Ar Imeall an Ghrianchórais

Posted on Deireadh an tSamhraidh 28, 2013 le

2



Pluto_moon_P5_discovery_with_moons'_orbits

Plútón agus a chuid satailítí, mar is eol dúinn inniu iad. (Foinse: an Vicipéid)

Le déanaí chuala muid go bhfuair dhá ghealach eile de chuid Phlútóin ainmneacha. Roimhe seo, ní raibh orthu ach P4 agus P5, ach anois tugtar Kerberos agus Styx orthu. Baineann na hainmneacha seo le tuiscint mhiotaseolaíoch na sean-Ghréagach ar an mbás: is é Ceirbearas madra na dtrí gcloigeann agus é ag gardáil gheataí an tsaoil eile, agus is í an Stiocs an abhainn idir an saol seo agus an saol eile. Is é Carón an farantóir a thugas na mairbh trasna na habhann, agus mar is cuí, Carón an t-ainm a baisteadh ar an gcéad ghealach de chuid Phlútóin ar cuireadh sonrú inti. Ina dhiaidh sin, áfach, fuair na réalteolaithe amach faoi thuilleadh satailítí – is é sin, Nix agus Hydra chomh maith leis an dá cheann is deireanaí.

Pluto_discovery_plates

Dhá cheann de na pictiúir ar ar aithin Clyde Tombaugh Plútón agus é á gcur i gcomparáid le chéile. An ponc beag arb é Plútón é tá sé marcáilte le saighead. (Foinse: an Vicipéid)

Ar feadh i bhfad ba nós “pláinéad” a thabhairt ar Phlútón, an pláinéad is faide amuigh. Ba é an Meiriceánach Clyde Tombaugh a d’aithin é sa bhliain 1930, ach i bhfad roimhe sin féin bhí sé á thaibhsiú dá lán go mbeadh a leithéid de rinn neimhe ann. Ba í an mhatamaitic an eochair. Sa naoú haois déag bhí na matamaiticeoirí in ann a lán a rá i dtaobh an dóigh a gcuireann na reanna neimhe isteach ar a chéile lena n-imtharraingt, ach ar dtús bhí a gcuid eolais agus modhanna oibre scaipthe ar fud na saothar éagsúil taighde – a thuiscint féin ag gach duine de na saineolaithe ar na cúrsaí seo. Thit sé ar chrann an mhatamaiticeora Fhrancaigh Urbain LeVerrier córas éigin a chur in áit an anoird seo, agus nuair a bhí an córas sin curtha i dtoll le chéile aige bhí sé in ann a oibriú amach go raibh a leithéid de phláinéad agus Neiptiún ann, ó bhí sé ábalta tátail a bhaint as na mírialtachtaí a d’aithin sé ar fhithis Úránais. Níor leor é Neiptiún leis na mírialtachtaí seo go léir a mhíniú, áfach, agus mar sin bhí cuid mhór de na réalteolaithe claonta chun a smaoineamh go mbeadh tuilleadh pláinéad ann fós.

Lowell_Mars_channels

Mapa de “chanálacha Mharsa” a tháinig ó pheann Percival Lowell. Bhí ról an-tábhachtach ag Lowell i bhforbairt na réalteolaíochta agus é ag tabhairt urraíochta d’eolaithe éirimiúla cosúil le Clyde Tombaugh, ach ón taobh eile bhí sé i bhfad ródhiograiseach faoi “chanálacha Mharsa” fiú nuair a thosaigh na réalteolaithe eile ag éirí scéipteach fúthu. Chuaigh scríbhinní Lowell faoi na canálacha agus faoi “mhuintir Mharsa” i bhfeidhm ar a lán daoine, ar nós an scríbhneoir garrfhicsin Edgar Rice Burroughs, a bhreac síos sraith iomlán úrscéalta éadroma faoi eachtraí drámatúla an laoich John Carter i measc na Marsach. Is é tuiscint na saineolaithe go léir inniu nach raibh sna canálacha riamh ach iomrall súl – uaireanta, samhlaíonn intinn an duine struchtúir chasta san áit nach bhfuil le feiceáil ach spotaí doiléire. Níor tháinig na spástaiscéalaithe róbatacha trasna ar aon chineál “Marsaigh” nó ainmhithe Marsacha, ach tá sé incheaptha go bhfuil miocrorgánaigh – neacha beaga beo agus iad cosúil le baictéir nó le fungais an Domhain – le fáil ar Mhars. (Foinse: an Vicipéid)

Ba é an fear gnó Meiriceánach Percival Lowell, a raibh dúspéis aige sa réalteolaíocht, a chuir tús le mórfheachtas taighde i dtús na fichiú haoise leis an bpláinéad rúndiamhair taobh thiar de Neiptiún a aimsiú. Amaitéarach díograiseach réalteolaíochta ab ea Lowell, agus ní dheachaigh gach iarracht dá chuid chun leasa don taighde. Nuair a bhí “canálacha Mharsa” ina n-ábhar mór díospóireachta ag lucht an tsaineolais, bhí Lowell go mór mór ag taobhú le hipitéis na gcanálach, agus d’fhoilsigh sé mapa de Mhars a bhí breac le canálacha agus iad línithe go mionchruinn ar fud an phláinéid. Cé go raibh cuid de na réalteolaithe oilte féin san am sin den tuairim gurbh fhéidir go mbeadh “canálacha” de chinéal éigin ar Mhars, níor chreid aon duine acu go mbeadh a leithéid de ghréasán acu ann agus a thug mapa Lowell le fios. Mar sin, bhí a lán réalteolaithe an-diúltach i leith Lowell, agus cuid acu den bharúil nár chóir d’aon duine de lucht na ceirde baint a bheith aige le réadlann Lowell.

Clyde Tombaugh, fear na fionnachtana.

Clyde Tombaugh, fear na fionnachtana. (Foinse: An Vicipéid)

Cé nach raibh teoiricí Lowell thar moladh beirte, bhí a tábhacht féin ag réadlann Lowell i bhfionnachtain Phlútóin. Fear saibhir gnó a bhí i Lowell, agus d’fhág sé cuid mhór dá oidhreacht ag an réadlann. I mblianta deireanacha a shaoil bhí Lowell ag déanamh a dhíchill ar mhaithe le fionnachtain an naoú pláinéad, agus níor chuir a bhás deireadh leis na hiarrachtaí seo. Nuair a tháinig Clyde Tombaugh ag obair don réadlann, fear óg ab ea é i gcónaí, gan ach trí bliana fichead slánaithe aige, ach san am chéanna bhí gealladh mór faoi cheana féin agus súil mhaith aige do bhealaí na spéire dorcha. Chaith sé conablach bliana ag cur grianghraf i gcomparáid go dtí gur aithin sé réad nua iontu – Plútón.

Pluto-Charon_double_planet

Sa phictiúr seo a fheictear fithisí Phlútóin agus Charóin thart ar bharalár an chórais, is é sin, comh-mheáchanlár an phláinéid agus a chuid satailítí. Seasann an fáinne dearg do bhealach Phlútóin timpeall an bharaláir. (Foinse: an Vicipéid.)

Cailín aon bhliain déag, Venetia Burney, a bhaist Plútón ar an bpláinéad. Cé nach raibh inti san am ach gearrchaile, bhí sí seanchríonna agus suim aici i miotaseolaíocht na Róimhe agus na sean-Ghréige. Ghlac sí leis go mbeadh an pláinéad chomh dorcha, chomh fuar leis an mbás féin, agus go mbeadh sé oiriúnach é a ainmniú as dia an domhain thíos – Plútón. D’inis sí an smaoineamh dá hathair mór, agus ó bhí aithne ag an seanfhear ar an réalteolaí cáiliúil Herbert Hall Turner, ní raibh moladh Venetia i bhfad ag teacht a fhad leo siúd a raibh an chumhacht acu i saol na réalteolaíochta. Bhí Clyde Tombaugh féin breá sásta leis an moladh, ó d’fhéadfá na litreacha PL-  san ainm a thuiscint mar thagairt dá urraí Percival Lowell.

Ar feadh i bhfad ba nós dearcadh ar Phlútón mar phláinéad ar aon mhéid, beagnach, le Neiptiún, ach de réir a chéile tháinig an tuiscint ag na heolaithe nach mar sin a bhí. I ndeireadh na seachtóidí chuir siad sonrú sa ghealach is mó dá bhfuil ag Plútón – Carón. Tá Carón chomh mór téagartha i gcomparáid le Plútón féin agus go bhfuil cuid de na réalteolaithe barúlach nár chóir gealach a thabhairt air ar aon nós, ach gurbh fhearr an tuiscint a bheith againn ar chóras Phlútóin agus Charóin ná gur déphláinéad iad. Nó tá sé cineál mícheart a rá go bhfuil Carón ag fithisiú Phlútóin: tá an dá réad seo ag dul timpeall a gcomh-mheáchanláir, agus an lárphointe seo suite taobh amuigh de Phlútón. (Ar an dóigh chéanna, tá an Ghealach s’againn agus an Domhan s’againn ag déanamh bulla báisín timpeall ar a gcomh-mheáchanlár freisin, ach sa chás seo, tá an meáchanlár – nó an baralár – sin suite taobh istigh den Domhan.)

Venetia_Burney

Venetia Burney (1918-2009), an cailín beag a bhaist Plútón. Níos deireanaí rinne sí staidéar ar mhatamaitic i gCambridge. Shaothraigh sí a cuid ag cuntasóireacht agus ag múineadh matamaitice. Phós sí Edward Phair, scoláire teangacha clasaiceacha. (Foinse: An Vicipéid)

Ó thús ba léir go raibh Plútón an-difriúil leis na pláinéid eile. Tá Plútón ag dul timpeall na Gréine ar fhithis an-fhadaithe. Thairis sin, tá fithisí na bpláinéad eile suite beagnach ar aon leibhéal le chéile – tugtar éiclipteach ar an leibhéal seo. Maidir le Plútón, áfach, tá a fhithis an-chlaonta i gcoibhneas an éicliptigh. Go bunúsach, glactar leis gurb ionann an t-éiclipteach agus leibhéal ár bhfithise féin – is é sin, is ionann claonadh fithise an Domhain agus 0 céim stua. Is é an claonadh fithise atá ag Plútón ná seacht gcéim stua déag – i bhfad níos mó ná ag aon mhórphláinéad. Mar shampla, is é an claonadh fithise atá ag Iúpatar ná 1.305 céim stua. Rud eile fós tá peirihéilean Phlútóin – garphointe Phlútóin don Ghrian, nó an pointe ar fhithis Phlútóin is cóngaraí don Ghrian – suite taobh istigh d’fhithis Neiptiúin. Tógann sé dhá chéad ocht mbliana is dhá scór (248 mbliana) ar Phlútón imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú, ach ansin caitheann sé fiche bliain den tréimhse sin níos gaire don Ghrian ná Neiptiún. Tá baint ag fithis an dá phláinéad seo le chéile a dtugtar athshondas uirthi: san am a chaitheas Plútón ag déanamh dhá imrothlú, críochnaíonn Neiptiún trí cinn.

Nuair a thosaigh Tombaugh agus na saineolaithe eile i réadlann Lowell ag cur thuairisc an naoú pláinéad, ní le Plútón a bhí súil acu. Gásfhathaigh iad Neiptiún, Úránas, Satarn agus Iúpatar, is é sin, is ionann an t-ábhar atá sna pláinéid féin agus san atmaisféar ina dtimpeall – hidrigin, den chuid is mó – agus mar sin is deacair a rá cá bhfuil dromchla an phláinéid féin taobh thíos den atmaisféar. Plútón arís, ní gásfhathach é ar aon nós ach leac oighir. Nítrigin is mó atá ann, ar an taobh amuigh ar a laghad – dúil cheimiceach a bheadh ina gás leis an ngnáth-theocht ar dhroim an Domhain, agus le fírinne nítrigin atá in atmaisféar an Domhain don chuid is mó – ach tá Plútón chomh fuar is go bhfuil an nítrigin sin reoite go solad amuigh ansin. Creideann na saineolaithe, áfach, go bhfuil cloch taobh istigh de Phlútón chomh maith. Is féidir go bhfuil substaintí radaighníomhacha sa chloch i gcroí Phlútóin agus iad ag téamh an oighir timpeall na cloiche, ionas go bhfuil pócaí leáite thíos sa leac oighir. Níl anseo ach tuairimíocht, ar ndóigh, agus é bunaithe ar bhreathnuithe teileascóip agus ar na tátail a baineadh astu. Tá an spástaiscéalaí úd New Horizons ag druidim isteach le Plútón faoi láthair, agus creidtear go mbainfidh sé amach Plútón i gceann cúpla bliain. Ansin, faoi dheoidh, beidh mapaí de Phlútón ar fáil ag an gcine daonna.

New_horizons_Pluto

Seo New Horizons, an spástaiscéalaí róbatach atá ag déanamh a bhealaigh go Plútón faoi láthair. Scaoileadh an taiscéalaí chun bealaigh ó Cape Canaveral in Eanáir 2006. I ndeireadh na bliana céanna shroich sé Iúpatar agus é ag tógáil pictiúir nua den phláinéad. Thairis sin, bhain sé úsáid as imtharraingt Iúpatair le tuilleadh luais a thiomsú agus é ag tabhairt aghaidh ar Phlútón. (Foinse: An Vicipéid)

Scéal ann féin an dóigh ar chaill Plútón céimíocht an “phláinéid”, ionas gur hathaicmíodh mar “abhacphláinéad” é. Is gnách a rá gurbh é Michael Brown ó Caltech, is é sin, Institiúid Teicneolaíochta California, a thug an chéim síos seo do Phlútón. (Le fírinne is é an leasainm atá air inniu ná “an fear a mharaigh Plútón”.) Nuair a bhí sé ina bhuachaill óg i Huntsville, Alabama, bhí sé ag freastal ar Virgil Grissom High School, meánscoil a fuair a hainm ó dhuine de spásairí mórchlúiteacha Mheiriceá – seans gur spreag an t-ainm sin é chun taighde a dhéanamh ar an spás. Ina réalteolaí i gCaltech dó dhírigh Brown ar an gcuid den Ghrianchóras atá taobh amuigh de Neiptiún, agus d’éirigh leis agus a chuid mac léinn roinnt mhaith réadanna tras-Neiptiúnacha, mar a thugtar orthu, a aithint.

D’aithin Brown agus a fhoireann – Chad Trujillo agus David L. Rabinowitz – roinnt réadanna beaga cosúil le Plútón agus iad ag fithisiú na Gréine ar aon luas le Plútón, is é sin, ag críochnú aon imrothlú amháin i rith dhá chéad ocht mblian is dhá scór. Is léir go raibh sé níos ciallmhaire Plútón a aicmiú in aon ghrúpa leis na “plúitíonónna” seo, mar a bhaist na réalteolaithe orthu, seachas leis na pláinéid mhóra.

Ar ndóigh, ní plúitíonónna iad na réadanna beaga go léir taobh thiar de Neiptiún. Is é an tuiscint – teoiriciúil go leor – atá ag na saineolaithe ar imeall an ghrianchórais go bhfuil a lán réadanna beaga amuigh ansin ag dul timpeall na Gréine, agus iad grúpáilte i gcrioslaigh éagsúla: crios Kuiper; an diosca scaipthe; agus scamall Oort.

Ceann de réadanna chrios Kuiper é Plútón de réir mar a thuigtear an scéal inniu. Is é crios Kuiper an limistéar taobh amuigh d’fhithis Neiptiúin: glactar leis go sroicheann an crios a fhad le leathchéad aonad réalteolaíoch ón nGrian. Is ionann aonad réalteolaíoch agus meánfhad an Domhain s’againn ón nGrian, is é sin, céad go leith milliún ciliméadar. Tá fithis Neiptiúin suite timpeall ar thríocha aonad réalteolaíoch ón nGrian. Fuair an crios a ainm ón réalteolaí Meiriceánach de phór na hÍsiltíre Gerard Peter (Gerrit Pieter) Kuiper. Barrúil go leor, níor chreid Kuiper féin go mbeadh a leithéid de chrioslach ann inniu: bhí sé barúlach go mbeadh an réigiún go díreach taobh thiar de Neiptiún glanta folamh ag imtharraingt na bpláinéad mór. Scéal eile é gur chreid sé gur sa réigiún sin a foirmíodh na réadanna beaga as amhábhar an ghrianchórais i dtús ama.

Seo Michael Brown, "an fear a mharaigh Plútón". D'aithin sé roinnt réadanna tras-Neiptiúnacha sna blianta i ndiaidh chasadh na mílaoise, agus léirigh sé nach raibh i bPlútón féin ach réad amháin acu. (Foinse: an Vicipéid).

Seo Michael Brown, “an fear a mharaigh Plútón”. D’aithin sé roinnt réadanna tras-Neiptiúnacha sna blianta i ndiaidh chasadh na mílaoise, agus léirigh sé nach raibh i bPlútón féin ach réad amháin acu. (Foinse: an Vicipéid).

An chuid is mó de na plúitíonónna ní bhfuair siad ainmneacha go fóill. Is iad Orcus agus Ixion an dá cheann is luaithe a hainmníodh. Ba é Michael Brown agus a chairde a d’aithin Orcus; maidir le hIxion, luaitear a fhionnachtain leis an Réadlann Idir-Mheiriceánach i Cerro Tololo, an tSile.

Fuair Orcus a ainm ó dhia an domhain thíos i miotaseolaíocht na nÉatrúscach. Ba iad na hÉatrúscaigh áitritheoirí réamh-Rómhánacha na hIodáile, agus is uathu siúd a fuair na sean-Rómhánaigh féin a lán dá gcuid traidisiún agus nósanna. Le fírinne ba nós leis na Rómhánaigh féin “Orcus” agus “Plútón” a láimhseáil mar nach mbeadh iontu ach malairt ainmneacha ar an dia céanna, chomh fite fuaite is a bhí a gcreideamh féin le smaointí na nÉatrúscach. Deirtear go mbeadh sé chomh maith againn “frith-Phlútón” a thabhairt ar Orcus, nó tá fithisí an dá abhacphláinéad seo bun os cionn le chéile: nuair a bhíos Plútón os cionn an éicliptigh, bíonn Orcus taobh thíos de agus a mhalairt; agus nuair a bhaineann Plútón amach a pheirihéilin (a gharphointe don Ghrian, nó an pointe is cóngaraí don Ghrian ar an bhfithis), sroicheann Orcus a apaihéilean (a chianphointe ón nGrian, nó an pointe is faide ón nGrian ar an bhfithis), agus a mhalairt. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil gealach amháin ag Orcus, ar a laghad – Vanth an t-ainm. Ba í Vanth treoraí anamnacha na marbh i ríocht an bháis, de réir mar a deir seanchas na nÉatrúscach.

Tá Orcus níos lú ná Plútón. Glactar leis go bhfuil Plútón thart ar dhá mhíle trí chéad ciliméadar ar trastomhas. Níl na saineolaithe ar aon bharúil go fóill cén trastomhas é Orcus, ach is dócha nach bhfuil sé níos mó ná naoi gcéad ciliméadar. Braitheann sé ar choibhneas maise Orcus agus Vanth agus ar ailbéideacht Vanth.

Is é is ailbéideacht ann ná an chuid den tsolas a fhrithchaitheas rinn neimhe áirithe. Tá Orcus agus Vanth suite i bhfad ón Domhan, ionas nach féidir leis na teileascóip is cruinne amuigh mionsonraí ar bith a aithint ar na reanna neimhe seo. Ní fheicfeá iontu go bunúsach ach dhá spota solais. Mar sin, is ar ghile na spotaí seo a aithnítear a méid, chomh maith leis an dóigh a dtéann a n-imtharraingt i bhfeidhm ar na reanna neimhe ina dtimpeall. Scéal eile áfach go bhfuil an ghile ag brath ar an ailbéideacht freisin. Is é sin, an rinn neimhe nach bhfuil mórán ailbéideachta aici, is féidir di bheith réasúnta mór cé go bhfuil sí ar bheagán gile.

Quaoar and Weywot

Seo Quaoar agus Weywot mar a samhlaíodh d’ealaíontóir de chuid Údarás Spáis na Stát Aontaithe iad. Satailít bheag é Weywot nach bhfuil ach timpeall is ochtó ciliméadar ar trastomhas. Ó tá a leithéid de shatailít ag Quaoar, áfach, is dóigh leis na réalteolaithe go bhfuil Quaoar níos téagartha ná Ceres, an ceann is mó de na hastaróidigh i gcrios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar. Chomh mór is atá Ceres tá sí aicmithe ina habhacphláinéad go hoifigiúil inniu. (Foinse: an Vicipéid.)

Ar ndóigh ní plúitíonónna iad na réada go léir i gCrios Kuiper. Tá a leithéid de rud ann agus réad clasaiceach de chuid Chrios Kuiper, nó cubewano, mar a deir béarlagair an Bhéarla. Sampla den réad chlasaiceach é Quaoar, agus é ainmnithe as dia de chuid na dTongva, ar treibh bhundúchasach de chuid California iad. Ba iad Michael Brown agus Chad Trujillo a d’aithin Quaoar sa bhliain 2002, agus ba iadsan a bhaist an t-ainm sin air. Creidtear go bhfuil Quaoar corradh is míle ciliméadar ar trastomhas. Sa bhliain 2007 thug Brown faoi deara go raibh gealach bheag ag fithisiú Quaoar, agus fuair an tsatailít seo ainm ó mhiotaseolaíocht na dTongva chomh maith – Weywot. Deir na Tongva gurbh é Quaoar a chruthaigh an chruinne, agus gurbh é Weywot a mhac agus dia na spéire. Níl mórán fágtha de sheanchas diaga na dTongva, áfach, nó ba luath a chuaigh siad le Críostaíocht, agus tá a dteanga féin caillte inniu.

Níl Quaoar chomh diamhair le Sedna, réad eile ar chuir Brown agus Trujillo sonrú ann sa bhliain 2002. De réir teoiric amháin baineann Sedna leis an diosca scaipthe, is é sin, an chuid is faide amuigh de Chrios Kuiper. Sroicheann an diosca scaipthe thar chéad aonad réalteolaíoch ón nGrian, nó níos faide fós, agus creidtear gurb ón diosca sin a thagas cuid mhór de na scuabréaltaí (na coiméid). Is í imtharraingt Neiptiúin is cúis leis an scaipeadh sin – is é sin go gcuireann Neiptiún réadanna i gcrios Kuiper ar strae ó na fithisí, go dtí go bhfágtar sa diosca scaipthe iad.

Tá fithis Sedna chomh fadaithe, áfach, go bhfuil sé ag dul rite le lucht an tsaineolais féin an réad seo a aicmiú. Tá an cianphointe suite faoi naoi gcéad seacht ndéag is fiche aonad réalteolaíoch den Ghrian, mar a mheastar, agus mar sin tá Sedna ar na réadanna is cianmhaire dá bhfuil aithne ag na réalteolaithe orthu inár nGrianchóras féin. San am chéanna tá an garphointe faoi shé aonad réalteolaíoch déag is trí scór den Ghrian.

Sedna

Fithis Sedna i gcomparáid le fithisí na bpláinéad – is í fithis Phlútóin an fáinne purpartha. (Foinse: an Vicipéid)

Dealraíonn sé nárbh í imtharraingt Neiptiúin a d’fhág fithis Sedna mar sin, agus dá réir sin is iomaí réalteolaí nach bhfuil sásta “réad de chuid an diosca scaipthe” a thabhairt ar Sedna. Ina ionad sin, is dóigh leo siúd a rá gur féidir gur le scamall Oort (nó scamall Oort-Öpik, mar a thugtar air freisin) a bhaineas sé. Scamall sféarúil é – is é sin, scamall ar dhéanamh liathróide – agus é ainmnithe as beirt réalteolaithe a thuairimigh go raibh a leithéid de scamall ann agus cuid de na scuabréaltaí ag teacht as.

Ba é an réalteolaí Ernst Öpik an chéad duine ar rith an smaoineamh leis, thiar sna tríochaidí. Eastónach a bhí ann agus baint áirithe aige le hoileán na hÉireann, nó nuair a shealbhaigh trúpaí an Aontais Shóivéadaigh an Eastóin neamhspleách i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh Öpik ar deoraíocht agus shocraigh sé síos i dTuaisceart Éireann, áit a bhfuair sé post i Réadlann Ard Mhacha. Tá a gharmhac Lembit Öpik ina pholaiteoir Liobrálach sa Bhreatain Bheag inniu.

Jan Oort

Seo Jan Hendrik Oort (1900-1992), réalteolaí mór na hÍsiltíre. D’oibrigh sé amach mais Bhealach na Bó Finne agus d’aithin sé cá raibh lárphointe ár réaltra. Sna caogaidí bhunaigh sé réadlann radairéalteolaíochta in Dwingeloo, oirthuaisceart na hÍsiltíre. Is éard atá i gceist leis an radairéalteolaíocht ná an brainse réalteolaíochta a bhaineas tátail as na tonnta raidió ón spás. Úsáidtear aeróga millteanacha raidió – radaiteileascóip – leis na radathonnta ón spás a aithint agus a anailisiú. (Foinse: an Vicipéid)

Sna caogaidí, d’athbheoigh an tOllannach Jan Hendrik Oort an teoiric, agus is as is minice a ainmnítear an scamall. Le fírinne níorbh iad na hastaróidigh ná na réadanna beaga ar imeall an Ghrianchórais an chloch ba mhó ar phaidrín Oort, Ba leis an radairéalteolaíocht ba mhó a bhí a luí, agus é ag déanamh staidéar ar an spás taobh amuigh dár nGrianchóras. Cuid mhór den eolas atá ag an gcine daonna ar Bhealach na Bó Finne tá sé bunaithe ar fhionnachtana agus ar shaothar Oort,

Ní raibh i gceist le Scamall Oort féin ach tuairimíocht – go dtí gur tháinig na réalteolaithe ar Sedna. Anois, is féidir gurb é Sedna an chéad réad de chuid an scamaill sin a bhfuil aithne againn air. Ón taobh eile de, chomh cóngarach is a thagas Sedna don Ghrian agus é ag baint amach a gharphointe, tá sé incheaptha nach raibh iomlán an chirt ag Öpik agus Oort faoi imeall an Ghrianchórais, agus go bhfuil a lán le foghlaim ag an gcine daonna faoin réigiún sin den spás i gcónaí.

Posted in: Nuacht