Tacaíocht níos mó ná mar a shíleadh don Ghaeilge in Albain

Posted on Bealtaine 13, 2013 le

1



Is minic, ag léamh ábhar ar líne nó leathanach na litreacha i bpáipéar Albanach, go síleadh duine go bhfuil gráin ag formhór mhuintir na hAlban don Ghaeilge thall, léiríonn fianaise nua nach bhfuil sé sin fíor áfach.

Dar le heolas úr ó shuirbhé ‘Scottish Social Attitudes 2012’, creideann 48% d’Albanaigh gur cheart go mbeadh páistí ábalta dul chuig scoil ina dteagasctar na hábhair trí mheán Ghaeilge na hAlban seachas trí Bhéarla.Alba02

Shíl beagnach leath acu siúd a ghlac páirt sa suirbhé, as 1,229 duine san iomlán, gur chóir go mbeadh an ceart ag daltaí freastal ar aonaid lánGhaeilge – beag beann ar cibé áit ina bhfuil siad ina gcónaí.

Shíl 91% acu gur chóir go mbeadh an ceart céanna ag tuismitheoirí in áiteanna ar nós Eileanan an Iar ina bhfuil Gaeilge na hAlban fós á labhairt go coitianta, ní raibh acu 8% i gcoinne an cheart chun oideachas lánGhaeilge áit ar bith in Albain.

Dúirt breis is tríú chuid acu (34%) gur chóir go mbeadh daoine ábalta Gaeilge a labhairt le lucht leighis ar fud na hAlban agus dúirt 71% gur chóir go mbeadh an ceart seo ann i gceantair ina labhraítear Gaeilge. Níor ghlac 27% leis sin áfach, beag beann ar cibé áit ina bhfuil an duine.

Dúirt 76% go raibh siad den tuairim go raibh Gaeilge na hAlban ina “important part of Scottish heritage”, dúirt 86% gur shíl siad go raibh sí mar chuid thábhachtach d’oidhreacht na Gaeltachta agus na nOileán agus dúirt 24% gur shíl siad go raibh sé mar chuid d’oidhreacht s’acu féin.

Dúirt an tOllamh Lindsay Paterson ó Ollscoil Dhún Éidinn, a bhí i mbun an taighde seo, “These results show widespread support for Gaelic, probably much more extensively than is often supposed.

“The results also confirm that official efforts by Scottish governments of all political parties to raise the visibility and status of Gaelic are having an effect.

“We can safely say that Gaelic is regarded now as an important part of Scottish culture.”