Emily O’Reilly tofa mar Ombudsman an Aontais Eorpaigh

Posted on Deireadh an tSamhraidh 5, 2013 le

0



 Seán Míchaél  Ó Donnchadha

Tá sé fógartha anois go bhfuil Emily O’Reilly tofa mar  Ombudsman an Aontais Eorpaigh.

Vótáil tromlach de Pharlaimint na hEorpa sa tríú babhta den vótáil, go dtiocfadh O’Reilly i gcomharbacht ar Nikiforos Diamandouros in Strasbourg ar maidin De Déardaoin.. Is í O’Reilly Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise na hÉireann.

3_MayoCISAdvocacy_Dec09

Emily O’Reilly

Fuair sí tacaíocht ó 359 Feisire Eorpach ar fad. Bhí seisear iarrthóir í ar fad san iomaíocht don ról – triúr Feisirí Eorpacha ina measc sin.

Tá O’Reilly le leanúint ar aghaidh ina ról mar Ombudsman agus mar Choimisinéir Faisnéise ar an tír seo go dtí an 1 Deireadh Fómhair. Ina dhiaidh sin, cuirfidh sí tús go foirmiúil lena ról nua.

Taithí Mhór

Is as an Tulach Mór in Uibh Fhailí í Emily O Reilly. Ceapadh í mar an chéad Ombudsman baineann in Éirinn i 2003.Fuair sí a chuid oideachas i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, Coláiste na Trionóide agus Ollscoil Harvard, mar ar bhronnadh Ánracht Nieman [Nieman Fellowship]  uirthi san iriseoireacht.

Iriseoireacht

Thosnaigh sí a gairm bheatha san iriseoireacht siar sna seachtóidí. Bhí postanna sinsearacha aici leis An Irish Press agus An Sunday Tribune. D`oibrigh sí mar cholúnaí polaitiúil leis An Sunday Times agus bhí sí mar Eagarthóir Polaitiúil ar An Sunday Business Post. Ceapadh í mar Eagarthóir ar an iris Magill sa bhlian 1998. D`eirigh sí as nuair a chuireadh cosc ar In Dublin, máthair iris Magill, ag An Bord Achomhairc um Scrúdoireacht Fhoilseachan [Censorship of Publications Appeal Bord] mar bhí fógraí ann do drúthlanna agus seirbhísí striapachais [for brothels and prostitution services].Bhí sí ag obair freisin mar chraoltóir do Radio Teilifís Éireann agus Today FM.

Sa tréimhse a raibh sí ag feidhmiú mar iriseoir bhuaigh sí dhá ghradam, Iriseoir na Bliana agus Iriseoir Mná na Bliana. Thug iar-oifigeach caidreamh poiblí Cathal Ó hEochaidh, P. J. Mara “Uaillmhian Fhionn” [Blonde Ambition] uirthí].

Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise na hÉireann

Ceapadh í mar Ombudsman ag an tUachtarán Máire Mac Giolla Íosa ar an céadú Meitheamh 2003.Thosnaigh sí láithreach ag gearán faoi phlean an Rialtais chun táillí a thabhairt isteach d`iarrataí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.[Freedom of Information Act Requests].

Rinne sí fiosrúchán faoi chearta do cúram tí banaltrais in Éirinn agus fuair sí amach gur theip ar an stáit a gcuid dualgais a chomhlíonadh thar tréimhse daichead bliain.

Scrúdaigh sí an scéim chúiteamh “Lost at Sea”  taréis gearán ó chlann Francie Byrne, a fuair bás go tragóideach lena mhac Jimmy agus iad ag iascaireacht sa bhliain 1981. Diúltaíodh deontas dá mbaintreach agus fuair Emily O’Reilly amach gur dheineadh an scéim a riar go héagórach agus mhol sí go bhfaigheadh an chlann €245,000 mar cúiteamh.

Bhí sí cáinteach faoi Rialtas Fianna Fáil ag an am a diúltaigh dá dtuarascáil sa bhlian 2010.

Bhí sí cáinteach le déanaí ar phlean an Rialtais reatha deireadh a chur le liúntais míchumais [Disability Allowances] mar bhris siad an tAcht um Chomhstádas [Equal Status Act].Fuair a fíosrúchán amach go raibh na liúntais a riar go mídhleathach agus mhol sí iad a riar mar is ceart faoin dlí in ionad fáil réidh leo.

In óráid a thug sí i Meitheamh 2006 san Foras Riaracháin [Institute of Public Administration]  cháin sí comhalachtaí Éireannacha poiblí as gan seirbhisí phearsanta a thabhairt don phobal ach bheith ag deileáil leo trí ionaid glaonna agus ar an tIdirlíon. Luaigh sí na Coimisinéirí Ioncaim agus dúirt sí nách raibh taithí ríomhaireachta ag cuid suntasach daoine a bhí ag deileáil leis na comhlachtaí poiblí seo agus dá bharr sin nach raibh an leibhéal  teagmháil phearsanta sásúil go leor.

Ceapann sí go bhfuil rochtáin ar fhaisnéis ro-theoranta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise chun sainleas grúpaí áirithe [sectional interests] a chosaint mar thorthaí scoile. Comhairligh sí nár cheart go mbeadh réir suntasach de comhlachtaí poiblí , mar An Garda Síochána, faoi réir an Acht agus go bhfuil tionchar diúltach ag na taillí a ghearrfar ar iarratais.

Scríobh sí cúpla leabhair, Candidate :The Truth Behind the Presidential Campaign (1991), faoi Mháire Mhic Giolla Roibín, Masterminds of the Right (1992) faoi bunúsaíochas Caitliceach [Catholic fundamentalism] in Éirinn, agus an dírbheathaisnéis conspóideach,Veronica Guerin (1998).

Luach Saothair

•          Tuarastáil €252,00 móide alán liúntasaí mar:

•          €37,200 mar liúntas cónaí bliantúil, €7,200 liúntas teaghlaigh bliantúil.

•          €42,000 mar liúntas suiteála [installation allowance] ar dul i mbun dualgais san Eorap.

•          Liúntas fial  eatramhach [generous transitional allowance] ar fagáil an post.

Fágfaidh Ms O’Reilly Oifig an Ombudsman in Éirinn ar 1 Deireadh Fómhair mar a tá tuarastáil €191,306 aici taréis cúpla gearradh siar deonach.

Posted in: Nuacht