Canablacht agus Barbarthacht sa tSiria

Posted on Bealtaine 15, 2013 le

1



Amhras a léiriú faoi thacaíocht an Iarthair do reibiliúnaithe na Siria

Tá déistin á léiriú ar fud an domhain tar éis gur thaispeánadh físeán de cheannfort ghrúpa reibiliúnach sa tSiria ag ithe chroí shaighdiúir rialtais marbh.

Tá tacaíocht rialtais an Iarthair don éirí amach seo i gcoinne rialtas Bashir Al-Assad faoi scrúdú chomh maith mar gheall ar an fhíseán seo.

Syrian Cannibal Rebel

Croí shaighdiúra mhairbh á ithe ag ceannfort reibiliúnach sa tSiria

Léiríonn an físeán reibiliúnach ag gearradh croí nó scamhóga shaighdiúra mhairbh amach le scian agus ansin ag baint greim as.

Bhí amhras ann faoi údaracht an fhíseáin ag an tús ach tá an t-amhras sin imithe anois agus an eachtra seo admhaithe ag ceannfort reibiliúnach darb ainm Khaled al-Hamad.

Is ceannfort é al-Hamad ar ghrúpa armtha darb ainm ‘Omar al-Farouk’.

Ar ndóigh, níl a leithéid ann mar ‘Free Syrian Army’ agus ní raibh riamh. Cumadóireacht mheáin chumarsáide an Iarthair a ba é sin.  Ní bhacann mórán leis an chur síos ‘pro-democracy fighters’ níos mó.

Níl i gceist i ngrúpaí reibiliúnacha na Siria ná dronganna éagsúla atá an-éagsúil óna chéile, aontaithe ag fuath do rialtas Al-Assad amháin agus go pointe ag a gcreideamh, an leagan Sunnaíoch d’Ioslam.

Níl aon struchtúr ceannasaíochta míleata lárnach ann.

Tá coireanna cogaidh coitianta ar an dá thaobh den choimhlint seo le físeán déanta ar ghutháin póca ag léiriú na n-uafás seo don saol mór.

Posted in: Nuacht