An bhfuil Éireann ag feidhmiú mar thearmann cánach?

Posted on Bealtaine 24, 2013 le

2



Seán Míchaél Ó Donnchadha

An bhfuil Éireann ag feidhmiú mar thearmann cánach? D’eascair an líomhain seo tar éis príomhfheidhmeannach Apple, Tim Cook a rá agus é  ag freagairt ceisteanna ós comhair Fochoiste De Seanad Mheiriceá le haghaidh Imscrúduithe [US Senate Subcommittee for Investigations] go bhfuair an comhlacht Apple socrú speisialta ó Rialtas na hÉireann, cáin de 2% a íoc ar bhrabús na comhlachta, nuair a tháinig Apple go hÉireann i 1980.1334903025

Dar leis an Fochoiste tá Apple tar éis úsáid a bhaint as an socrú seo chun na billiún de cháin a shábháil go dleathach ar a chuid brabús mór thimpeall na cruinne. Shean an Taoiseach Enda Ó Cionnaith go raibh an socrú seo idir Rialtas na hÉireann agus Apple ar bhun go fóill agus dúirt se go raibh córas féinmheasúnú trédhearcach[transparent self assessment system] i bhfeidhm ina íocann gach comhlacht cáin chorparáideach de 12.5%.

Ag labhairt dó De Chéadaoin tar éis cruinniú den Choimisiún Eorpach, inar phléadh ceist imghabháil cánach, dúirt an Taoiseach nach ndéanann an tír seo aon socraithe speisialta le haon comhlacht faoi ráta cánach ach go bhfuil ráta 12.5% i bhfeidhm agus go bhfuil sé trédhearcach agus de réir dlí.

Ag na hÉisteachtaí i Washington, mhaígh na Seanadóirí John McCain agus Carl Levin go raibh Apple ag úsáid Éire  chun seachaint cánach [tax avoidance] agus go raibh fochomhlacht amháin den comhlacht Apple atá corpraithe [incorporated] in Éirinn tar éis gan cáin ar bith a íoc ar ioncam €23.3 Billiún idir 2009 agus 2012.

Níor íoc fochomhlacht eile corpraithe in Éirinn ach ráta cáin de 0.05% ar €57 Billiún thar an tréimhse céanna. Sa bhliain 2012 bhain Apple úsáid as Éirinn gan cáin de €7 billiún a íoc sna Stáit Aontaithe.

Dúirt Mr Levin gur tearmann cánach í Eire agus go raibh sé mícheart go bhféadfadh comhlacht Meiriceánach a chuid brábús a aistriú go tearmann cánach chun a dhliteanas cánach a sheachaint.

Sé atá i gceist anseo ná seachaint cánach [tax avoidance] atá dleathach agus ní imghabháil cánach [tax evasion] atá mídhleathach. D`aontaigh na Seanadóirí nach raibh aon rud mídhleathach i gceist ag Apple.

Dúirt Tim Cooke go n-íocann Apple ráta cáin chorparáideach de 30.5% ar brabús a thuileann siad i Meiriceá. Dúirt se go raibh ráta íseal ag Apple taobh amuigh de Mheiriceá ach bhain sé seo le tairgí a díolann siad taobh amuigh de Mheiriceá.

Baineann an pleanáil cánach seo le cearta maoine intleachtúla [intellectual property rights or IP]  agus an tslí a láimhseáiltear é.

Tá 4,000 fostaithe ag Apple in Éirinn, áit a bhfuil 4% dá bhfostóirí agus 1% da gcustaiméirí. Íocann comhlacht Apple in Éirinn cíos do na  cearta maoine intleachtúil do comhlacht Apple a bhíodh lonnaithe i dtearmann cánach cosúil le Bermuda nó  na hOileáin Bhriotanacha na Maighdean [British Virgin Islands] agus nach bhfuil aon cháin le n-íoc ann. Ní bhíonn ach fíorbheagán brabús fágtha ag an comhlach Apple in Éirinn ag a bhfuil ráta cáin chorparáideach de 12.5% agus sin an fáth nach n-íocann siad ach 2%.

Bíonn ar gach comhlacht Meiriceánach atá liostaithe ar Stocmhalartan Nua Eabhrach cuntas a sheoladh go dtí an Coimisiún Mhalartán na nUrrús [Securities and Exchange Comission -SEC] gach bhliain.

Ní maith le Apple a admháil go raibh  a fochomhlachtaí do na cearta maoine intleachtúla suite i dtearmann cánach cosúil le Bermuda agus na hOileáin Bhriotánacha na Maighdean agus sin an fáth go bhfuil an dhá fochomhlacht siúd nár íoc beagnach aon cháin in Éirinn ar €80.3 Billiún anois corpraithe in Éirinn.

Fé dhlithe cánach na hÉireann ní mór do chuideachta a bheith lonnaithe in Éirinn [resident in Ireland] chun dliteanas cánach a bheith acu. Chun bheith lonnaithe in Éirinn ní mór lár ionad bhainistíochta agus rialú [centre of management and control] na comhlachta a bheith in Éirinn.

Má bhíonn cruinniú na stiúrthóirí agus an cruinniú cinn bhliana [annual general meeting] i dtearmann cánach cosúil le Bermuda is féidir leo a mhaoímh nach bhfuil an lár ionad bainistíochta agus rialú in Éirinn agus nach bhfuil na dhá fochomhlachtaí do na cearta maoine intleachtúla lonnaithe in Éirinn,  seachas bheith corpraithe in Éirinn, agus ar a shon sin níl dliteanas cánach ortha.

I ndairíre ní cheist d’Éireann amháin an caoi a láimhseáiltear pleanáil cánach go mór mór ceist na cearta maoine intleachtúla i gcomhlachtaí teicneolaíocht faisnéise. Is ceist idirnáisiúnta é seo gur ceart é a phlé idir na Stáit Aontaithe agus an Aontas Eorpach. Tá ceist imghabháil cánach le phlé sa Chruinniú  G8  i bhFear Manach an mhí seo chugainn. Bá cheart ceist an seachaint cánach a phlé freisin.

Taobh amuigh den droch íomhá atá ar an tír taréis an imscrúdú a dhein na Seanadóirí i Meiriceá bhí coiste i Rialtas na Breataine ag déanamh imscrúdú ar Google atá sáite i pleanáil cánach ionsaitheach [agressive tax planning] agus a chur len ár ndroch-íomha.

Fadhb eile leis na fochomhlachtaí Apple atá corpaithe in Éirinn ach nach bhfuil lonnaithe in Éirinn ó thaobh dliteanas cánach de ná go méadaíonn siad ár n-olltáirgeacht náisiúnta agus de bhuí go bhfuil an méid airgead go gcaithfimid a íoc leis an Aontas Eorpach gach bhliain bunaithe ar an figiúr seo cosnaíonn sé seo €100 milliún ar cáiníocóirí na hÉireann gach bhliain.

Posted in: Nuacht, Tuairim