Ióga as Gaeilge i gCluain Dolcáin

Posted on Bealtaine 7, 2013 le

0



Rang de chuid Óga Yoga in Ionad Cois Teallaigh i mBaile Átha Cliath.

Rang de chuid Óga Yoga in Ionad Cois Teallaigh i mBaile Átha Cliath.

Beidh deis ag pobal Chluain Dolcáin ióga a dhéanamh trí mheán na Gaeilge in Áras Chrónáin an tseachtain seo.

Is é Ciarán Mac Fhearghusa ó na Glaschnoic i dTamhlacht a bheas ag múineadh an ióga Dé Céadaoin an 8ú Bealtaine ag 8.00in.

Chuir sé spéis sa chleachtas Indiach naoi mbliana ó shin agus é ag imirt peil shinsir le Cumann Naomh Marcais i dTamhlacht.

Bhí gortú peilbheach agam ag an am agus thosaigh mé ar an yoga, rud a chabhraigh liom go mór. Láidríonn sé croílár na colainne agus íslíonn sé gortaithe athstraidhneála, gortaithe atá an-choitianta i measc peileadóirí.”

Tá buntáistí ag ióga do gach duine, dar leis. Tá sé cruthaithe go heolaíoch go laghdaíonn ióga an strus a bhíonn ar dhaoine, strus a chothaíonn drochshláinte go forleathan, arsa Ciarán.

Rinne sé dioplóma in Institiúid Ióga Maharata san India anuraidh agus tá ranganna ar siúl aige ó shin i leith.

Thosaigh sé ag múineadh san Ionad Cois Teallaigh ar Shráid Chill Dara agus beidh sé i gCluain Dolcáin an tseachtain seo chugainn.

Deis atá ann do dhaoine blaise a fháil den ióga agus deis atá ann chomh maith é a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.”

Mairfidh an rang san Áras uair agus 15 nóiméad agus tá costas €10 air.

Táthar ag dúil le cúrsa ióga a eagrú san ionad cultúrtha amach anseo, cúrsa in mbeidh cleachtadh yoga agus bia Indiach ar fáil do na rannpháirtithe.

Úsáideann Ciarán téarmaí ióg i dteanga ársa na hIndia, Sanscrait, agus i nGaeilge agus é i mbun múinte. Ní bheidh ar dhaoine a bheith líofa sa Ghaeilge le páirt a ghlacadh ann áfach óir tá sé éasca na treoracha a leanúint.

Mar aon leis an yoga tá neart imeachtaí eile ar siúl san Áras an mhí seo. Tá Gaeilgeoirí Chluain Dolcáin ag dul ar shiúlóid go Sliabh Corrach i gCill Mhantáin leis na Cnocadóirí Dé Domhnaigh 12 Bealtaine agus beidh siad ag bualadh le chéile don lón míosúil ar 25 Bealtaine.

Seans go mbeidh cloigeann tinn ar roinnt de na Gaeilgeoirí óir tá an ceathrú bhabhta den chomórtas tallainne, Fachtóir G, ar siúl san Áras an oíche roimh ré! Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí seo ón Áras ar 01 4574847 nó eolas@araschronain.ie.


 

Posted in: Nuacht