An gcaithfidh an todhchaí roinnte a bheith gallda?

Posted on Bealtaine 22, 2013 le

1



TUAIRIM LE CIARÁN DÚNBARRACH

Is cuimhin liom a bheith ag éisteacht le hacadúlaí Iosraelach ag rá go mbíonn daoine i gcónaí ag rá leis;

“Nach mór an trua nach féidir leis na hIosraelaigh agus na Palaistínigh díreach suí síos agus labhairt le chéile. Dá mbeadh aithne acu ar a chéile bheadh fadhbanna an mheánoirthir réitithe.”

Dar leis go bhfuil an dearcadh sin saonta soineanta amach is amach. Dar leis go bhfuil sé bunaithe ar mhí-thuiscint an-mhór. Maíonn sé go bhfuil aithne an-mhaith ag an dá threibh sin ar a chéile agus go bhfuil fios acu go díreach cad atá an dream eile á iarraidh agus cén fáth.

National Identity Majorities and Pluralities

Féiniúlachtaí náisiúnta ó thuaidh – íomhá ón suíomh dhátheangach http://ni2011censusuk.webs.com/2011 (Anailís ar dhéimeagrafaíocht Thuaisceart Éireann bunaithe ar Dhaonáirimh 2001 agus 2011 na RA)

Tá macalla den tsoineantacht sin le fáil sna Sé Chontae. Tá an ‘Shared Future’ mar a déarfá a bhrú chun tosaigh ag daoine meánaicmeacha a chreideann gur ar an lucht oibre atá an locht ar fad agus dá mbeadh aithne ag daoine ar an dá thaobh den na hísealaicmí seo ar an chéile go socródh sé gach rud a chuir Comhaontú an Chéasta ar an mhéar fhada.

Tá an dearcadh sin soineanta, seafóideach agus bunaithe ar aineolas mar níl aithne nó tuiscint ag roinnt mhaith den mheánaicme ó thuaidh ar an lucht oibre.

Déanta na fírinne, tá aithne mhaith ag an lucht oibre ar an chéile, seans nach bhfuil aithne pearsanta acu ar a chéile i gcónaí ach tá fios acu ar an ‘taobh eile’ mar a déarfá.

Téann siad ar an ‘teic’ le chéile, bíonn siad ag obair le chéile agus bíonn siad ina gcónaí an-ghar le chéile.

Ach cinnte, tá ballaí arda eatarthu. Tá daoine áirithe ag iarraidh go mbainfear aníos na ballaí sin láithreach.

Ach más féidir liom daoine níos uaisle ná mise a cheistiú, cé hiad muintir na n-ghettos meánaicmeacha seo chun a rá le daoine go gcaithfeadh siad maireachtáil gan na ballaí sin?

Seans nach mbeadh siad iad a leagan go láithreach dá mbeadh orthu ‘house-swap’ a dhéanamh? Ballaí níos airde a bheadh uatha sa chás sin dar liomsa.

Ach ná bíodh aon mhí-thuiscint ann, rud maith a bheadh ann mar thodhchaí roinnte gan dabht. Ar ndóigh, tugtar ‘Together Building a United Community’ ar stráitéisí OFMDFM anois, teanga Orwell-ach a húsáid chun an fhírinne a chur faoi cheilt – go bhfuil straitéisí na todhchaí roinnte á maolú i rith an ama.

Ach ní ceart smaoineamh gur drochrud é sin amach is amach – bheadh seans níos fearr go mbeadh rath ar iarrachtaí chun daoine a thabhairt le chéile dá mbeadh siad bunaithe ar chuspóirí réalaíocha seachas ar sheafóid ceaptha faoi dhuilleoga móra na bhfo-bhailte.

th

Comhartha sráide dhátheangach in Iarthar Bhéal Feirste – an mbeadh áit don chineál cothramaíocht seo sa todhchaí roinnte?

Mar sin féin, tá pleananna an Alliance Party mar shampla lán-dairíre. Ní dóigh liom go bhfuil na páirtithe eile ar dhóigh ar bith dáiríre faoin ábhar áfach.

Chan fheil ann ach cogadh cultúrtha don DUP agus cha déanann siad mórán iarracht chun sin a choinneáil faoi rún. Bealach eile leis an Chaitliceachas agus leis an ghaelachas a chur faoi chois. “Todhchaí roinnte Briotanach” atá geallta ag an DUP.

Ach ar an taobh náisiúnach, tá cur i gcéill eile ar bun. Tuigeann náisiúntóirí go rí-mhaith cad atá ar bun ag na haontachtóirí, go bhfuil teanga na todhchaí roinnte ‘hijackáilte’ acu. Mar sin, caithfidh siadsan ligin orthu go bhfuil siad ar fad go mór ar son na todhchaí roinnte – ach níl.

Cén fáth a vótálfadh turcaithe don Nollaig?

Tá sé mar aidhm ag náisiúntóirí Éireannacha iad féin a choinneáil scartha ón Bhreatain agus ón Bhriotanachas. Dar le haontachtóirí, sin é eithne na faidhbe, agus ar bhealach, tá an ceart acu.

Mar chuid den todhchaí roinnte atá molta ag an DUP, cuir i gcás, bheadh deireadh le scoileanna Caitliceacha, agus Gaelscoileanna ar ndóigh.

Níl Sinn Féin nó an SDLP go háirithe dul ligin dó sin – mar sin féin, leanann siad ar aghaidh ag tabhairt tacaíocht béil don todhchaí roinnte.

Creidim go bhfuil botún a dhéanamh ag náisiúntóirí áfach agus ba cheart dóibh iarraidh as.

Ba cheart dóibh a bheith iomlán soiléir leis na haontachtóirí, tá cothrom na Féinne agus áit cheart do chultúr na nGael riachtanach mar chuid de thodhchaí roinnte ar bith.

Níl i gceist sa Todhchaí Roinnte atá molta ag aontachtóirí agus an Alliance ach péindlíthe úra agus iarracht as an nua ar an ghalldú – ach is é comhshamhlú an fhadhb, ní an réiteach.

B’fhearr go mór todhchaí roinnte nua a cheapadh bunaithe ar ghlacadh go bhfuil dhá phríomhchultúr ann ó thuaidh agus gur ceart go mbeadh cothromas eatarthu.

Ach faoi láthair, níl mé chomh dóchasach sin, agus mé ag ullmhú an phíosa seo, rinne mé teagmháil le polaiteoir de chuid eite liobrálach an Alliance Party, agus fiú ansin, dar leis go gcaithfear comharthaíocht Ghaeilge a bhaint de na ballaí mar chuid den todhchaí roinnte.

Féach chomh maith 

‘An Péindlí Deireanach’

Posted in: Tuairim