“Ná bígí buartha – beidh muid anseo i bhfad eile!”

Posted on Deireadh an tSamhraidh 2, 2013 le

1



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach 

“Ná bígí buartha – beidh muid anseo i bhfad eile!” An tseachtain seo caite, a bhuíoch don ‘Irish Independent’, chuala muid iar-fheidhmeannaigh de chuid an Bhainc Angla-Éireannaigh David Drumm, nó “Drummer ” mar a thugann a chairde air de réir chosúlachta, John Bowe agus Peter Fitzgerald ag caint go sotalach agus ar nós cuma leo faoin chaoi a raibh ar an mBanc a raibh siad i gceannas air agus an tionchair a bheadh aige sin ar an tír.

A4843238C95F9F6949FADF1138CD_h416_w622_m2_q80_cahPnWomS

David ‘Drummer’ Drumm

Ar bhealach, bhí Drumm mícheart, ní mhaireann an banc, mar a mhair sé cibé ar bith, agus ní oibríonn duine ar bith acu leis anois dá bharr, cé gur oibrigh John Bowe ann go dtí an bhliain seo caite agus bhí Peter Fitzgerald ansin go dtí mí Feabhra na bliana seo.

Bhí ar David Drumm éirí as a phost siar i 2008 agus tá sé anois ina chónaí i mBostún, SAM agus ag obair mar chomhairleoir airgeadais – ádh mór muintir Bhostún. Ach le bheith féaráilte do Drummer, brón orm, an tUasal Drumm, deir sé go bhfuil brón air anois as an teanga a d’úsáid sé agus an glór a labhair sé de sna scairteanna gutháin seo – ní as a pháirt nach beag sa tír a bhanc-bhriseadh – díreach as an dóigh ar labhair sé, ’bhfuil a fhios a’d!

Ach ar bhealach eile, bhí an ceart ar fad aige beidh “siad” anseo i bhfad eile, is é sin an gréasán, nó an aicme de dhaoine a oibríonn sa saol airgeadais a bhfuil an-chumhacht go deo acu in Éirinn. Aicme atá fite fuaite lenár saol polaitiúil go dtí an lá atá inniu ann faraor.

Caithfidh mé a rá, creidim go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an ‘Indo’ féin ar an ábhar seo. Ar ndóigh caithfidh siad foinse nó foinsí s’acu a chosaint ach cárb as ar tháinig na taifeadáin seo? – cá mhéad ábhar atá fágtha? cé chomh fada is a bhí siad acu? Cén fáth ar fhoilsigh siad anois iad?

Anois, chuala muid lucht tráchtaireachta ag inse dúinn sna páipéir agus ar an raidió go raibh muintir na hÉireann ar buile. Gabh mo leithscéal ach ní raibh, ar an drochuair. Bhí na tráchtairí go díreach ag iarraidh scéal níos mó a dhéanamh as.

Chan ionann sin is a rá nach raibh sé agus nach bhfuil sé thar a bheith tábhachtach mar scéal – tá ach i bhfírinne, ba ar nós cuma leo muintir na hÉireann, níor mhothaigh mise aon duine a bhí róthógtha faoi, ní raibh aon agóid shuntasach ann nó mar sin. Ábhar buairimh don ‘tráchtaireachtacht’ a ba é mar níorbh aon ábhar iontais dúinn mar phobal é, murab ionann agus an Taoiseach, mar dhea.

“Thunderbolt” a bhí iontu dar le Enda Kenny, i gcead dó, cha chreidim go gcreideann sé sin ar chor ar bith.

Dar leis go dtaispeánann na teipeanna an drochmheas, an sotalacht agus an tsoibealtacht a bhí ag pearsanra sinsearacha taobh istigh den Bhanc Angla-Éireannach don rialtas agus do shaoránaigh agus a rachas i bhfeidhm ar gach comhlacht, pobal agus teaghlach sa tír.

Anois, más nuacht é sin dó iarraim air éirí as láithreach. Mothóidh na daoine níos grinne i bhur measc gur tháinig comhlachtaí ar dtús agus teaghlaigh san áit dheiridh i ráiteas an Taoisigh.

Níos tábhachtaí arís ná ár dTaoiseach féin, ní raibh Angela Merkel, seansailéir na Gearmáine a bhfuil níos mó cumhacht aici ar ár saolta dar le roinnt daoine, leath-shásta.

Dúirt Angela Merkel gur amharc sí ar na téipeanna le drochmheas, cuireann sé sin eagla orm ar chúis éigin. Dúirt sí, ag dul rud beag thar fóir dar liom, go bhfuil dochar á dhéanamh ag na taifeadáin don daonlathas, don gheilleagar sóisialta margaidh agus do “gach rud atá muid ag dréim leis.”

Bhí ráiteas láidir le déanamh ag Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, ar an ábhar. Dúirt sé gur chuala muid glórtha ón stair a léirigh an t-iompar agus an dearcadh a bhí taobh thiar denár samhail eacnamaíochta teipthe agus nár léirigh sé na dearcaí atá ag muintir na hÉireann i gcoitinne.

Focail bhreátha iad seo ach ní dóigh liom go bhfuil siad go hiomlán fíor. Mhothaigh mé go raibh tréithe na hÉireann le fáil i nglórtha Drumm, Bowe agus Fitzgerald go sonrach, is é sin na drochthréithe, drochmheas, santachas agus labántacht.

Mhothaigh mé gur lig muid do dhaoine gan coinsias sóisialta agus gan aibíocht chuí dúl i bhfeighil ar institiúid róthábhachtach agus go bhfuil muid ar fad thíos leis dá bharr ach níor chuir ábhar na dtaifeadán aon iontas orm.

I ndeireadh na dála, léirigh siad nach raibh iontu ach gaimbíní gan náire, ach bheadh sé soineanta a chreidbheáil nach bhfuil gaimbíní fós linn.

Féach chomh maith 

 

Éire Náirithe ag Daoine gan Náire

Posted in: Nuacht, Tuairim