Alex Ferguson – Ní bheidh a leithéid ann arís

Posted on Bealtaine 11, 2013 le

0



Seán Míchaél Ó Donnchadha

Beidh Alex Ferguson ag dul ar scor ag deireadh an tséasúir sacair taréis 26 bhliain i gceannas ar Fhoireann Manchain Aontaithe in ar bhuaigh sé 38 trófaí, an bainisteoir is rathúla riamh a stair sacar na Breataine.

_65087790_65087788

Alasdair Mac Fhearghuis

Dúirt Alex Ferguson gur dhein sé dian-mhachnamh ar an gcinneadh agus go raibh an tam ceart. Deirtear go mbeidh sé ag dul fé scian san fhómhar le haghaidh athchur cromáin [hip replacement].

 Ó tháinig sé i gceannas ar an gclub i 1986 bhuaigh siad Trí Phríomh-Roinne Déag, cúig Chorainn FA agus Sraith na Seaimpíní faoi dhó. Beidh Ferguson ag feidhmiú sa todhchaí mar stiurthóir ar an club agus suíocháin aige ar an mbord.

David Moyes

D`fhogair an club De Chéadaoin go mbeidh David Moyes, Albanach eile ag teacht i gcomharbacht ar Alex Ferguson. Mhol Alex Ferguson don club an post a thabhairt do David Moyes. Thairg Ferguson an post mar leas –bhainisteoir ar Mhanchain Aontaithe do Moyes comh fada siar le 1998.

Bhí David Moyes ina bhainisteoir le hEverton ar feadh 11 bhliana agus £4K STG á thuilleamh aige. Níor bhuaigh Moyes aon thrófaí le hEverton ó chuaigh sé i gceannas ortha in 2002  ach chobhsaigh [stabilise] sé an club agus tar éis níos mó na deich mbliana a bheith i gceannas níor chríochnaigh Everton taobh amuigh den deichniúr is fearr ach dhá bhliana.

Comh maith leis sin cháiligh siad do Sraith na Seaimpíní bliain amháin agus shroicheadar Cluiche Cheannais Choirn FA.

Beidh sé ag tosnú le Manchain Aontaithe ar an 1ú lá Iúil agus beidh inchur aige ar aon aistrithe a ndéanfar i mbliana. Caithfidh sé deileáil le Wayne Rooney atá taréis iarratas ar aistriú a thabhairt d`Alex Ferguson níos túisce i mbliana.

Tá úinéireacht ar Manchain Aontaithe ag Clann Glazer ó Mheiriceá agus tá siad liostaithe ar Stoc Mhalartan Nua Eabhrach. Dúirt Avie Glazier, comh-chathaoirleach an club go raibh obair na gcapall déanta ag Alex Ferguson do Manchain Aontaithe ar feadh 26 bhliana agus gur mhaith leis an chlann go mbeadh sé páirteach leo sa todhchaí. Sin an chúis gur ofráil siad suíochán do ar an mbord.

Tá an fógairt oifigiúil go bhfuil Alex Ferguson ag imeacht taréis sruth omóis a mhealladh ina threo. Dúirt Uachtarán FIFA Sepp Blatter go bhfuil na héachtaí go léir atá Ferguson tar éis a bhaint amach tar éis áit i measc na “Laoich” a thuilleamh dó.

Cé gur raibh baint ar Ferguson le Páirtí an Lucht Oibre thug an tAire Spórt Hugh Robertson agus an Príomh Áire David Cameron ómós do le linn díospóireacht  sa  Pharlaimint i Westminister.

Dúirt a lán de shean laochra Manchain Aontaithe daoine cosúil le Bobby Charleton, Denis Law, Roy Keane  agus Brian Robinson gurbh é Ferguson an bainisteoir is fearr riamh.

Nuair a tháinig Ferguson do Manchain Aontaithe 26 bhliain ó shoin i  1986 taréis comórtas  Eorpach a bhuachan le hObar Dheathain [Aberdeen], bhí siad in ísle bhrí. Thóg sé cúpla bhliain do Ferguson sarar bhuaigh  sé trófaí,  Corn an FA  i 1990. Bhuaigh siad an Chéad Comórtas Príomh Roinn i 1993, a chéad bhua ó  1967.

Dúirt Alex Ferguson go raibh sé buíoch do Bobby Charleton agus an Bord a thug tacaíocht do ag an am sin chun cumann peile seachas foireann peile a thógáil.

Dúirt sé freisin gur  thug Clann Glazier an ardán dó sna deich mbliana atá thart chun bainistiú a dhéanamh ar fhoireann Machain Aontaithe comh maith agus ab  fhéidir liom. Tá sé íorónta anois nach bhfaighidh comharba Ferguson David Moyes ceithre bhliana chun trófaí a bhuachain.

Posted in: Spórt