Samhail gan clann le Gaeilge

Posted on Deireadh an tSamhraidh 17, 2013 le

6



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Dé Céadaoin na seachtaine seo caite, ghlac an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas   cinneadh críochnaitheach maidir le socruithe nua maoinithe a bhainfidh Foras na Gaeilge úsáid astu le gníomhaíocht Ghaeilge a mhaoiniú amach anseo.

“Tá deireadh anois leis an éiginnteacht maidir leis an todhchaí, éiginnteacht a bhí ag cothú míshuaimhnis, imní agus deacrachtaí le 5 bliana,” a dúirt ráiteas ón Fhoras.

images (1)

Díchoimisiúnaithe – Ní dócha go bhfuil aon áit do chlann na Gaeilge sa samhail nua maoinithe beartaithe ag Foras na Gaeilge

Bheadh iontas an domhain ormsa má bhfíorófar an fhís áirithe sin.

Go bunúsach, in áit bunmhaoiniú a chur ar fáil do 19 eagraíocht mar a dhéantar san am atá i láthair cuirfear maoiniú ar fáil i sé chatagóir do sé eagraíocht ceannais.

1.      Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge

2.      Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile

3.      Forbairt Phobail agus Eacnamaíochta

4.      Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán

5.      Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht

6.      Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga

Agus mé i mbun pinn, bhí cuma ar an scéal go raibh na heagraíochtaí Gaeilge mí-shásta leis an tsamhail seo den chuid is mó, mar sin féin, is ar éigin gur féidir leo a dhath a dhéanamh faoi ag an phointe seo.

Dar le Kevin de Barra ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge caillfidh gluaiseacht na Gaeilge  cuid mhaith saineolas nuair a chuirfear an plean seo i bhfeidhm.

Is é sin le rá is dócha, go gcaillfear saineolas mar go gcaillfear poist – go háirithe ag an leibhéal is airde má bhrúitear is má thachtar 19 eagraíocht le chéile go dtí nach mbeidh seisear acu ann.

Tá sé ráite ag Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh go gcaillfear 18 bpost mar gheall ar an phróiseas ach d’admhaigh sé gur a mheastachán féin a bhí i gceist – cuireann sé sin caint David ‘Drummer’ Drum i gcuimhne dom ar chúis éigin.

Tá Raidió Fáilte agus Raidió na Lífe slán de réir chosúlachtaí, mar atá an tÁisionad i mBéal Feirste.

Mar sin de, as na 16 phríomhfheidhmeannach fágtha, tá cluiche ‘musical chairs’ i gceist.

Tá cuma ar chúrsaí mar sin go gcaillfidh 10 ar a laghad as na 16 bpríomhfheidhmeannach atá ann i láthair na huaire a bpoist – níl rud ar bith deas faoi sin agus caillfidh daoine maithe poist s’acu ach le bheith iomlán fuarchúiseach faoi – shábhálfadh sé moll mór airgid.

An mbeadh sé ar leas na Gaeilge – an gcuirfeadh an méid airgid a shábhálfaí an caillteanas ó thaobh thaithí is saineolais de ar ceal – sin an bhuncheist.

Tá Foras na Gaeilge ag impí orainn an tsamhail nua a fheiceáil i gcomhthéacs na gciorraithe a chaithfidh siad a chur i bhfeidhm. Dar le figiúirí an Fhorais, idir na blianta 2008 agus 2012 baineadh breis agus 20% dá mbuiséad iomlán, suim is ionann agus €5m. Tá siad den tuairim go mbeidh ísliú suntasach eile le déanamh ar a mbuiséad i mbliana agus i 2014.

Mar sin féin, chuathas i mbun an phróisis seo mar go gceapadh go raibh barraíocht eagraíochtaí Gaeilge ann agus go mbeadh an tsamhail nua seo agus an sábháilt airgid mar gheall air ar leas na teanga.

Aisteach go leor, maidir leis an bhunphrionsabal de,  go mbeadh maoinithe bunaithe ar scéimeanna seachas ar bhun-mhaoiniú de – aontaím leis an Fhoras, bheadh sé níos fearr go teoiriciúil.

Ach bheadh sé sin ag bráth ar má aontaíonn tú le cur chuige Fhoras na Gaeilge ar bhonn  ídeolaíochta de – agus ní aontaím mar a tharlaíonn sé.

Seo an rud – labhair mé le cuid mhór daoine le seachtain anuas ar an ábhar seo agus bhíodar ar fad ar aon fhocal maidir le cén rud atá in easnamh óna sé chatagóir sa tsamhail seo, easnamh a mhothaigh siad go láithreach, an rud is tábhachtaí ar ndóigh – seachadadh teanga ó ghlúin go glúin.

Níl sé ar bharr an liosta, níl sé ann ar chor ar bith – b’fhéidir go bhfuil sé clúdaithe i gceann do na réimsí eile – ach fiú sa chás sin – tá sé léirithe nach gné thábhachtach an Ghaeilge sa toigh don Fhoras agus a máistrí polaitiúla.

images

An tábla caifé : An é seo an t-aon áit a bheas an Ghaeilge ceadaithe amach anseo?

Tá polaiteoirí na tíre, cosúil le muintir na tíre i gcoitinne, sásta cur suas leis an Ghaeilge – ach níl siad sásta réabhlóid teanga nó fiú athbheochan teoranta a éascú.

Ábhar buairimh eile ná go mbeidh na heagrais cheannais seo ag feidhmiú ar bhonn ‘Uile-Éireann’ – ciallaíonn sé sin go praiticiúil dar liomsa go mbeidh siad uilig bunaithe i mBaile Átha Cliath.

Déanann sé sin neamhaird iomlán ar an chríoch-dheighilteachas atá i bhfeidhm i nGluaiseacht na Gaeilge ó bunaíodh an Saorstát atá chomh mór is atá sé sa chuid eile de shochaí na hÉireann AGUS ar cé chomh deacair is a bheadh sé saineolas a bheith ag duine maidir le cúinsí teanga ar an dá thaobh den teorainn.

An bhfuil an Ghaeilge sa Tuaisceart chomh tábhachtach is atá sí sa Deisceart do roinnt mhaith Gaeilgeoirí ó dheas – i mo thuairim féin, bunaithe ar mo thaithí féin – chan fheil.

Dar liomsa, tá pobal na Gaeilge sna Sé Chontae ligthe síos ag an Aire Cultúir don Tuaisceart, Carál Ní Chuilín ó Shinn Féin, sa chás seo – polaitíocht ‘Uile-Éireann’ curtha roimh an Ghaeilge – an bhfuil rabhadh ansin don todhchaí?

[PS – tá píosa den scoith scríofa ag Pól Ó Muirí san Irish Times inniu, ag léiriú na difríochtaí bunúsacha a bhí i bpreas-ráiteas Gaeilge Shinn Féin agus an leagan Béarla. Maíonn na leagan Gaeilge – “Fáiltíonn Sinn Féin roimh c[h]inneadh F[h]oras na Gaeilge” – ag cur an milleán ar an Fhoras – ach deir an leagan Béarla “Sinn Féin welcomes funding for Irish language groups”, dhá fhocal – George Orwell.]

Cruinniú idir eagraíochtaí Gaeilge agus an Foras

Posted in: Tuairim