Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill

Posted on Bealtaine 14, 2013 le

1



Beidh Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill ar siúl an deireadh seachtaine seo i gCaisleán Uidhlín, Co. an Dúin.

Ceiliúradh is ea an fhéile litríochta seo ar an scríbhneoir Gaeilge Séamus Ó Néill, 1910-1981, a rugadh sa dúiche seo.

images

Dún Éigse

Tá an ócáid á reáchtáil ag an chumann Gaeilge áitiúil, Glór Uachtar Tíre.

Is fearr aithne ar Shéamus Ó Néill mar scríbhneoir an dá úrscéal, ‘An Tonn Tuile’ ag’s ‘Máire Nic Artáin’ go háirithe.

Is féidir tuilleamh a fháil amach faoi Shéamus Ó Néill ANSEO.

Dé hAoine, beidh go leor imeachtaí do pháistí ann le ‘Scéaltaí Mara’, seó puipéid le Gearóidín Ní Bhrolcháin agus Anna Scott, dráma darb ainm ‘An Crann Taíbhse’ le Club Dráma Bhunscoil Bheanna Boirche agus beidh daltaí na bunscoile ag canadh faoi stiúradh Dhoimnic Mac Giolla Bhríde.

Oíche Dé hAoine beidh ceolchoirm ann, ‘Non, Je ne Regrette Rien, Piaf/Brel’, tionscadal é seo de chuid IMRAM.

Lá mór filíochta agus léachta a bheas ann Dé Sathairn ag críochnú le ceolchoirm le Gráinne Holland ag tabhairt tacaíochta do Bhreanndán Ó Beaghlaoich agus Laoise Kelly.

Beidh na himeachtaí ar siúl i nDún Éigse agus sa ‘Lodge & Hillyard House’ ar an bhaile.

Is féidir an clár iomlán a íoslódáil ANSEO.

Posted in: Nuacht