Amach liom ’na Galltachta

Posted on Bealtaine 5, 2013 le

0



Litir ón líne thosaigh le Ciarán Dúnbarrach

Tá mé ar saoire an deireadh seachtaine seo agus tá an líne thosaigh sa Spidéal tréigthe agam, amach liom ’na Galltachta féachaint an féidir aon dóchas don Ghaeilge a fháil ansin.

Thosaigh mé oíche Aoine le hoíche shóisialta i mbaile mór an Iúir, Co. an Dúin / Co. Ard Mhacha.

Bhí sé ar bun i dToigh Mhic Dhomhnaill, nó ‘The Railway Bar., i Sráid Mhuineacháin. Bíonn sé ar bun uair sa mhí.newry2

Caithfear a admháil, cé gur áit mhór poblachtach í deisceart Ard Mhacha agus go bhfuil traidisiún láidir ag CLG i ndeisceart an Dúin, tá an dá dhúiche seo, i mo thuairimse, taobh thiar de go leor ceantair ó thuaidh maidir leis an Ghaeilge de.

Tá leideanna áirithe ann go bhfuil sé sin ag athrú áfach.

Tá bunsraith de bhunscoileanna Gaelacha leagtha ar fud an cheantair agus i dtuaisceart Chontae Lú.

Cibé polaitíocht atá i réim i mBéal Feirste agus Baile  Átha Cliath, theip ar an chríochdheighilt muintir dheisceart Uladh agus Chontae Lú a scaradh ón chéile go hiomlán.

Tá infreastruchtúr leagtha chomh maith le Gaeláras an Iúir oscailte ar an Iúr agus ionad eile thoir in Áth na Long, Co. an Dúin.

Rud a dúradh liom anois, ná go bhfuil deis ann don teanga nach raibh ann riamh sa cheantar seo – Tá na hacmhainní ann ach iad a úsáid mar is ceart.

Is cinnte go bhfuil go leor daoine óga díograiseacha ó thaobh na Gaeilge de ar an bhaile seo agus sa cheantar máguaird – mar sin féin, tá barraíocht acu sin ar imirce nó goidte ag gluaiseacht na Gaeilge d’áiteanna eile.

Ní raibh aon easpa cainteoirí ‘líofa’ sa cheantar seo riamh, a bhuí do na scoileanna gramadaí ar an bhaile, iad uilig ar chaighdeán an-ard ar fad.

Mar sin féin, cé go bhfuil go leor cainteoirí den scoth sa cheantar seo, is léir dom go bhfuil leisce ar roinnt de na daoine seo an teanga a úsáid mar phríomhtheanga an tí, nó go sóisialta fiú.

Bilingual_welcome_sign_Newry

Tá polasaí dhátheangach ag Comhairle an Iúir agus Mhúrna

Is cosúla le scoláireacht ar an Laidin an cineál Gaeilgeoireachta seo, dá dtiocfadh linn an lipéid sin a chur air fiú.

Ar an lámh eile, tá go leor d’iar-dhaltaí na nGaelscoileanna thar a bheith sásta an Ghaeilge a labhairt mar theanga shóisialta, ach caithfear a admháil, agus chan masla é seo dar liomsa, gur ‘Gaelscoilis’ atá i gceist go minic.

Is fearr liom féin a bheith ag caint Gaelscoilise, caithfidh mé a rá, ná a bheith ag caint Béarla le duine a bhfuil scoth na Gaeilge aige nó aici.

Bhí go leor foghlaimeoirí ann ag an oíche shóisialta, agus foghlaimeoirí díograiseacha leis.

Chuala mé go mbíonn baicle acu ag taisteal suas go Cumann Chluain Árd i mBéal Feirste le Gaeilge a fhoghlaim – anois, sin díograis inspioráideach.

Ar ndóigh, gan an tairseach chriticiúil de chainteoirí líofa ar an Iúr, beidh sé deacair go leor ar bhunfhoghlaimeoirí líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach.

Ar aghaidh liom mar sin.

Ailt Bainteach 

Litir ón líne tosaigh : An t-aos óg

Cearta teanga : litir ón líne tosaigh

Posted in: Tuairim