Cailín (15) maraithe i dtimpiste bhóthair i Ros a’ Mhíl

Posted on Bealtaine 2, 2013 le

0



Fuair cailín óg, Leah Feeney, 15 bliana, bás aréir tar éis gur bhail carr í agus í amuigh faoi choinne siúlóid.

Tharla an timpiste seo i Ros a’ Mhíl, Conamara Theas, tuairim ar 9:45 i.n, gar do Thigh Terry.

Ba as an Cheathrú Rua í.

Glacadh go hOspidéal na Gaillimhe í, áit a bhfógróidh gur cailleadh í.

Níor gortaíodh an buachaill a raibh sí ag siúl leis nó an fear a bhí ag tiomáint an chairr.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a chonaic an timpiste chun teagmháil a dhéanamh leo i mBóthar na Trá ar 091-514720 nó ag stáisiún Garda ar bith.

Clibeanna:
Posted in: Nuacht