Saoirse Cainte, tá sé ann nó nach bhfuil

Posted on Lúnasa 9, 2013 le

0



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Sula ndéarfaidh mé faic na ngrást, lig dom mo chuid cártaí a chur síos ar an tábla, creidim go láidir i saoirse cainte, creidim gur bunchearta daonlathach é. Dearbh-cheart iomlán atá ann dar liomsa, an t-aon bhac a chuirfinn air ná ar ghríosú chun foréigean.

Deir Bunreacht na hÉireann go bhfuil ceart ag gach “saoránach chun a ndeimhní is a dtuairimí a nochtadh gan bac.”

“Easaontaím lena bhfuil le rá agat, ach cosnóidh mé go bás do cheart é rá ,” a dúirt an Fealsúnaí Francach, Votaire, deirtear cibé ar bith. Inár n-am féin, dúirt an gníomhaire Meiriceánach, Noam Chomsky, “Mura gcreideann muid i saoirse cainte do dhaoine a bhfuil gráin againn orthu, ní chreideann muid ann ar chor ar bith.”free-speech

Aontaím go láidir leis an dís acu. Blianta ó shin, chreid an chuid is mó againn sin. Mothaím go bhfuil sé sin ag athrú áfach.

Bhí go leor taithí agam ar seo agus mé i m’eagarthóir nuachtáin. Is é sin le rá go raibh daoine an-mhí-shásta nuair a léigh siad tuairim nár aontaigh siad leo sa pháipéar agus go raibh siad den tuairim nár cheart go mbeadh a leithéid ann – ní hé go raibh siad ag iarraidh ceart freagartha – bhíodar ag iarraidh chinsireacht agus cosc a chur ar thuairimíocht ar bith nár aontaigh siad leo.

Daoine óga a bhí iontu seo den chuid is mó agus bhíodar i gcónaí ina liobrálaigh den eite chlé, gan eisceacht. Bhíodh daoine ón eite dheis iontach mí-shásta agus ag iarraidh cheart freagartha amháin ach ní bheadh siad ag iarraidh daoine eile a chur ina dtost.

Ar bhealach, is é an liobrálachas an ceartchreideamh úr, tá sé ag an phointe anois, cosúil leis an Mharxachas agus leis an Chaitliceachas roimhe, go gceapann sé go bhfuil an fhírinne aimsithe aige mar idéolaíocht, agus, mar a dúirt duine amháin liom, “tá an díospóireacht thart.”

Is é an rud a tharla ar ndóigh, ná go raibh an liobrálachas i gcónaí ar son shaoirse cainte agus coimeádachas i réim agus iad féin ag iarraidh an domhan a athrú, anois agus an malairt fíor, chan amhlaidh atá cúrsaí.

Títear domsa go bhfuil an liobrálachas tar éis athrú, ó idéolaíocht an duine aonair, go hídeolaíocht chomhchoiteann, ní don tsochaí ar fad ach do ghrúpaí sainspéise.

Le tamall anuas, bhí díospóireacht theasaí ann in Éirinn ar cheist an ghinmhillte, níl aon ábhar níos conspóidí ar an tsaoil seo agus níl an díospóireacht seo thart ar chor ar bith, níl sé ach ag tosú.

Bhí gníomhaíocht ghránna ar bun ag daoine áirithe ar an taobh ‘ar son beatha’ go cinnte, ar nós litreacha gan aithne a chur chuig polaiteoirí mar shampla.

Ach mhothaigh mé sa díospóireacht seo go raibh go leor míshástacht ann ar an taobh ‘ar son rogha’ go raibh an taobh ‘ar son beatha’ ann ar chor ar bith.

Chonacthas domsa go raibh daoine áirithe ag caint ar bhealach iontach contúirteach ag iarraidh chinsireacht a dhéanamh ar an taobh ‘ar son beatha’ agus ar ábhar feachtasaíochta s’acu.

Arís, má tá saoirse cainte le bheith ann, nach gcaithfidh sé a bheith ann do chách – go háirithe do na daoine a bhfuil gráin againn orthu nó ar a dtuairimí – nó an bhfuil an smaoineamh sin ag dul as faisean?

Thar aon rud eile, bhí go leor daoine míshásta gur labhair an Eaglais Chaitliceach ar an ábhar ar chor ar bith.

Ar ndóigh, creideann roinnt mhaith d’aos óg na hÉireann gur drochrud é an Caitliceachas nó aon chreideamh fiú agus gur rud olc go díreach é an Eaglais Chaitliceach mar gheall ar a teagaisc shóisialta agus thar aon rud eile an dóigh ar chosain an eaglais na sagairt is na bráithre a bhain mí-úsáid ghnéasach as páistí.

Mar sin féin, más cóir go mbeadh saoirse cainte ann do chách, nach bhfuil an Eaglais Chaitliceach san áireamh? Nach bhfuil an cead cainte ag an Eaglais Chaitliceach is atá ag grúpa sainspéise ar bith?

Ní gá éisteacht leo, ní gá aontú leo, caithfear ligin dóibh labhairt dar liomsa féin. An é go bhfuiltear ag iarraidh go mbeadh saoirse cainte ann – do chách a bhfuil dearcadh liobrálach acu amháin?

Nach bhfuil baol nach beag ann go bhfágfadh sé seo go leor daoine sa tsochaí gan saoirse cainte mar is ceart?

Cuirimse an cheist orm féin – An fíor-liobrálaigh gach duine a chuireann síos orthu féin mar Liobrálach ar chor ar bith? Nó an bhfuil an lipéad seo á úsáid ag grúpaí neamh-liobrálacha mar bhratach áise?

214161258

The World Press Freedom Index 2011-2012

Posted in: Tuairim