Tuairimí á lorg ag FnaG ar léitheoireacht na Gaeilge

Posted on Deireadh an tSamhraidh 4, 2013 le

0



Taifeadtaí ón gComhdháil faoin Léitheoireacht le fáil ar shuíomh Chlár na Leabhar Gaeilge

D’ainneoin na bagairtí don dá iris Ghaeilge, Feasta agus an tUltach, tá Foras na Gaeilge ag leanúint leo ag bailiú tuairimí faoi leitheoireacht litríochta na Gaeilge.RIA MS 23 o 48 (b) f.21 r_cuid de

Tá síneadh ama seachtaine á chur ag Foras na Gaeilge le spriocdháta an phróisis chomhairliúcháin faoi chúrsaí léitheoireachta agus foilsitheoireachta a d’fhógair siad ag tús mhí an Mheithimh. Glacfar le haighneachtaí anois go dtí Dé hAoine, an 5 Iúil 2013.

Is é an aidhm atá leis an bpróiseas comhairliúcháin ná tuairimí an phobail a fháil faoi mholtaí a rinneadh ag Comhdháil faoin Léitheoireacht a d’eagraigh Clár na Leabhar Gaeilge sa bhliain 2012.  Tá na moltaí sin le fáil i gcáipéis chomhairliúcháin atá le fáil ar shuíomh idirlín Fhoras na Gaeilge (www.gaeilge.ie).

‘Tá tábhacht ar leith leis an bpróiseas comhairliúcháin seo, baineann sé le gach gné d’earnáil agus de thionscal na leabhar Gaeilge,’ a dúirt  Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. ‘Beidh na moltaí a thiocfaidh as an gcomhairliúchán á n-áireamh i straitéis nua léitheoireachta a bheidh á dréachtú ag Foras na Gaeilge sa bhliain 2014.’

Mar áis don phobal, tá rogha de na cainteanna a tugadh ag an gComhdháil faoin Léitheoireacht le fáil anois ar láithreán gréasáin Chlár na Leabhar Gaeilge (www.gaeilge.ie).  Ar na cainteoirí atá le cloisteáil tá an craoltóir agus an scríbhneoir Cathal Póirtéir; an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn; Stiúrthóir Opening the Book, Rachel Van Riel; na foilsitheoirí Caoilfhionn Nic Pháidín (Cois Life), Lochlainn Ó Tuairisg (Cló Iar-Chonnacht), Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac) agus Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata); agus Pádraig Ó Duibhir, léachtóir sinsearach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.

‘Chun go mbeadh deis ag daoine éisteacht le cuid de na cainteanna, socraíodh seachtain sa bhreis a chur le tréimhse an phróisis chomhairliúcháin,’ a dúirt Caitlín Uí Mhéalóid, Stiúrthóir Gníomhach Chlár na Leabhar Gaeilge.

Tá gach eolas faoin bpróiseas comhairliúcháin le fáil ag http://www.gaeilge.ie nó ó Chlár na Leabhar Gaeilge ag leabhar@forasnagaeilge.ie.

Is féidir an cháipéis chomhairliúcháin a íoslódáil ó láithreán gréasáin Chlár na Leabhar Gaeilge (www.gaeilge.ie) nó cóip a fháil sa phost ach é sin a iarraidh. Is féidir le daoine a dtuairimí a nochtadh faoi na moltaí ar fad atá sa cháipéis, nó is féidir leo díriú ar réimsí agus ar mholtaí ar leith.

Glacfar le haighneachtaí agus le haiseolas ón bpobal (ar ríomhphost nó sa phost) go dtí Dé hAoine, 5 Iúil 2013.

Clibeanna:
Posted in: Nuacht