Browsing All Posts published on »Lúnasa, 2013«

Máta, leadóg agus Inis Mór

Lúnasa 27, 2013 le

0

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach hInsíodh scéal suimiúil dom ar na mallaibh, faoi Mheiriceánach ar an ‘Late Late’ blianta ó shin, cuireadh ceist air, goidé a shíl sé do na hÉireannaigh agus dár nósanna. D’fhreagair sé gur shíl sé go raibh muid ar mire glan, nuair a fiafraíodh de cén fáth, thug sé an míniú seo […]

Mac Seáin : “Is bocht ár ndíbhinn”

Lúnasa 23, 2013 le

1

Óráid Shéamuis Mhic Sheáin ag seoladh leabhar Fheargail Mhic Ionnrachtaigh, Language, Resistance and Revival, sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar na mallaibh. Le déanaí hionsaíodh beirt  Ghael maith de mo lucht aitheantais i mBéal Feirste – Máirtín Ó Muilleoir an tArd-mhéara duine amháin acu agus údar an leabhair seo, Feargal Mac Ionnrachtaigh an duine eile. […]

Cleamhnas idir Fhianna Fáil agus Fine Gael?

Lúnasa 18, 2013 le

1

Ba cheart cuimhneamh ar chomhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael tar éis an Chéad Olltoghchán eile a scríobhann Seán Mícheál Ó Donnchadha De ghnáth i bhformhór tíortha daonlathacha san Iarthar bíonn páirtithe polaitíochta roinnte idir chlé agus dheas. Ar an drochuair in Éirinn de dheasca an chogaidh Cathartha tá an feiniméan ar a dtugtaí  […]

Coláiste Feirste sa 7ú áit

Lúnasa 14, 2013 le

0

D’ainneoin gur tháinig torthaí GCSE Choláiste Feirste faoi ionsaí ar na mallaibh, léiríonn torthaí a foilsíodh inniu go bhfuil an scoil sa 7 áit i measc scoileanna, nach scoileanna gramadaí, iad maidir le torthaí GCSE. Déantar an scrúdú seo sa chúigiú bhliain ar an mheánscoil sa Tuaisceart. Léiríonn na figiúirí a foilsíodh san ‘Irish News’ […]

Comóradh 10 mBliana na gCnocadóirí

Lúnasa 14, 2013 le

0

Beidh comóradh 10 mBliana na gCnocadóirí ar siúl i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn. Bunaíodh an grúpa in 2003 chun deis a thabhairt do mhuintir an cheantar an Ghaeilge a labhairt agus iad i mbun cnocadóireachta. Téann siad ag siúl i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus i sléibhte Chill Mhantáin dhá uair in […]

‘Aon Ghéilleadh’ – Gaeilge úsáidte ag an Protestant Coalition

Lúnasa 12, 2013 le

2

Tá Gaeilge úsáidte ag an Protestant Coalition ar leathanach Facebook an pháirtí dílseachta conspóidí. Chuir an páirtí físéan faoi Léigear Dhoire ar an leathanach Dé hAoine seo caite ach ní raibh gach duine sásta go raibh sé i nGaeilge (tuigtear gur cuireadh clár faisnéise faoin léigear i mBéarla ar an leathanach níos déanaí). “I prefer […]

Cén bhail atá ar na páirtithe?

Lúnasa 10, 2013 le

0

Agus Séasúr na Dála thart ar feadh bhliain eile amharcann Seán Mícheál Ó Donnchadha ar stádas na bPáirtithe Polaitíochta anois. Fine Gael D’éirigh go maith le FG agus go mór mór le hÉanna Ó Cionnaith agus an Bhille um Cheist na  mBeatha le Linn Toirchis tugtha isteach aigé in ainneoin gur gheall FG roimh an […]