 42% den daonra.

http://www.anspideal.ie/obair-reatha/plean-teanga-2-2/

“Tógadh níos lú ná leath den phobal le Gaeilge nó le Gaeilge den chuid is mó,”

“Is as taobh amuigh den Ghaeltacht iad 42% den daonra.”

Sin dá staitistic tromchúiseach.

Inimirce

Níor thuig mé riamh sular bhog mé anseo go raibh an méad sin eachtrannaigh ag cur fúthu anseo, ar imeall na hEorpa.

Tá go leor Éireannaigh as taobh amuigh den Ghaeltacht ag cur fúthu ann chomh maith, Gaeilgeoirí roinnt mhaith acu ach den chuid is mó, ní bhíonn acu ach Béarla.

Títear domsa go ndéanann eachtrannaigh níos mó iarrachta leis an teanga a fhoghlaim ná muintir na Galltachta.

Meallta anseo iad go léir ag an aigéan, an ailleacht agus stíl bheatha, monarchain an Údaráis agus thar aon rud eile is dócha, an ghrá.

Sráidbhaile idirnáisiúnta an Spidéal ar go leor bealaigh.

Mar a dúras, tá roinnt eachtrannaigh ar na Gaeilgeoirí is díograisí dá bhfuil ann. Mar sin féin, Béarla teanga choitianta na ndaoine seo, bímis ionraic faoi sin.

Mar gheall ar sin, cé go maireann an Ghaeilge mar theanga phobail, is í an Béarla teanga choitianta an phobail go léir.

Arís, ó phlean teanga an Spidéil.

Léiríonn an taighde gur pobal é pobal Cheantar an Spidéil ina bhfuil ardleibhéal inimirce agus soghluaiseachta i measc na n-áitritheoirí. Is as taobh amuigh den Ghaeltacht 52% de thuismitheoirí na ngasúr a ghlac páirt sa suirbhé. Tá impleachtaí móra ó thaobh stádas na Gaeilge mar phríomhtheanga phobail na háite ag baint leis an inimirce seo. Sa gcás nach ón nGaeltacht an bheirt tuismitheoirí, labhraíonn 23% acu Gaeilge lena gcuid páistí. Tuairiscíonn na déagóirí go bhfuil Gaeilge líofa nó Gaeilge mhaith ag 50% dá dtuismitheoirí. Léiríonn 56% de na déagóirí ag tuairisciú gur cainteoirí líofa Gaeilge iad, 36% gur cainteoirí maithe Gaeilge iad agus 8% gur cainteoirí measartha Gaeilge iad. Deir leath na ndéagóirí go bhfuil an cumas céanna iontu sa dá theanga. As an leath eile, deir trí cheathrú acu go bhfuil siad níos cumasaí ag déanamh comhrá i mBéarla ná mar atá siad ag déanamh comhrá i nGaeilge. Labhraíonn tuismitheoirí níos mó Gaeilge lena ngasúir ná mar a labhraíonn na gasúir lena dtuismitheoirí. Agus iad ag fás aníos, athraíonn go leor páistí ón nGaeilge go dtí an Béarla agus iad ag labhairt lena dtuismitheoirí, lena n-athair go mór mór. Tá ráta úsáide na Gaeilge eatarthu féin taobh amuigh den scoil thar a bheith íseal. I gcomhthéacs an teaghlaigh, tá úsáid na Gaeilge idir siblíní íseal. Bunaithe ar na fíricí a léirítear sa suirbhé, agus má leanann cúrsaí maidir le húsáid na Gaeilge i measc na ndaoine óga ar aghaidh mar atá, is caol an seans gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga phobail a bheas ag an nglúin atá le teacht.

“Is caol an seans gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga phobail a bheas ag an nglúin atá le teacht,” agus sin é, an buille marfach, an fhírinne lom.

Mar sin féin, tá sé tábhachtach gan an milleán a chur ar dhaoine atá ag bogadh isteach sa cheantar amháin, tá cainteoirí dúchais ann atá ag tógáil a gcuid páistí le Béarla amháin agus tá daoine ann a rugadh is a tógadh sa cheantar a roghnaíonn gan an Ghaeilge a labhairt níos mó.

Ní minic a fhágtar gan smaoineamh mé, ach nuair a chuirim an cheist orm féin, “Conas a chuirfeá aos óg an Spidéil ag gaeilgeoireacht?”, caithfidh mé an cheist a fhreagairt go hionraic.

Níl barúil dá laghad agam.

Bhí mé cineál dóchasach go mbeadh a fhios agatsa!

Alt bainteach

Cearta teanga : litir ón líne tosaigh

Posted in: Tuairim