An mbeidh rath ar pháirtí úr Mhic Rath?

Posted on Meán an tSamhraidh 9, 2013 le

2



Anailís le Ciarán Dunbar

An tseachtain seo chonaiceamar seoladh pháirtí úr Bhasil McCrae agus John McAllister, NI21, ag ócáid i mBéal Feirste oíche Déardaoin.

Bhí slua nach beag i láthair agus cur i láthair an-snasta a bhí ann gan aon amhras. Bhí roinnt mhaith ‘Unicorns’ [Aonbheannaigh] i láthair, is  é sin le rá, Caitlicigh nach náisiúntóirí Éireannacha iad.

Beidh McAllister agus McCrea sásta leis sin, tá sé amuigh orthu nach bhfuil siad ‘seicteach’ ar scor ar bith. Ba bhaill den UUP roimhe seo an dá Bhall Tionóil seo.

Táthar ag rá go forleathan nach ainm maith é ‘NI21’ ach is cinnte gur fearr  é ná an t-ainm neamhoifigiúil a bhí orthu go dtí seo – ‘Jasil’.

Seo ‘luachanna’ NI21 go dtí seo, gabh mo leithscéal faoin Bhéarla, ach níl leagan Gaeilge ar fáil ar an suíomh.

Our future together – NI21 is committed to building a future together for all in Northern Ireland, moving beyond sterile sectarianism to promote a modern, inclusive Northern Ireland identity for all.

Reform & choice – NI21 will vigorously promote democratic reform of our political institutions to give authentic choice to citizens. We strongly support power-sharing and reject majority rule by any tradition. The creation of a democratic opposition is essential if Northern Ireland is to have accountable government, authentic choice and an alternative to sectarian politics.

Progressive – NI21 is committed to fairness, equality and social justice for all, irrespective of socio-economic background, gender, racial group, religious belief, disability, sexual orientation or political allegiance. Our shared responsibilites under the rule of law are fundamental to a shared and pluralist society.

Opportunity – NI21 is committed to opening up economic opportunity and social mobility for all by promoting a vibrant private sector, advancing our region’s entrepreneurial talent and culture of enterprise, and supporting a modern public sector within a social market economy.

Our place in the United Kingdom – NI21 believes that the best political, economic and social future for all the people of Northern Ireland is secured within today’s United Kingdom, in which diversity and inclusion are shared values. We will promote the common good of all the people of Northern Ireland within the United Kingdom.

Ach cheana, má tá luachanna ar fáil, níl aon pholasaí acu agus má bhí ráth ar an ócáid sheolta, bhí an t-agallamh a rinne ceannaire an pháirtí, McCrea, le Steven Nolan ar BBC Raidió Uladh an mhaidin dar gceann ina thubaiste.

images

Basil McCrea

Léiríodh taobh istigh de chúpla shoicind nach bhfuil aon pholasaithe ag an pháirtí úr seachas go bhfuil siad ar son phósadh aerach, agus ansin thiontaigh an comhrá ar an pholagamas!

Bhí sé thar a bheith suntasach nach raibh McCrea ábalta a rá cén seasamh atá ag an pháirtí  i dtaca leis an scrúdú aistriúcháin – nó an 11+ mar a déarfá. Buncheist pholaitiúil  é seo ó thuaidh.

Dar leis an pháirtí go bhfuil siad ‘ar son an Aontais’ ach tá sé suntasach nach bhfuil an focal ‘aontachtach’ á úsáid acu.

Ach an bhfuil aon difear idir ‘ar son an Aontais’ agus ‘Aontachtachas’ – an féidir a bheith ar son an Aontais gan a bheith i d’Aontachtóir?

Sin ceann de na ceisteanna is bunúsaí atá le freagairt ag an pháirtí úr agus is ceist thábhachtach é mar tá Caitlicigh ann ar son an Aontais leis an Bhreatain ach nach bhfuil compordach leis an lipéad ‘Aontachtóir’ mar gheall ar chúrsaí cultúir agus creidimh.

An aontachtóirí na daoine seo go héifeachtach? – sin cheist mhaith agus beidh sé ábhartha amach anseo nuair atá ar an pháirtí seo seasaimh a ghlacadh ar chúrsaí a scarann an dá mhórphobal ó thuaidh as a chéile go traidisiúnta.

Maíonn an páirtí go bhfuil siad i gcoinne ‘pholaitíocht na féiniúlachta’ ach mar sin féin, tá sé geallta acu an fhéiniúlacht ‘Thuaisceart-Éireannach’ a chur chun tosaigh gach bealach agus is féidir, “to promote a modern, inclusive Northern Ireland identity for all.”

Mar sin de, is léir nach bhfuil siad ag i gcoinne pholaitíocht na féiniúlachta ann féin, díreach na féiniúlachtaí atá ann faoi láthair.

Is é bunchloch cheartchreidmheachas na liobrálach ó thuaidh, go háirithe sna meáin, gurb é tógáil na féiniúlachta nua – an Tuaisceart-Éireannachas réiteach ar fhadhbanna an Tuaiscirt ar fad.

Is é le rá, Tuaisceart-Éireannaigh a dhéanamh as Éireannaigh agus iad siúd sa phobal Aontachtach a meastar gur náisiúntóirí Ultacha iad.

Féiniúlacht Bhriotánach is ea é ‘Tuaisceart-Éireannach’ mar is rogha réamhshocraithe é agus i ndeireadh na dála, tá meánaicmeachas fite fuaite leis.

Ach má tá cultúr na nGael fágtha ar leataobh ag an pháirtí úr, ní dócha gur iad na Gaeil atá siad ag iarraidh a mhealladh, ach Protastúnaigh meánaicmeacha nach bhfuil ag vótáil faoi láthair agus Caitlicigh nach náisiúntóirí iad, atá, de ghnáth, go hiomlán gallda ó thaobh chultúir de.

Tá sé suimiúil áfach, gur léirigh suirbhé, nach gcuirim féin mórán muinín ann, go bhfuil líon na ndaoine a chuireann síos orthu féin mar ‘Thuaisceart- Éireannaigh’ tite anois go 22% den phobal ó thuaidh.

Tá ceisteanna curtha agam chuig an pháirtí úr i dtaca le hoideachas Caitliceach agus Gaeloideachas, foilseoidh mé na freagraí chomh luaith agus a fhaighimse iad.

Tá na meáin liobrálacha ar bís leis an pháirtí úr ach ar cheart aon stór a chur san anailís sin? Rinne cáil mhaith anailíseoirí amadáin astu féin nuair a tháinig ‘Ulster Conservative and Unionist New Force’ nó ‘UCUNF’ ar an tsaoil.

Lig daoine dona gcuid claontaí féin cur isteach ar a gciall agus cuireadh an ‘Fórsa Nua’ i láthair mar an pháirtí a bhí chun Caitlicigh a mhealladh chun an Aontachtachais agus stair na hÉireann a athrú go deo. Cad a tharla? Faic. Mar i ndeireadh na dála, b’aontachtóirí iad.

Is ionann agus dodhéanta é a bheith ‘neodrach’. I ndeireadh na dála, bíonn ar pháirtithe polasaithe a fhorbairt maidir le paráideanna, bratacha, an Ghaeilge, an CLG, cúrsaí oideachais agus srl.

Sin an fhadhb a bheas ag NI21, agus beidh sé acu gan mhoill.

Is ar an ábhar céanna nach nglacann Fianna Fáil páirt i dtoghcháin an Tuaiscirt – tuigeann siad go rímhaith go mbeadh orthu ‘taobh a roghnú’, luath nó mall.

An beidh rath ar an pháirtí seo? B’fhéidir dar liomsa ach braitheann sé ar rudaí áirithe.

An féidir le Basil féin greim a choinneáil ar a ego féin? An féidir leo polasaithe difriúla a fhorbairt? An féidir leo seasamh ar son an Aontais a fhorbairt ach gan seasaimh Aontachtacha a bheith acu?

Is maith an scéalaí an aimsir ach ní dóigh liom go mbeidh na páirtithe móra ar dhóigh ar bith buartha faoi NI21, cé gur féidir go ngoidfidh siad vótaí ón UUP atá ag fáil bháis go tapaidh faoi cheannaireacht Mike Nesbitt.

Posted in: Nuacht, Tuairim