Preas Saor? – ní hé £150 atá air!

Posted on Deireadh an tSamhraidh 4, 2013 le

0



Bhí ar iriseoirí íoc as an cheart chun tuairisciú ón G8

Tuairisc le hAnton Mac Cába

Bhí ar iriseoirí £150 (€175.90) a dhíol le creidiúnú a fháil do chruinniú mullaigh an G8 in Inis Ceithleann an mhí seo caite. Tá sin i ndoiciméad dar teideal “OPERATIONAL NOTE STRICTLY NOT FOR PUBLICATION OR BROADCAST,” a cuireadh ar an idirlíon.

Thug creidiúnú cead d’iriseoirí bheith sa lár-ionad do na meáin in Ostán an Killyhevlin. Tá sin beagnach seacht míle ón áit mar a raibh an Cruinniú Mullaigh sa Lough Erne Resort. Tugadh seans níos fearr ag iriseoirí áirithe creidiúnú a fháil: “Tabharfar tosaíocht do meáin atá in éineacht le ceannairí G8, go hoifigiúil.”1879029f-bba8-47e3-9baf-ffdf3294abdd-460x276

Bhí seans ag dornán iriseoir freastal ar an Lough Erne Result fá choinne trí faill le pictúirí a ghlacadh. B’iad ná teacht oifigiúil na gceannairí go dtí an Lough Erne Result: pictiúr de na ceannairí lena dteaghlaigh: agus pictiúr den gcéad seisiún oibre ar an dara lá. Bhí cead ag iriseoirí freastal ar phreasocáid David Cameron ag deireadh an Chruinniuithe Mullaigh. Bhí sin ar an t-aon am go raibh siad sa Lough Erne Resort – ach an Cruinniú Mullaigh thart faoi seo.

Dúirt Eamonn McCann ó Coiste Gnó Aontas Náisiúnta na nIriseoirí go rabhthas ag diúltú cead don phreas tuairisceoireacht cheart a dhéanamh ar an Cruinniú Mullaigh. “Tá sé ainspianta go mbeadh ar iriseoirí díol, le go gcuirfí sriant orthu,” ar seisean. “B’Aontas Náisiúnta na nIriseoirí amháin a rinne gearán, níor dhúirt na príomh-meán faic.”

Posted in: Nuacht