Mionúir Átha Cliath agus Loch Garman le himirt i DCU

Posted on Bealtaine 10, 2013 le

0



cyrilkevlihan

Cyril Kevlihan

Ciarán Mac Fhearghusa

PEIL : Tabharfaidh mionúir Bhaile Átha Cliath aghaidh ar Loch Garman an Satharn beag seo i gcluiche ceathrú ceannais de chraobh Laighin i DCU ag 3 i.n.

Tá trí athruithe déanta ag bainisteoirí na hardchathrach don choimhlint seo ón mbua a bhí acu ar an Lú le déanaí. Tosóidh Con Ó Ceallacháin istigh i lán tosach. Bhí Con mar laoch na himeartha i gcoinne an Lú tar éis dó teacht isteach san choimhlint mar ionadaí deireanach chun an scór cinniúnach a aimsiú in am breise.

Tabharfaidh bainisteoir Cyril Kevlihan deis do David McGrath agus Martin Cahalan chun iad a chruthú. Beidh comhghuaillíocht nua láidir agus aclaí i lár páirce le Sam Molony agus Eoghan O’Donnell, beirt a d’imir sa bhua a bhí ag iománaithe Uíbh Fhaillí an tseachtain seo chaite.

Foireann Áth Cliath atá le tosú: L Molloy; M Cahalan, J Mullins, E Murchan; A Byrne, T Hanafin, C Kavanagh; S Molony, E O’Donnell; A Foley, C Basquel, G Gallagher; M Deegan, C Ó Ceallacháin, D McGrath.

Posted in: Nuacht