Browsing All Posts published on »Deireadh an tSamhraidh, 2013«

Cúrsa Garchabhrach trí Ghaeilge

Deireadh an tSamhraidh 30, 2013 le

0

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag eagrú cúrsa garchabhrach trí Ghaeilge i gcomhpháirt le Slán Sábháilte Teoranta. Is cúrsa trí lá é le páirtchreidiúint (5 phointe) FETAC/CDBO Leibhéal 5 (D20188). Deir FNT go bhfuil an cúrsa seo oiriúnach d’fhostaithe naíonra, d’ábhar oidí, do mhúinteoirí Gaelscoile agus scoileanna Gaeltachta, d’oibrithe in eagrais Ghaeilge, d’oibrithe óige nó in […]

Scoláireachtaí Gaeilge Fulbright bronnta

Deireadh an tSamhraidh 29, 2013 le

0

Fógraíodh inniu go bhfuil 31 scoláireacht Ghaeltachta le bronnadh ar 15 foghlaimeoir Gaeilge as Ceanada agus 16 as na Stáit Aontaithe Meiriceá mar chuid de chlár Fulbright. Chuir an tAire Stáit Ghaeltachta, Dinny McGinley, fáilte roimh na scoláirí in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i Gaillimh inniu. D’fhreastail ionadaithe as Ambasáidí Cheanada […]

Ar Imeall an Ghrianchórais

Deireadh an tSamhraidh 28, 2013 le

2

Le déanaí chuala muid go bhfuair dhá ghealach eile de chuid Phlútóin ainmneacha. Roimhe seo, ní raibh orthu ach P4 agus P5, ach anois tugtar Kerberos agus Styx orthu. Baineann na hainmneacha seo le tuiscint mhiotaseolaíoch na sean-Ghréagach ar an mbás: is é Ceirbearas madra na dtrí gcloigeann agus é ag gardáil gheataí an tsaoil […]

Tráchtaire spóirt á lorg ag RnaG

Deireadh an tSamhraidh 26, 2013 le

0

Tá Comórtas Tráchtaireachta á reáchtáil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael leis an gcéad “sár-thráchtaire Gaeilge” eile a aimsiú. Gheobhaidh an buaiteoir dhá thicéad chuig Cluiche Ceannais Peile nó Iomána na hÉireann, deireadh seachtaine do bheirt in Óstán Pháirc an Chrócaigh, agus deis dhul isteach sa bhosca tráchtaireachta ar an […]

‘Machnamh’ le déanamh faoi iontráil na nGaelscoileanna

Deireadh an tSamhraidh 23, 2013 le

1

Tá sé ráite ag an Aire Oideadais Ruairi Quinn go ndéanfaidh sé dianmhachnamh faoi pholasaithe iontrála na scoileanna lánGhaeilge. Beidh an tAire ag foilsiú dréacht-Bhille Oideachais go luath agus tá sé ráite aige cheana nach mbeidh cead ag Gaelscoileanna tosaíocht a thabhairt do pháistí le Gaeilge agus iad ag glacadh le daltaí nua amach anseo. […]

Ginmhilleadh – Téarma cruinn do bharbarthacht

Deireadh an tSamhraidh 20, 2013 le

9

Tuairim le hAonghus Ó hAlmhain Foilsíodh alt anseo ar na mallaibh ag cáineadh úsáid an téarma ginmhilleadh mar rud atá “maslach”. Dar leo siúd áfach a aithníonn gur neach daonna beo atá sa ghin, tá an téarma seo cruinn; agus is an gníomh atá, ní hamháin maslach, ach barbartha. Tá díospóireacht bhríomhar ann faoi láthair […]

Todhchaí Sheanad Éireann

Deireadh an tSamhraidh 19, 2013 le

0

Le Seán Míchaél Ó Donnchadha Tá sé i gceist ag an Rialtas athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras polaitiúil trí dheireadh a chur le Seanad Éireann. Déanfar é seo tríd an mBille um an dara leasú is tríocha ar an mBunreacht a chur trí Thithe an Oireachtais. Tá an Bille seo curtha tríd an tSeanad […]