Ceangailte leis an deasca …

Posted on Meán an tSamhraidh 18, 2013 le

1



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Abair liom, ar léigh tú riamh rud sa pháipéar a raibh saineolas agat féin ar an ábhar? Rud a bhaineann le do chuid obair féin nó le caitheamh aimsire de do chuid?

 Bhí roinnt míchruinneas ann nach raibh, aineolas fiú, b’fhéidir go raibh easpa téagair nó seans go raibh sé iomlán aineolach agus míchothrom dar leat?

 Mar shampla, beagnach gach uair a bhíonn píosa sna meáin Bhéarla a bhaineann leis an Ghaeilge cluinim ‘slua-osna’ na nGael le chéile agus léim rachtanna feirge ar Twitter agus Facebook faoi.corporate-america-businessman-tied-to-desk_pan_13595

 Bíonn eagla ar dhaoine labhairt leis na páipéir in amanna ar eagla “nach dtuigfidh siad an t-ábhar mar sin ceart agus nach mbeidh an t-alt beacht dá bharr.”

Cad chuige seo?

Bhál, ar ndóigh, i saol na linne seo, tá sé de dhualgas ar iriseoirí agus iriseoirí óga go háirithe an iomadaí scéalta a scríobh sa lá ar réimse ró-mhór d’ábhair.

Ach chomh maith leis sin, tá iriseoirí ceangailte lena ndeascaí, ag stánadh go síoraí ar na scáileáin. Níl an t-am nó an deis acu dul amach i measc na ndaoine, ag éisteacht le caint an tsráidbhaile agus ag bailiú nuachta an bealach sin.

Ní tharlaíonn sé sin mórán inniu agus ní tharlóidh sé mórán amach anseo – níl na buiséid ann don chineál seo oibre níos mó.

Ní nach ionadh, go measann cuid mhór daoine go bhfuil caighdeáin ag titim agus nach féidir bráth ar pháipéir nuachtáin sa dóigh chéanna agus a b’fhéidir.

Ar ndóigh, tugann an t-idirlíon acmhainn dúinn leis na scéalta a fhiosrú is a sheiceáil sinn féin, rud eile a chuireann brú sa bhreis ar an iriseoireacht.

D’éist mé le clár raidió faoi ‘Watergate’ ar na mallaibh, an scannal a chuir deireadh le huachtaránacht Richard Nixon, iriseoireacht fhiosrúcháin den scoth a ba chúis leis ar ndóigh agus is laochra iad an dá iriseoir a bhí taobh thiar den scéal, Carl Bernstein agus Bob Woodward.

D’aontaigh a raibh ag glacadh páirte sa chlár áirithe seo nach mbeidh a leithéid arís ann – níorbh fhéidir le heagarthóir ar bith an méid sin saoirse a thabhairt d’iriseoir ar bith san am atá i láthair – tá barraíocht spásanna bána le líonadh agus níl go leor daoine ann leis an pháipéar bhán a smálú le dúch.

Is trua sin gan amhras agus laghdaíonn sé an iriseoireacht go mór agus déanfaidh sé dochar don daonlathas féin sa deireadh.

Ar an drochuair, bhí mé féin róghafa leis an deasca le blianta anuas, cha raibh neart agam air sin ag an am ach is cinnte go dtagann meirg ar do thuiscintí agus duine ag obair in oifig amháin – fiú más i lár an aonaigh an oifig chéanna.

Thuig mé sin le déanaí agus mé i mbun chomhrá le cara de mo chuid, rinne mé cur síos ar mo chontae dúchais féin, Co. an Dúin mar “an contae is gallda in Éirinn.”

Glacaim anois gur cur síos míchruinn is aineolach sin, agus mí-féaráilte go díreach. Déarfainn go raibh rian na fírinne ann nuair a d’fhág mé an áit blianta fada ó shin ach ní mar sin atá cúrsaí inniu.

Fuair mé deis ar na mallaibh go leor ama a chaitheamh thuas ann, tréimhse a chaitheamh i measc na ndaoine, fuair mé amach go raibh daoine ag tógáil páistí le Gaeilge ar fud dheisceart Chontae an Dúin, go bhfuil an Ghaelscolaíocht ag fás léi, go raibh eagraíochta díograiseacha bríomhaire ag obair ar an talamh.

Bhí an tuiscint a bhí agam as dáta go díreach ach ní bhfaighinn siolla den scéal sin amach ag léamh twitter nó facebook nó a bheith ag fanacht le ‘Google Alerts’ faoi.

Is féidir eolas éigin a bhailiú ón na foinsí sin ach ní féidir teacht ar thuiscint ar bith taobh thiar de dheasca ag stánadh ar scáileán.

Tá sé ro-fhurasta tuiscintí a fhorbairt bunaithe ar thuairimí chiorcail órga de dhaoine atá gafa leis an idirlíon agus ar thuairimí iriseoirí atá claonta mar gheall ar na blianta a d’fhan siad féin ceangailte leis an deasca – a dtuiscintí ag laghdú chuile lá.

Ach leis na buiséid ag ísliú leo i rith an ama cén dóchas go mbeidh glúin úr d’iriseoirí ábalta dul amach i measc na ndaoine arís?

Mar sin féin, mholfainn d’iriseoirí, agus go háirithe iriseoirí óga, dul amach ag labhairt le daoine arís, ná lig duit féin éirí stálaithe san oifig.

An té a bhíonn siúlach bíonn sé scéalach ar dóigh, ba choir dúinn ar fad cuimhniú ar sin i dtólamh.

Craoladh leagan den phíosa seo ar an chlár, ‘Cormac ag a 5’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, 18,6,12

Posted in: Tuairim