Iosrael réidh leis an tSiria a ionsaí arís

Posted on Bealtaine 16, 2013 le

0



Israeli Air Force F-16 (2)

F-16 (2) de chuid Aerfórsa Iosrael – níl aon chumas ceart ag an tSiria í féin a chosaint ó ionsaithe ó eitleáin den chineál seo.

Tá sé curtha in iúl ag feidhmeannach sinsearach Iosraelach go bhfuil an stát Giúdach ag déanamh a machnaimh maidir le tuilleadh ruathair míleata a dhéanamh ar an tSiria – agus thug sé bagairt go mbeadh iarmhairtí troma ann dá ndéanfadh an tSiria frithionsaí ar Iosrael.

“Israel is determined to continue to prevent the transfer of advanced weapons to Hezbollah,” a dúirt sé in agallamh leis an ‘New York Times’.

Dhiúltaigh sé a ainm a thabhairt.

“The transfer of such weapons to Hezbollah will destabilize and endanger the entire region.”

“If Syrian President Assad reacts by attacking Israel, or tries to strike Israel through his terrorist proxies, he will risk forfeiting his regime, for Israel will retaliate,” a dúirt sé.

Féach chomh maith 

Canablacht agus Barbarthacht sa tSiria

Posted in: Nuacht