Bréag : “Irish won’t get you a job”

Posted on Bealtaine 2, 2013 le

6



Ciarán Dúnbarrach

Is minic a chloistear an nath cainte “Irish won’t get you a job”, go háirithe sa Ghaeltacht, ach an fíor é?

St_Mary_s__Belfast_1917905i

Coláiste Naomh Mhuire, Béal Feirste, an coláiste a chuireann traenáil ar fáil don chuid is mó de mhúinteoirí Gaeilge agus múinteoirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge sa Tuaisceart

Thug an Tuairisceoir spléachadh ar ‘Irish News’ an lae inniu chun fáil amach agus ar ndóigh, poist sna Sé Chontae amháin a bheadh i gceist.

Mar sin, cá mhéad post a bhí ann ina bhfuil an Ghaeilge riachtanach meas sibh, ceann amháin, beirt?

Bheadh dul amú ort.

Tá 11 phost ann ina bhfuil an Ghaeilge riachtanach.

Ar ndóigh, poist mhúinteoireachta iad ar fad, mar sin féin. Is suntasach an méid é.

Posted in: Nuacht