Éistimis leis an aos óg

Posted on Lúnasa 6, 2013 le

0



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

[Is leagan leasaithe é seo d’alt a foilsíodh ar an Tuaisceoir cheanna féin]

An mhí seo caite, foilsíodh alt leis an taighdeoir Donncha Ó hÉalaithe i gComhar maidir le Staid na Gaeltachta agus cén catagóir a bheadh na ceantair éagsúla Gaeltachta dá gcuirfí na critéir theangeolaíochta a mhol an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta i bhfeidhm.

Anailís an-chruinn agus úsáideach a ba é seo ó pheann Dhonnchaidh Uí Éallaithe.

Den chéad uair riamh, chonacthas domsa go bhfuil ábhar dóchais éigin ann ó thaobh staid na Gaeilge sa Ghaeltacht ann – cé go bhfuil ábhar buairimh ann chomh maith ar ndóigh.

Ach mar a dúirt Donncha san alt, seo an uair dheireanach a bheas muid in ann a leithéid de thaighde a dhéanamh de bhrí gur cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge ar an drochuair.

As seo amach, beidh fios s’againne ar stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht ag bráth ar an eolas atá le fáil sa daonáireamh amháin, agus ar an drochuair, ní róchruinn an tomhas é seo.

Spreag  taighde Dhonncha go leor cainte agus díospóireachta agus mar is  gnáth, pléadh dearcadh an aosa óig i leith na Gaeilge sa chomhthéacs sin.

aerial-view-of-spiddal

An Spidéal (nó ‘Spiddal Village’ mar a thugtar air go coitianta i measc na mBéarlóirí) ón aer. Go leor Gaeilge fós á labhairt ach ní i measc an aosa óg? – cén fáth, sin an cheist.

Tá mise i mo chónaí sa Spidéal le breis is trí bhliain anuas, Gaeltacht láidir ar go leor bealaigh í an Spidéal, ach san am sin uile go léir, níor chuala mé daoine óga, is é sin daoine faoi fhiche bliain d’aois as an pharóiste ag caint i nGaeilge eatarthu féin ach dhá uair. Agus uair acu sin, ba léir go raibh gasúr díreach ag mess-áil thart is ag déanamh aithrise ar sheanfhear.

Chuala mé daoine idir 20 agus 30 ach caint i nGaeilge eatarthu féin ach mar sin féin, ba thearc sin chomh maith.

Mar sin féin, aisteach go leor, deirtear liom go bhfuil na daoine óga seo iontach báúil don Ghaeilge, agus go bhfuil siad bródúil go bhfuil an teanga acu agus gurb as an Ghaeltacht iad. Ach cheana, ní labhraíonn siad í.

Ní dhéanaimse aon bhreithiúnas orthu, is trua liom gurb é sin an cás. Ach tá cearta teanga acu, an ceart leis an Ghaeilge a dhiúltú san áireamh.

“Bás sóisialta a bheadh ann an Ghaeilge a labhairt,” a dúirt iardhalta Choláiste Chroí Mhuire, meánscoil an Spidéil, liom.

“Ní labhrófá an Ghaeilge sa scoil sin, outsider amach is amach a bheadh ionat.”

Ach an cainteoirí dúchais iad na daoine óga seo? An bhfuil siad ag séanadh a ndúchais nó díreach ag cloí le fíor-dhúchas s’acu – an Béarla?

Mar shampla, ní bhfuair ach 39.0% de theaghlaigh an cheantair Scéim Labhairt na Gaeilge iomlán in 2006.

Dar le Plean Teanga an Spidéal

  • “Tógadh níos lú ná leath den phobal le Gaeilge nó le Gaeilge den chuid is mó”
  • “Is as taobh amuigh den Ghaeltacht iad 42% den daonra.”

Sin dá staitistic thromchúiseach don teanga.

Sráidbhaile idirnáisiúnta an Spidéal ar go leor bealaigh. Mar gheall ar sin, cé go maireann an Ghaeilge mar theanga phobail, is í an Béarla teanga choitianta an phobail go léir.

“Is caol an seans gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga phobail a bheas ag an nglúin atá le teacht,” a deir an plean teanga agus SIN É, an buille marfach, an fhírinne lom.

Mar sin féin, tá sé tábhachtach gan an milleán ar fad a chur ar dhaoine atá ag bogadh isteach sa cheantar.

Tá cainteoirí dúchais ann atá ag tógáil a gcuid páistí le Béarla amháin agus tá daoine ann a rugadh is a tógadh sa cheantar a roghnaíonn gan an Ghaeilge a labhairt níos mó.

Ní minic a fhágtar gan smaoineamh mé, ach nuair a chuirim an cheist orm féin, “Conas a chuirfinn aos óg an Spidéil ag gaeilgeoireacht?”, caithfidh mé an cheist a fhreagairt go hionraic.

Níl barúil dá laghad agam.

Agus glacann sé sin ar ais mé chuig na comhráití ar thaighde Dhonncha, is minic a luadh an t-aos óg ann ach níor chuala muid glór an aosa óig iad féin.

Nach mbeadh sé go maith dá labhródh muid leo go díreach seachas a bheith ag caint fúthu agus ag déanamh tomhais ar a mianta?

Nach mbeadh sé go maith chun aos óg na Gaeltachta arbh fhearr leo Béarla a labhairt a fháil ar an raidió ag míniú dúinn cén fáth?

B’fhéidir go mbeadh smaointe acu faoi cén dóigh an Ghaeilge a láidriú nó b’fhéidir go gcuirfeadh siad in iúl dúinn nárbh fhiú iarracht a dhéanamh agus nach bhfuil suim acu ach sa Ghalldú?

Cibé caidé, mura gcuirfear an cheist, ní bhfaighfear aon fhreagra.

Posted in: Tuairim