Samhail ‘Shagart Marbh’ Dóite

Posted on Deireadh an tSamhraidh 12, 2013 le

2



Tá pictiúr á chiorclú ar líne do shamhail fir á crochadh ar thine chnámha dílseach i mBéal Feirste a dódh san oíche aréir.

47981_4380503250305_2000162587_n

Táthar a mhaoímh gur samhail don Athair Matt Wallace is é ea seo.

Fuair an tAthair Matt Wallace bás go tragóideach an mhí seo caite, chuir sé lámh ina bhás féin.

Bhí clú agus cáil ar an Athair Wallace, bhí an-chion ag Caitlicigh air, tugadh “The People’s Priest”.

Fiú más féidir a chruthú nach samhail den Athair Wallace atá i gceist sa phictiúr, is cinnte gur casadh nua eaglach é seo ar na tinte cnámha go bhfuil samhail ar bith á crochadh.

Dódh brat na hÉireann, brat na Vatacáine,  brat na Polainne agus brat na Palaistíne ar thine cnámha i mBéal Feirste Thoir aréir.

Cuireadh dealbh den Mhaighdean Muire a goideadh as Séipéal in Ard Eoin a ar thine cnámha ar Bhóthar na Seanchille le linn na seachtaine ach baineadh dó é agus tugadh ar ais do shagart é.

BO9sihNCcAAnBJ9 (1)

é.

Posted in: Nuacht