Alan Shatter agus Rún Mímhuiníne – An mbeidh costas ró-ard ar an mbua ?

Posted on Meán an tSamhraidh 1, 2013 le

2



Seán Míchaél Ó Donnchadha

D’éirigh leis an Aire Dlí agus Cirt, Alan Shatter, an rún mímhuiníne a bhí tugtha os comhair na Dála ag Páirtí Fhianna Fáil maidir leis féin, a bhuachan oíche Dé Céadaoin.

Bhuaigh sé an vóta le 88 vóta in aghaidh 45 vóta. Mhol lucht Fhine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre an obair atá déanta ag Shatter go dtí seo agus d’iompaigh siad ar Fhianna Fáil, ag rá nach raibh ciall ar bith leis an rún seo a thóg siad in aghaidh Shatter.

Tá lucht an fhreasúra fós ag maíomh áfach go dteastaíonn ón Aire Shatter míniú ceart a thabhairt maidir leis an tástáil análú a bhí air a dhéanamh roinnt blianta ó shin. Gheall siad go leanfaidh siad ar aghaidh ag cur ceisteanna maidir leis an gcás.

ALAN-SHATTER-1

Ventolin ag duine ar bith? – an tAire Dlí agus Cirt, Alan Shatter

An dá cheist nár fhreagair sé ná an raibh sé maslach leis na Gardaí agus ar bhain sé úsáid as an díoluine bhunreachtúil nach gcead dos na Gardaí baill den Dáil agus an Seanad a stopadh ar a shlí go dtí agus ón Dáil agus gur sin an chúis nár shéid sé isteach san anáiléadan seachas fadhbanna le plúchadh mar a bhí sé ag maíomh.

Ní raibh aon tuairisc ná comhad ar an eachtra dár le cheannairí na nGardaí cé go ndeirtear go ndúirt an Garda a bhí i láthair gur scríobh sí cuntas ar an eachtra dá gceannfort.

Is gnáth chleachtas i measc na nGardaí nuair a bhristear an séala[seal] ar an anáiléadain tuairisc a scríobh ar an eachtra. An bhfuil cleasaí suaracha ar bhun?.

Rinne an Teachta Dála neamhspleách Mick Wallace, gearán leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) maidir le Shatter le gairid. Labhairt Shatter faoin eachtra ar  an gclár Prime Time, eachtra inar bhain Wallace úsáid as fón póca fad is a bhí sé ag tiomáint agus gur rabhadh tugadh dó seachas pointí pionóis a ghearradh air.

Tá sé ag iarraidh ar an Aire míniú a thabhairt ar an gcaoi ar éirigh leis eolas rúnda an Gharda Síochána a fháil faoi féin.

Dúirt Alan Shatter go bhfuair sé an t-eolas ó Choimisinéir na nGardaí Martin Callinan le linn dó fáisnéis ghinearálta a bheith a dtabhairt aige don Aire ar na Pointí pionóis.

Bhí Alan Shatter ag déanamh beag is fiú den eachtra ach bhí na polaiteoirí i measc an fhreasúra á rá gur bhain an tÁire úsáid as fáisnéis a fuair sé go rúnda ó na Gardaí chun pointe polaitiúil a bhuachan in aghaidh céile comhraic.

D`admhaigh Alan Shatter go raibh sé mícheart an t-eolas rúnda seo a nochtadh ar Prime Time agus gabh sé leithscéal leis an Teachta Wallace.

Dúirt an Teachta Luke Ming Flanagan go bhfuil sé féin chun gearán a dhéanamh anois freisean.

An Todhchaí

Tá an eachtra seo taréis sotal an tÁire Shatter a thabhairt chun cinn. Níl aon dabht ach go bhfuil damáiste déanta don Aire. D’fheadfá ar a  laghad droch-bhreithiúnas [bad judgement] a chur ina leith.

Is trua san mar tá clú na leasúcháin [reforming] air, rud atá in easnamh ar chuid mhaith Áirí Fine Gael. Thug Páirtí an Lucht oibre tacaíocht dó mar tá sé forásach ó thaobh beartais sóisialta [social policies] de.

Ar an drochuair ní féidir le hAlan Shatter aon bhotúin eile a dhéanamh, cé go bhfuil sé amach air go n-oibríonn sé go han- chrua. Tá drochchaidreamh idir é féin anois agus geallsealbhóirí mar An Garda Síochana agus na Breithimh.

I mbliana níor tugadh cuireadh dó labhairt ag cruinniú cinn bhliana Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána[GRA], rud atá neamhghnách.

Tá an eachtra seo taréis an díoluine bhunreachtúil maidir le trusanna baill den Oireachtas ar a shlí go dtí agus ón Dáil a thabhairt i lá an aonaigh. Tugadh isteach an díolúine seo aimsir an Cogadh Cathartha agus tá sé thar am anois fáil réidh leis.

Tá an eachtra seo freisin taréis sotal ginearálta an Rialtas a thabhairt chun cinn. Chaill siad an chéad vóta faoi shochru Páirc an Chrocaigh im thuairimse de bharr an sotalacht seo. Tá móramh mhór acu agus tá siad ag baint úsais as an ngilitín chun  reachtaíocht a bhru tríd an Dáil don chuid is mó chun a gcúlbhinseoirí féin a chur ina thost.

Níor thug Éanna Ó Cionnaith saor vóta dá dteachtaí dála faoin reachtaíocht faoin Cás X, rud atá tugtha ag ceannaire FF Míchaél Ó Máirtín dá  dteachtaí féin anois.

Tá an galar sotalacht seo taréis dul i bhfeidhm ar na Stáit Seirbhísigh. Is cinnte gur thug an Rialtas seo reachtaíocht thar a bheith dian isteach chun an Cháin Mhaoine Áitiúil a bhailiú agus cead acu é a asbhaint ó do thuarastail, pinsín, cúntas bhainc nó fiú íocaíochtaí ón Rialtas féin mar liúntas Leasa Sóisialta.

Cheapas go raibh caint Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim Josephine Fehilly ag dul thar fóir agus í ag míniú cé comh díograiseach is a leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim suimeanna beaga a bheidh le n-íoc ag an cosmhuintir nuair atá alán des na boic mhóra thall i Meiriceá nó i Sasna ag titim i bhféimeacht [going bankrupt] agus na mílte dlite acu don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní [NAMA] agus gan rún ar bith acu aon aisíochtaí a dhéanamh.

Briatheann córas cánach féinmheasúnaithe ar gheilliúlacht dheonach an móramh [voluntary compliance of the majority].Bheadh sé tubaisteach amach is amach dá gcaillfeadh na Coimisinéirí Ioncaim tachaíocht an móramh seo.

Dá dtarlódh seo bheadh orthu tabhairt faoi na boic mhóra, aistear a bheadh i bhfad níos deacra.

Siar i dtosach na mílaoise  rinne na Coimisinéirí Ioncaim fiosrúcháin faoi cháin choinneála ar ús taisce [DIRT Inquiry] agus rinne siad na mílte socruithe le daoine a bhí ina chónaí sa tír seo ach go raibh seoladh neamhchónaitheach [non-resident] tugtha acu ar a chuntas taisce ionas nach mbeadh orthu cáin choinneála a íoch ach níor chuisíodh fiú duine amháin acu.

An bhfuil dlí amháin do na boic mhóra agus dlí eile don chosmhuintir?. Sin cheist gur gá do Josephine Fehilly a fhreagairt go luath.

Posted in: Nuacht, Tuairim