Browsing All Posts published on »Bealtaine, 2013«

Naíolanna anois ina n-ábhair buaraimh do thuistí

Bealtaine 31, 2013 le

0

Tuairim le Seán Míchaél Ó Donnchadha Prime Time – A Breach of Trust, 28 Bealtaine 2013 – Chuir lucht Prime Time an clár seo amach mar thoradh ar fhiosrúchán a rinne siad faoi naíolanna éagsúla in Éirinn. Bhí trí naíolann ar fad i gceist i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin. Chuaigh taighdeoir amháin […]

Mamat ‘Úr’ faighte sa Rúis

Bealtaine 31, 2013 le

0

Maitiú Ó Coimín Tháinig eolaithe Rúiseacha ar mhamat atá suas is anuas le cúig míle déag bliain d’aois ar oileán iargúlta san Fharraige Artach – a bhfuil an fhuil ina leacht i gcónaí ann. D’fhógair eolaithe Chumann Geographic na Rúise a bhfionnachtan i ndiaidh dóibh teacht ar an mamat baineann. Fritheadh an corpán san oighear […]

FNT ar Chlár Primetime Investigates

Bealtaine 29, 2013 le

2

Baineadh siar as lucht féachána ‘Prime Time Investigates’ ar RTÉ aréir nuair a thaispeáin an clár físeáin de dhrochchleachtais agus drochíde i gcoinne pháistí i naíolanna. Seo a leanas aisfhreagras Forbairt Naíonraí Teoranta ar an chlár :  PREASRÁITEAS :Is ábhar buartha d’earnáil luathbhlianta na hÉireann an méid a bhí le feiceáil ar chlár Primetime 28 Bealtaine 2013. […]

Ábhar dóchais sna Beanna Boirche

Bealtaine 27, 2013 le

5

Litir ón líne thosaigh – ábhar dóchais sna Beanna Boirche Tuairim le Ciarán Dúnbarrach D’imigh mé liom ón Spidéal an deireadh seachtain seo caite agus chaith mé an Sathairn i gCaisleán Uidhlín, i gContae an Dúin, baile beag deas faoi bhun is faoi scáth na mBeann Boirche. Bhí mé ansin faoi choinne Scoil Samhraidh Shéamuis […]

An bhfuil Éireann ag feidhmiú mar thearmann cánach?

Bealtaine 24, 2013 le

2

Seán Míchaél Ó Donnchadha An bhfuil Éireann ag feidhmiú mar thearmann cánach? D’eascair an líomhain seo tar éis príomhfheidhmeannach Apple, Tim Cook a rá agus é  ag freagairt ceisteanna ós comhair Fochoiste De Seanad Mheiriceá le haghaidh Imscrúduithe [US Senate Subcommittee for Investigations] go bhfuair an comhlacht Apple socrú speisialta ó Rialtas na hÉireann, cáin […]

Scoil ‘Dhátheangach’ le cruthú?

Bealtaine 22, 2013 le

1

An bhfuil cineál scoile úr a chruthú? Tá Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe ag cur tús le próiséas maidir le tuairimí an phobail i dtaca le scoil ‘dhátheangach’ a reáchtáil i gCnoc na Cathrach, Gaillimh. Tá Cnoc na Cathrach sa Ghaeltacht oifigiúil cé gur lag an teanga sa cheantar, tá Gaeilge á labhairt ann ach […]

Bliain eile do Choláiste Chineál Eoghain

Bealtaine 22, 2013 le

0

Tá bliain eile d’aitheantas sealadach faighte ag Coláiste Chineál Eoghain, an t-aon meánscoil lánGhaeilge in Inis Eoghain. Bhí sé ina raic ag tús na bliana nuair a léiríodh go raibh sé ar intinn ag an Roinn Oideachais an scoil a dhruidim mar gheall ar ‘insufficient numbers’. Tá 25 dalta de dhíth don bhliain seo chugainn […]