Feachtas ar son ‘An tUltach’

Posted on Deireadh an tSamhraidh 5, 2013 le

0



Tá an feachtas ar son na hirise ‘An tUltach’ ag bailiú nirt, tá an iris seanbhunaithe faoi bhagairt anois agus é fógartha ag Foras na Gaeilge go bhfuil siad ag cur deireadh lena mhaoiniú.

photo

Tá go leor Gaeilgeoirí a bhfuil proifíl ard acu ag léiriú a dtacaíocht don iris agus tá na torthaí á fhoilsiú ar leathanach Facebook na hirise.

Seo roinnt de na hacmhainní

Gerry Oates, scríbhneoir 

“Ba mhór an náire orainn go léir má ligtear don iris íocónach seo dul in éag de dheasca easbhaidh maoinithe go háirithe san am i láthair nuair atá borradh ar leith ar an Ghaelscolaíocht ar fud na tíre. Cá bhfuil mar thig linn an scéal a mhíniú don aos óg atá ag brath orainne le haghaidh treorach? Orainn-ne mar Ghaeil Uladh is ar na húdaráis nó dream ar bith a bhfuil sé ar a gcumas an chéim seo ar gcúl a chosc a bhéas an náire. ‘Sé mo bharúil gur chóir dúinn teacht le chéile chun beart a leagan amach a chuirfeas ar shúile na n-údarás go bhfuil muid i ndáiríribh faoin iris a shábháil.”

 Lillis Ó Laoire, amhránaí, léachtóir agus Ceann Scoil na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 “Tacaím go hiomlán leis an tUltach agus ba mhór an trua agus an náire dá gcuirfí deireadh leis an iris atá ar an cheann is faide atá á fhoilsiú sa Ghaeilge.”

Seamas Mac Annaidh, scríbhneoir

Ba mhaith liom tacaiocht a leiriu le ‘An tUltach’ chomh maith. D’fhoilsigh an t-iris roinnt mhaith piosai uaim thar na blianta.

 Panu Petteri Höglund, scríbhneoir

Is mór an trua má imíonn iris eile Gaeilge de dhroim an domhain. Tá preas agus iriseoireacht na Gaeilge ar an dé deiridh agus ní féidir an teanga a choinneáil bord ar bhord leis an saol nua-aimseartha gan preas ceart a bheith ann le cur síos a thabhairt ar imeachtaí agus ar smaointí an tsaoil mhóir sa teanga.

Art Hughes, leachtóir

 Tá an iris seo mar bhunchuisle ag an Ghaeilge i gCuige Uladh leis na glúnta.

 Áine Ní Bhreasláin, iriseoir le TG4

  I mo thuairim féin chothaigh an tUltach saibhreas litríochta an Chúige, spreag sé scolairí ina dtaighde Agus chur Agus cuireann sé aoibhneas Ar lucht leitheoireachta na Gaeilge. Ba mhór an feall a léithid de sheod a chailleadh.

 Aogán Ó Fearghail – Iar-Uachtarán Chomhairle Uladh, CLG.

 “Nuair atá teanga i mbaol, tá géarghá le foilseacháin ar ardchaighdeán a choinníonn scríbhneoireacht sa teanga sin beo agus níos tábhachtaí fós, canúint faoi leith atá faoi bhrú, is ceart an chanúint sin a chaomhnú don chéad ghlúin eile trí mheán na scríbhneoireachta. Seo a dhéanann An tUltach le snas.”cludach

Ní léir go bhfuil aon fheachtas ar bun go fóill ar son ‘Feasta’, cé go bhfuil an iris sin san fhaopach céanna.

Féach chomh maith

Feasta : Mac Fhearghusa dóchasach

Arbh fhéidir go bhfuil ‘Feasta’ faoi bhagairt chomh maith?

“Níl muid buailte fós” – An tUltach

Deireadh le maoiniú an tUltach

Posted in: Nuacht