Ginmhilleadh – Téarma cruinn do bharbarthacht

Posted on Deireadh an tSamhraidh 20, 2013 le

9



Tuairim le hAonghus Ó hAlmhain

Foilsíodh alt anseo ar na mallaibh ag cáineadh úsáid an téarma ginmhilleadh mar rud atá “maslach”.

Dar leo siúd áfach a aithníonn gur neach daonna beo atá sa ghin, tá an téarma seo cruinn; agus is an gníomh atá, ní hamháin maslach, ach barbartha.

Tá díospóireacht bhríomhar ann faoi láthair maidir le ginmhilleadh in Éirinn. Tá ainm an Bhille fhéin ina shampla den sofhriotal a níonn iarracht an cheist a sheachaint – “An Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis”.
Cáintear Teachtaí Dála agus Seanadóirí as cur síos a dhéanamh ar go díreach cad a tharlaíonn don ghin le linn ginmhilleadh. Cáintear feachtasoírí as íomhánna de ghin a úsáid ar phóstaer.images

Tá cúis maith leis sin. Tá mórchuid den argóint ar son fáil éasca ar ghinmhilleadh bunaithe ar an dtuiscint nach duine an ghin. Bréagnaíonn na híomhánna seo agus na focail seo an tuairim sin; is gá mar sin an cur síos sin a sheachaint agus a stop má tá ginmhilleadh le bheith inghlactha ag an bpobal.

Buaileadh an buille is éifeachtaí i gcoinne an ghinmhilleadh le teacht ann don ultrafhuaim. Is iomaí lia nó altra a bhí ag obair i gclinic ghinmhilleadh a d’aithin dá bharr an éagóir a bhí á dhéanamh agus a chas a ndroim leis.

Ach is éifeachtach an frith mhodh é i ndíospóireacht an lipéad “maslach” a chuir ar argóint. Ní phléitear le maslaí – déantar neamhaird orthu. Ní gá plé le biogóid. Ós rud é go bhfuil a seasamh maslach agus gan a bheith fréamhaithe i réasún, ní gá dul i ngleic leis – tá sé, a priori, mícheart.

“Bulverism” a thug C.S. Lewis ar an gcineál seo cleasaíochta – neamhaird iomlán a dhéanamh ar argóint agus maíomh – “Níl sin á rá agat ach cionn is gur bean/fear/Caitliceach/

aindiachaí …”

Ainneoin go gcreideann muid gur ar mbonn réasún a dhéantar ceisteanna pholaitiúla a phlé, dáiríre tá tionchar láidir ag mothúcháin ar an gceist. Go háirithe nuair is ceist atá ann go bhfuil deighilt chomh domhain, dosháraithe ann agus atá i gceist an ghinmhilleadh. Más duine an ghin, tá ginmhilleadh mícheart. Murab ea, bheadh sé barbartha an rogha a cheilt ar bhean. Sin eithne na ceiste – ach níl aon chomhghéilleadh ná  bóthar leath bhealach idir an dá sheasamh.

Caithfear an cheist a chíoradh go hionraic – níl sé cóir taobh amháin den argóint a dhiúltú ón dtús – ceachtar taobh.

Is gá a aithint go bhfuil mórchuid na ndaoine ar an dá thaobh ionraic agus ar son cearta daonna – cearta na mban agus cearta an linbh – ach go bhfuil easaontas idir an luach a thugtar do gach cheart faoi seach agus an bunús atá leis sin.

Beidh an cheist seo linn go deo. Bhí Hippocrates i gcoinne ginmhilleadh ina mhóid a scríobhadh cúig chéad bliain roimh Chríost. Tá an taoide sall agus anall ó shin, agus beidh. Tá sé mí ionraic an cheist a sheachaint tríd lipéadú “masla” a chuir ar ceachtar taoibh de.
Is gá dúinn a aithint go bhfuil gach taobh ar a ndícheall an rud ceart a dhéanamh – agus caithfidh muid ár ndícheall a dhéanamh plé leis na fíricí seachas na mothúcháin.

Is féidir Aonghus a leanùint ar Twitter (@aonghusoha) agus tà blag aige, aonghus.blogspot.com.
Posted in: Tuairim