Buaiteoirí na nGradam Cumarsáide

Posted on Bealtaine 18, 2013 le

1



 ‘Lón sa Spéir’ molta go hard na spéire ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

PREASRÁITEAS : Bliain den scoth a bhí ann don chomhlacht léiriúcháin Sónta Teo. agus dá bhunaitheoirí Éamonn agus Seán Ó Cualáin, atá ag ceiliúradh tar éis dóibh Gradam Cumarsáide Oireachtais a fháil sa chatagóir ‘Clár Teilifíse na Bliana’ don chlár faisnéise ‘Lón sa Spéir’.

Is í Fionnuala Flanagan atá ag déanamh na reacaireachta sa chlár seo agus, de thoradh conradh dáileacháin sna Stáit Aontaithe atá díreach sínithe ag an mbeirt deartháireacha, beidh an clár á thaispeáint ar fud Mheiriceá.

316189_495842303804130_124569826_n

Seán Tadhg Ó Gairbhí – buaiteoir Iriseoir/Colúnaí na Bliana

Is é Aengus Mac Grianna ó RTÉ a bhí ina Fhear an Tí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhí ar siúl in Óstán Galway Bay, Dé hAoine, 17 Bealtaine 2013, áit ar tugadh aitheantas agus ómós do láithreoirí, aisteoirí, iriseoirí agus lucht déanta clár teilifíse agus raidió a rinne cion thar na bearta in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge le dhá mhí dhéag anuas.

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais (Gradam Saoil) ar an iarchraoltóir Pat Butler as an ionchur luachmhar a rinne sé ina 36 bliain de chraoltóireacht, ag léiriú agus ag cur i láthair flúirse clár Gaeilge ar ardchaighdeán do RTÉ agus TG4.  Bhí Pat ina léiritheoir, láithreoir agus tuairisceoir agus d’oibrigh sé ar chláir éagsúla, Youngline, Féach, Today Tonight agus Léargas ina measc.

Is iad Maggie Breathnach agus Pascal Cassidy de chuid Redshoe Productions a rug leo an gradam sa chatagóir ‘Sraith Teilifíse na Bliana’ don tsraith ealaíon ‘Imeall’ agus fógraíodh an láithreoir teilifíse agus iar-pheileadóir Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, mar Craoltóir Teilifíse na Bliana as a chur i láthair ar an gclár spóirt seachtainiúil ‘Seó Spóirt’ ar TG4. Bhuaigh Tara Breathnach a ghlacann ról Tina O’Dowd ar Ros na Rún Gradam Aisteoir na Bliana.

Thug Cormac Ó hEadhra ó RTÉ Raidió na Gaeltachta dhá ghradam abhaile leis. Is sé a fuair Gradam Chraoltóir Raidió na Bliana agus bhuaigh an seó a bhíonn aige ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ‘Cormac ag a Cúig’, an gradam Clár Raidió na Bliana.

Bhí an-oíche ag Raidió na Life, stáisiún raidió pobail bunaithe i mBaile Átha Cliath, a rug leis dhá ghradam – Gradam Speisialta ón Oireachtas mar aitheantas don stáisiún ar fiche bliain faoi bhláth i

mbliana agus, chomh maith leis sin, bronnadh an gradam nua atá ag an Oireachtas, Gradam Láithreán Gréasáin na Bliana ar an stáisiún freisin.

I gcatagóir na meán clóite, bronnadh an gradam Iriseoir na Bliana ar Sheán Tadhg Ó Gairbhí, an t-eagarthóir nuacheaptha ar an iris liteartha, Comhar.  Scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí don Irish Times freisin.

“Ba mhaith liom tréaslú leis na buaiteoirí uile,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Is iontach an rud é a bheith ag ceiliúradh 20 bliain craolacháin Raidió na Life agus tá ríméad orm gur thug siad leo an gradam nua atá againn i mbliana do Láithreán Gréasáin na Bliana. Déanaim comhghairdeachas freisin le Pat Butler a bhfuil Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais tuillte go maith aige. Tá ionchur ollmhór déanta aige sna meáin chumarsáide Gaeilge agus, lena chur chuige sainiúil i ngach aon ghné den chraoltóireacht a thóg sé air féin, bhí sé lárnach i leagan síos caighdeán agus dea-chleachtas sa cheird,” a dúirt sé.

Tuilleadh eolais:

Úna Ní Chárthaigh, Stillwater Communications         Natasha Fennell, Stillwater Communications

T: 01 677 0630     M:086 3375050                             T: 01 677 0630     M:087 2904658

R: una@stillwater.ie                                                            R: natasha@stillwater.ie

Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí

 

1. TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

Lón sa Spéir                   (Sónta Teo. do TG4)

2. TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA            

Imeall               (Redshoe Productions do TG4)

3. TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA                                    

Dara Ó Cinnéide (Seó Spóirt, TG4)

4. AISTEOIR NA BLIANA

Tara Breathnach (Tina O’ Dowd, Ros na Rún)

5. RAIDIÓ: CLÁR/ SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

Cormac ag a Cúig           (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

6. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA

Cormac Ó hEadhra         (Cormac ag a Cúig, RTÉ Raidió na Gaeltachta)

7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA

Seán Tadhg Ó Gairbhí     (Comhar, Irish Times)

8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA         

www.raidionalife.ie         Raidió na Life

9. BUAIC-GHRADAM CUMARSÁIDE

Pat Butler

10. GRADAM SPEISIALTA

Raidió na Life – 20 bliain ar an aer

Posted in: Nuacht