‘Síle’ : Gearrscannán nua ar TG4 anocht

Posted on Bealtaine 1, 2013 le

0



Taispeánfar gearrscannán nua le Cathal Ó Cuaig ar TG4 anocht dar teideal ‘Síle’.

Is é Cathal, arbh as Carna dó, stiúrthóir an ghearrscannáin agus is é Ciarán Ó Cofaigh as Rath Cairn an léiritheoir.

Tá sé scríofa ag Séamus Moran.

Beidh sé le feiceáil ag 22:00 anocht agus athchraolfar é Dé Luain ag 24:25.

download

An Scéal

Is déagóir goilliúnach leochaileach í Síle (ÚNA NÍ FHLATHARTA) nach féidir léi glacadh lé bás a máthar agus atá caillte le chuma i ndiaidh an tsaoil shona a bhí acu le chéile.

Tá sí ina peata ag a athair Dónal (BEARTLA Ó FLATHARTA), rud a chothaíonn mí shuaimhneas in Áine (CAROLINE NÍ DHUBHCHÓIN), an bhean a bhfuil sé ag siúl amach léi.

Síleann Áine go bhfuil Dónal ag tabhairt an iomarca cead a chinn di. An bhfuil réiteach ar bith i ndán dóibh? Tugann an scannán ‘Síle’ cuntas macánta ar na deacrachtaí a bhíonn ag teaghlaigh an lae inniu nuair atá dara pósadh i gceist.

Scéal – An Scéim Maoinithe

Déanadh forbairt agus léiriú ar an scannán ‘Síle’ tríd an scéim forbartha ‘Scéal’ a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta.

Bhí sé thogra roghnaithe don scéim seo: Sodar, Bás Arto Leary, Eonín, Páirtnéir, Síle agus An Gadaí. Bhí deis ag na stiúrthóirí freastal ar cheardlanna le meantóirí cáiliúla ó shaol na scannánaíochta. I measc na meantóirí bhí Declan Recks (Eden) , Paddy Breathnach (Shrooms, I Went Down) agus Tom Collins (Kings).

Posted in: Beatha, Nuacht