Conas atá ag éirí linn?

Posted on Bealtaine 10, 2013 le

4



Conas atá ag iarraidh linn leis ‘An Tuairisceoir’ an mhí seo, chun an fhírinne a rá leat, ní chomh maith sin ach bhíomar ag súil leis sin.

Mar thogra deonach, b’fheasach dúinn go gcaillfeadh ‘An Tuairisceoir’ fuinneamh go tapa agus é i gcomórtas leis na rudaí eile atá le déanamh ag daoine ina saol.teamwork

Tá trácht tite go suntasach an mhí seo ach tá súil againn greim a fháil ar chúrsaí go luath agus leanfaidh muid ar aghaidh ag iarraidh cur leis an suíomh, tá ag iarraidh linn post nua a chur suas beagnach gach uile lá.

Ach d’éirigh go han-mhaith ar fad linn i mí Aibreáin.

Bhí 19,221 radhairc ar an suíomh seo sa mhí sin agus níos suntasaí arís bhí 4,556 cuairteoirí ar leith againn, ábhar broid ab é sin.

Ach is féidir LEATSA cabhrú linn, fáilte roimh scríbhneoirí úra i gcónaí! 

Posted in: Nuacht