Deis dheireanach do Shíocháin sa Mheánoirthear

Posted on Lúnasa 7, 2013 le

2



Cuireann lonnaíochtaí Iosrael sa Bhruach Thiar todhchaí na tíre mar stát Giúdach i mbaol a scríobhann Ciarán Dúnbarrach

archipelago-eastern-palestine

Léarscáil ‘grinn’ ag cur na críocha faoi leath-smacht na bPalaistíne mar oileánra

Cuireadh tús in athuair le cainteanna idir Iosrael agus na Palaistínigh an tseachtain seo caite. Táthar a rá gurb é seo an deis dheireanach do shíocháin sa Mheánoirthear.

Mar sin féin, tháinig sé chun solas ag tús na seachtaine seo go bhfuil Iosrael tar éis aitheantas dlíthiúil agus maoiniú a chur ar fáil do 3 lonnaíocht a mheas siad féin go raibh mídhleathach go dtí ar na mallaibh.

Bheinn den tuairim go pearsanta go bhfuil sé rómhall, nach bhfuil go leor talamh fágtha do na Palaistínigh chun Stát a bhunú ann – Is Giúdaigh iad 17% de dhaonra an Bhruaigh Thiar ach i 2010 measadh go raibh 42% de thalamh an Bhruaigh faoi smacht acu agus dar le taighdeoirí Palaistíneacha – 80% den uisce.

Leanann Iosrael ar aghaidh ag tógáil tithe ar an Bhruach Thiar, ag cur deireadh le haon dóchas go mbeidh stát Palaistíneach inmharthana ann, ach ag cur todhchaí Iosrael mar stát Giúdach go mór i mbaol chomh maith.

Tá fiú na cairde is fearr atá ag Iosrael, SAM agus an Bhreatain ag cur brú uirthi dul i mbun shíochána mar tuigeann siad féin an baol seo agus tá leideanna ann go bhfuil foighid na Meiriceánach is na Sasanach ag teip orthu le hIosrael agus an siar-thógáil ar an Bhruach Thiar, atá mídhleathach faoi dhlí idirnáisiúnta.

Dúirt Rúnaí Stáit Mheiriceá, John Kerry, an fear atá ag spreagadh na gcainteanna seo thar aonduine eile, “is é an réiteach dhá-stáit inmharthana an t-aon bhealach gur féidir deireadh a chur leis an choinbhleacht seo, agus níl mórán am lena dhéanamh, agus níl an dara suí sa bhuaile ann.”

palmap6

Léarscáil de chuid Hamas (حماس‎) den Phalaistín, gan stát Iosrael a léiriú ar chor ar bith

Is fiú a lua nach aon idirghabhálaí neamhspleách é Kerry, tá tacaíocht tugtha ag John Kerry do sheasamh Iosrael fríd a shaol polaitiúil agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar an 3 bhilliún (sin billiúin) a thugann Stáit Aontaithe Mheiriceá d’Iosrael in aghaidh na bliana. Tá sé seafóideach agus míchothrom go bhfuil ról lárnach ag SAM sa phróiseas seo dar liomsa.

Ach is soiléir go bhfuil Iosrael i bponc agus, ponc déanta acu féin, agus go dtuigeann na SAM sin. Is é sin le rá, ná (muna bhfuil sé tarlaithe cheana féin), go mbeidh sé dodhéanta stát do na Palaistínigh a ghearradh amach as na críocha gafa, agus codanna d’Iosrael mar is ceart.

Beidh Iosrael fágtha le 6 mhilliún Palaistínigh Arabacha, idir Chríostaithe agus Mhoslamaigh, faoina smacht díreach nó indíreach – beag beann má dhéanfaidh siad cuid d’Iosrael iad na críocha go hoifigiúil nó nach ndéanfaidh.

Beidh vóta éigin ag na daoine seo ach gan saoránacht Iosrael acu nó an ceart chun vótáil i dtoghcháin náisiúnta. Bheadh sé thar a bheith deacair d’Iosrael agus a lucht tacaíochta na cúinsí sin a chosaint. Cén fáth?

Is Giúdaigh iad 75.3% de dhaonra Iosrael i láthair na huaire, is Arabaigh iad tuairim ar 20.7% den daonra. Ach dar le staitisticí oifigiúla, a foilsíodh i 2012, is mionlach iad na Giúdaigh sa chríoch ar fad idir an Mheánmhuir agus Abhainn na hIordáine, más ar éigean é.

Má tá deireadh le dóchas gur féidir stát Palaistíneach, d’fhágadh sé sin 12 milliún faoi smacht ag Iosrael i gcónaí, an vóta mar is ceart ag an tromlach, tuairim ar 8 milliún (roimh pháistí a chur as áireamh) ACH gan ach tuairim ar 6 mhilliún acu sin ina nGiúdaigh. Sin 50/50 a bheag nó a mhór.

Map_Israel_Official_PPPA

Léarscáil Oifigiúil de chuid Iosrael nach léiríonn aon chríoch Phalaistíneach

Ach tá ráta breithe níos airde ag Palaistínigh agus Arabaigh Iosrael ná mar atá ag Giúdaigh, má leantar leis an ráta seo meastar go mbeidh 47% den daonra idir an Abhainn agus an Mhuir ina nGiúdaigh faoi 2020.

Bheadh an-bhrú ar Iosrael an vóta agus saoránacht a thabhairt do gach duine sa chríoch. Má tá an domhan sásta cabhrú le hIosrael maidir le cúrsaí slándála agus fiú chun tuilleamh talamh a ghabháil faoi láthair – chaillfeadh Iosrael bunús na tacaíochta sin dá mbeadh ‘apartheid’ oscailte ann agus dá mbeadh tromlach na ndaoine faoina smacht gan vóta.

Ach dá mbeadh vóta Iosraelach ag gach duine sa chríoch, chuirfeadh an daonlathas sin deireadh le hIosrael mar stát Giúdach thar oíche, réiteach ‘aon-stáit’ a bheadh ann, agus bheadh amhras mór ann faoi thodhchaí agus slándáil na milliúin Giúdaigh sa réigiún dá bharr.

Uime sin, bheadh rogha le déanamh ag Iosrael, gan mhoill, stát Giúdach nó stát daonlathach.  Mar a dúirt, tá siad i bponc anois, agus a bpolasaithe plandálaithe féin is cúis leis.

Mar sin féin, agus mé ag déanamh taighde don phíosa seo, léas go leor ailt ar an ábhar agus seachas ó pheann bholscaire nó beirt, níor mhothaigh mé aon dóchas, go háirithe i meas iad siúd atá daortha chun maireachtáil le chéile faoi chos is faoi eagal, go mbeidh aon rath ar na ‘cainteanna’ seo.

Posted in: Nuacht, Tuairim