Mac Seáin : “Is bocht ár ndíbhinn”

Posted on Lúnasa 23, 2013 le

1



Óráid Shéamuis Mhic Sheáin ag seoladh leabhar Fheargail Mhic Ionnrachtaigh, Language, Resistance and Revival, sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar na mallaibh.

33_340

Séamus Mac Seáin, comhbhunaitheoir Ghaeltacht Bhóthar Seoighe

Le déanaí hionsaíodh beirt  Ghael maith de mo lucht aitheantais i mBéal Feirste – Máirtín Ó Muilleoir an tArd-mhéara duine amháin acu agus údar an leabhair seo, Feargal Mac Ionnrachtaigh an duine eile.

hIonsaíodh Máirtín go fisiciúil ag dream  aineolach antoisceach atá á ghríosú ag polaiteoirí  biogóideacha agus hionsaíodh  Feargal  le drochíde béil  ag  pearsa mór le rá teilifíse  a bhí i láthair nuair a thug Feargal caint ag imeacht de chuid Fhéile an phobail. D’ionsaigh an fear seo é go fíochmhar cionn is go raibh sé de dhánaíocht ann mar Fheargal  an dochar a rinne an coilíneachas in Éirinn do chultúr agus teanga na cosmhuintire a  shainmhíniú don lucht éisteachta.

Bhí an fear seo ar buille go raibh Feargal a léiriú  taobh d’imeallú agus bású na Gaeilge nach raibh ag teacht leis an dearcadh “happy clappy” atá aige féin ar an teanga agus chuir sé i leith Feargal go raibh sé ag  tarraing na Gaeilge isteach sa pholaitíocht agus ag baint úsáid aistí mar uirlís chogaí.  Is fear mór síochána é an fear céanna nach  n-abródh ‘boo’ le duine ar bith dar leat ach a thaispeáin taobh eile dá charachtar nuair a bhuail sé suas le duine a bhí ag nochtadh  barúil nach raibh ag teacht lena dhearcadh féin.

Ach cé hé an Feargal  mac Ionnrachtaigh seo a tharraing fearg  fhear na teilifíse air féin.  Poblachtach ó thaobh na dtaobhán é agus fear a chreideann i leas na cosmhuintire thar aon ní eile. Is dual mhuintire dó a bheith mar sin nó  daoine  uaisle a ba iad a mhuintir agus poblachtaithe go smior a d’fhulaing a lán ar son na cosmhuintire lena linn féin agus ar maraíodh mac dá gcuid go fabhtach ag dílseoirí agus é amuigh ag saothrú  ar son bean agus páistí.

feargal

Feargal Mac Ionnrachtaigh, údar agus gníomhaire Gaeilge agus pobal

Is den dream sin é Feargal  fosta a fuair iomlán a chuid oideachais fríd mheán na Gaeilge  tá Aisling Ní Labhraí ar dhuine eile acu chomh maith.  Ó naíscoil go bunscoil go meánscoil agus go hOllscoil uilig fríd mheán na Gaeilge áit ar chuir sé barr feabhais ar a chuid Gaeilge agus  áit ar scríobh sé filíocht agus gearrscéalta  sa teanga. Sin réabhlóid ann féin.  Mar sin is fear éirmiúil é  agus is é an leabhar seo  toradh a chuid oibre  mar  mhac léinn PHD. Is í an chéad dochtúireacht í a bronnadh ar iardhalta de chuid Choláiste Feirste ar feadh mo eolais agus tá mé cinnte go bhfuil a mhuintir agus an scoil ar aon bródúil as.

Bhí baint agam le bunú agus forbairt Choláiste Feirste ag tús a  ré breis agus fiche bliain ó shin.   Bhíodh aithne éigin agam ar chuid dena daltaí a tháinig isteach sa chéad chúpla bliain ach de réir mar a d’fhás an scoil  ní bhíodh aithne ró mhór agam orthu agus ní go dtí a bhliain dheireanach sa scoil  is cuimhin liom Feargal a fheiceáil.

Nuair a tháinig Tony Blair i gcumhacht  chuir sé fear a raibh John McFall  chugainn  mar aire oideachais abhus agus  ní raibh sé i bhfad sa phost nuair a d’iarr sé  a theacht ar chuairt chuig Meánscoil Feirste agus thuit sé ar mo chrannsa i gcuideachta an phríomhoide Feargus Ó hÍr  é a thionlacan thart ar an scoil. Ag deireadh a chuarta d’iarr sé labhairt leis an tséú bhliain agus d’fhiafraigh  sé  díbh an raibh suim ag duine ar bith acu sa pholaitíocht.  Chuir  gasúr amháin a lámh suas agus  d’fhiafraigh mo dhuine de cad é an páirtí a dtabharfadh sé tacaíocht do.  “Oh I’m not fussed,” arsa an gasúr, “as long as its an anti-Brit party.” Bhain sin siar as McFall agus d’imigh sé gan focal as.  Ba é Feargal  Mac Ionnrachtaigh an gasúr sin a chuir McFall ina thost agus an té ar chuir mé aithne air ar ball agus é ag obair le Forbairt Feirste. Tá sé ina chathaoirleach ar Ghlór na Móna,  grúpa atá ag iarraidh  an Ghaeilge  a chur chun tosaigh  agus leas an phobail a dhéanamh  san am chéanna in Uachtar Chluanaí.

Ar bhealach tá Feargal agus a ghrúpa ina gcomharbaí ar ghrúpa eile de Ghaeil a rinne sárobair sa cheantar chéanna ar son na Gaeilge agus ar son leas an phobail  breis agus daichead bliain ó shin mar a bhí Séan Mac Goill, Séamus de Napier, Ciarán Ó Catháin, Annraí Ó Catháin, Seán Mac Seáin agus Donncha Ua Bruadair ach go ndearna siad é le linn chogadh fuilteach a bheith ag dul ar aghaidh.

I 1969 tharla mé ag obair ag Comhaltas Uladh abhus agus hiarradh orm  labhairt le hoiread daoine agus b’fhéidir  le dearcadh daoine a fháil ar chur chun cinn na Gaeilge i measc na gnáthmhuintire. Labhair mé le céimí Ollscoile as an Fhrainc a bhí ag déanamh phd. ar Chonradh na Gaeilge ag an am ach nuair a d’fhiafraigh mé de cad chuige a raibh suim aige sa teanga dúirt sé nach raibh suim ar bith aige sa teanga ach go raibh sé ag déanamh staidéar ar an Chonradh mar fheiniméan sóisialta a bhí ag obair i measc an phobail choitianta  féachaint lena saol a athrú.

Bhí suim aige sa réabhlóid sóisialta  a bhí ar bun ag an chonradh agus ní ar an teanga per se.  Ba sa bhliain chéanna sin a dódh Bombay Street  agus is suimiuil gur Ghaeil a ba iad na daoine a chuaigh i mbun na hatógála agus a chruthaigh eastát Tionsclaíoch na Carraige Báine d’aon ghnó le leas an phobail a dhéanamh go díreach mar a rinne Conradh na Gaeilge ag an tús.  Is den mhúnla chéanna sin é Feargal agus a ghrúpa ceapaim agus ní iontas ar bith é mar sin gur roghnaigh sé ábhar an leabhair seo mar théama a dhochtúireachta. Image

“Its the fools role to speak truth on to power” a léigh mé áit éigin ar na mallaibh. Agus más ea is seort  amadán é Feargal a bhuí le Dia nó insíonn an leabhar seo an fhírinne do lucht cumhachta inár measc gan fiacail a chur ann.  Ba cheart cóip den leabhar seo a bhronnadh  ar gach  polaiteoir a labhraíonn ar ár son  nó tugann sé iarraidh dar liom a mhíniú  cén fáth nach bhfuil an chosmhuintir abhus ag baint tairbhe as cibé díbhinn síochána a ba cheart a bheith ann de bharr deireadh a bheith leis an chogadh, ar fhulaing siad an oiread  sin mar gheall air.

Cén fáth mar shampla a bhfuil an ráta  dífhostaíochta a dhá oiread níos mó go fóill sna ceantair phoblachtacha agus atá sé sna ceantair Aontachtacha, ainneoin cumhachtroinnt cumhachta a bheith i ann  le 13 bliain  agus 15 bliana déag i ndiaidh chomhaontú Aoine an Chéasta nó cén fáth a bhfuil  breis agus 50%  de dhéagóirí  gan obair  nó  cén fáth a bhfuil  an ráta  drochshláinte i bhfad níos airde  in Iarthar Bhéal Feirste ná i gceantar ar bith eile? Nó cén fáth a bhfuil  bás leanaí  i ndiadh á mbreithe níos airde?

Agus cén fáth a bhfuil liosta  i bhfad níos faide de dhaoine atá ag fanacht le teach  a bheith acu ná i gceantar ar bith eile? Cén fáth a bhfuil ráta bochtaineachta de 43%  i measc pháistí óga in Iarthar na Cathrach i gcomórtas le  21% in Oirthear na cathrach nó  cad chuige a mbíonn 60% de theaghlaigh gann ar bhia go minic nó  cén fáth  nach mbíonn go leor airgid ag 19% de theaghlaigh  Iarthar na cathrach le bróga a cheannacht dá bpáistí nuair atá siad de dhith  nó cén fáth go bhfuil  80%  de theaghlaigh beo ar  úsairí airgid le maireachtáil ó sheachtain go seachtain?

Agus cén fáth gur féidir le Peter Robinson a bheith ag maíomh  as an billiúin punt atá infheistithe ina dháilcheantar féin  in Oirthear Bhéal Feirste  ach nach bhfuil le maíomh as againn féin abhus ach dól nua ollmhór agus an t-ionad  sláinte  is mó  sa chathair  ag Beechhall.

Is bocht an díbhinn é sin dar liom ar son  40 bliain de  chruatan agus de fhulaingt  le linn cogaí agus an sin an fáth nár chaith ach 38% de mhuintir Iarthair na cathrach vóta sa toghchán dheireanach a bhí abhus.

D’fhéadfadh  an liodán sin de staitisticí  gruaim agus  éadóchas a chur ort ach i ndiaidh domh an leabhar seo de chuid Fheargail a léamh  tuigim nach aon éisceacht sinne sa tír seo  i taca le droch  shaoil na cosmhuintire de  i ndiaidh  réabhlóide  agus léiríonn Feargal gur tharla  a mhacasamhail fud fad an domhain  agus go háirithe sna tíortha sin ar ndearnadh  coilíniú orthu  ag  fórsaí impiriúlacha na hEorpa.  Ní haon iontas mar sin  go ndíríonn Feargal ar thíortha na hAfraice  agus ar an lorg a d’fhág an coilíneachas orthu sin agus tá go leor tagairtí sa leabhar  do scríbhneoirí  Afraiceacha  a scríobh faoin ábhar.

Is minic a chuirtear an Aifric Theas agus  an Stát  seo  againne ó thuaidh i gcomparáid  le chéile  ó thaobh  chinedheighilt agus  chreideamh-dheighilt   de agus throid daoine go cróga ina choinne agus d’fhulaing daoine a lán mar gheall air. Bíonn  ceannairí  polaitíochta  abhus  ag maíomh go minic as chomh cóngarach agus atá siad  do cheannairí an stáit nua  san Aifric Theas  ach níl a fhios agam an ábhar maíte é  stát nua  na hAfraice Theas  ach oiread lenár gceann féin,

Tá a fhios againn gurbh é Bobby Sands na Réabhlóide san Afraic Theas é Steve Biko agus gur mharaigh an Stát cinedheighlteach go brúidiúil é.  Laoch agus fear cróga gan amhras ach féach  anois  a bhean, a throid go cróga ina chuideachta,  ag rá gur stát coirpeach (corrupt!)  é an Afraic Theas  a bhfuil an réabhlóid  truaillithe  ag a cheannairí agus an saibhreas, an cúbláil airgid  agus an chumhacht  ina  bpríomh spriocanna acu cé  gur iarthrodairí ar son  na saoirse  is ea iad cuid mhór acu a chaith sealanna fada i bpríosún. Tá bean Bhiko anois  i mbun pháirtí  nua a bhunú le cur i gcoinne an ANC agus an choirpeacht a ghabhann leis. Tá tacaíocht an Easpaig Tutu aici san iarracht sin ach beidh troid aici nó tá  préamhacha na coirpeachta sáite go domhan  i sochaí na hAfraice Theas faoin am seo.

Caidé a  tharla mar sin do réabhlóid na hAfraice Theas  agus do réabhlóid  Bhobby Sands abhus go bhfuil  an chosmhuintir chomh holc as agus a bhí siad ariamh ainneoin lucht na réabhlóide a bheith i gcumhacht?  Tá míniú ag Feargal  sa leabhar seo  ceapaim ar caidé a tharla . Tá sainchursíos déanta aige ar oibríochtaí an nua-choilíneachais fríd an domhan agus an dóigh  a n-oibríonn an nua-coilíneachas i dtíortha  i ndiaidh  réabhlóide agus an dóigh a ndéanann an stát na  reibiliúnaithe a chomh shamhlú leis an stát nua le go leanfaidh an coilíneachas  ar aghaidh  ach é faoi cheannas eile.
Go hiondual nuair a thógann na nua-chóilinigh  smacht  ar chóras an stáit, líonann siad postanna agus coistí le daoine atá  ar aon intinn leo féin  agus  déanann siad  imeallú ar dhaoine atá  neamhspleách ina ndearcadh.  Cosctar saoirse chainte agus  cuirtear béalbhac  ar dhaoine nach nglacann le grúpa smaoinimh  na máistrí.  Is le fabhar agus le breabanna  go minic a  ranntar achmhainní  ar an phobal  seachas  de réir cearta nó riachtanais.   Sin tús na coirpeachta agus i ndiaidh tamall  glactar leis mar nós nó ní féidir leis an  phobal  feidhmiú  gan géilleadh do chóras an chara sa chúirt agus  an binn béal ina thost má tá siad ag  iarraidh rud éigin a chur i gcrích.

Is ar an dóigh sin a cheannaítear tost agus ag an phointe sin tá corpas iomlán  polaitíochta an phobail truaillithe agus glacann sé iarracht ollmhór lena bhogadh. Tá an pointe sin sroichte sa Aifric theas de réir cosúlachta ach is í an cheist atá ann an bhfuil sé sroichte againn go fóill inár mbaile dhúchais? thig libh féin tomhas a dhéanamh ar sin ach sibh breathnú thart oraibh. An bhfuil sainchomharthaí an nua-chóilíneachais le sonrú inár measc.

An bhfuil na grúpaí pobail den chuid is mó i seilbh daoine atá ar aon fhocal leis an bhunaíocht ó thaobh leas an phobail de? An bhfuil achmhainní an phobail a rannadh orthu sin atá umhal do na daoine a bhfuil téada an sparáin acu? an sin an fáth nach bhfuil ruaille buaille agus ágóidíocht ar bun faoin droch dhóigh atá ar an chosmhuintir i Iarthar Bhéal Feirste mar shampla ainneoin an líon is mó grúpaí pobail sa chathair a bheith lonnaithe ansin?  An bhfuil saintréithe an nua-chóilíneachas chomh bunaithe sin anois inár measc go bhfuil gach duine spleách ar a bhunaíocht ar son airgid agus postanna agus go mbíonn sé deacair labhairt amach ar eagla míshásamh a chur ar pháirtithe na bunaíochta nó mar a dúradh le poblachtóir amháin a ghlac seasamh faoi éagóir a bhí á dhéanamh ar Ghaeil óga “stop it you’re embarrasing the minister.”

An sin an fáth a dtiocfadh le hAirí de chuid Shinn Féin cearta saor thaistil a dhiúltú do pháistí Gaelscoile ainneoin ordú cúirte a bheith ann gur cheart a chur ar fáil nó go dtacaíonn Aire poblachtach le cinneadh na roinne oideachais go bhfuil sé inghlactha an lá atá inniú ann go mbeadh ar pháistí Ard Eoin dul síos bóthar na Seanchille go Coláiste Feirste agus nach bhfuil  siad i dteidil buspás a bheith acu? An sin an áit a bhfuil muid anois agus an bhfuil muid sásta glacadh leis? Ní shílim gur ar a shon sin a fuair Bobby Sands bás agus d’fhéadfadh leabhar seo Fheargail  soiléiriú a dhéanamh ar caidé atá ag titim amach sa tsochaí ina maireann muid agus go háirithe don chuid againn a thuigeann go bhfuil rud éigin mí cheart ach nach dtig linn focail a chur air. Is tús tuiscinte é an t-eolas agus tá sin curtha ar fáil ag Feargal i mo thuairim.

Tá athrú iomlán poirt de dhith i mo thuairim má tá an chosmhuintir lena gcearta a bhaint amach ach monuar ní an ascaill mhaorga go hallaí marmair Stormont atá an bealach chuige. d’fhéadfadh leabhar seo Fheargail solas a dhíriú ar an bhealach chuige ach é a bheith léite go forleathan.

Ceannaigh an leabhar agus léigh é. Tá ábhar machnaimh ann.

An bhfuil tuairim agat féin a ba mhaith leat a fhoilsiú – abair linn antuairisceoir@gmail.com, fiú má tá sé foilsithe cheana ar do bhlag féin bheadh fáilte roimhe! Is togra deonach pobal é seo atá ag bráth ar dhea-thoil an phobail.

Féach chomh maith

Language, Resistance and Revival”

Tionchar na Jailtachta faoi scrúdú

Posted in: Tuairim