An fhírinne shearbh faoin stát is an Ghaeilge

Posted on Meán Fómhair 3, 2013 le

2



Óráid an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i nGaelchultúr/Coláiste na hÉireann

 

Tá mé an-bhuíoch de Ghaelchultúr as cuireadh a thabhairt dom a bheith anseo anocht leis na teastais a bhronnadh orthusan atá i ndiaidh an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil a bhaint amach ag leibhéal 3 agus leibhéal 4 de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí.

 

Is cúis áthais dom a fheiceáil go bhfuil na fostaithe seo de chuid an stáit sásta dua a chaitheamh leis an teanga chun gur féidir leo seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil do lucht labhartha na teanga.

 

Is mór an onóir dom fosta go bhfuil iarrtha ag Gaelchultúr orm institiúid úr tríú leibhéal an chomhlachta, Coláiste na hÉireann, a sheoladh, mar aon leis an chéad chúrsa de chuid an choláiste sin, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán.

Tá muid ag crosbhóthar faoi láthair agus tréimhse fhíorchinniúnach romhainn amach maidir le cinntí faoin mbealach a fhreastalóidh an státchóras feasta ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá leasuithe le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is cosúil go bhfoilseofar go luath ‘Cinn an Bhille’ a thabharfaidh léargas dúinn ar an leagan amach úr a bheidh ar an reachtaíocht sin. Tá súil agam go dtabharfar aird chuí ar na moltaí agus ar na haighneachtaí a tháinig ón phobal nuair a iarraidh tuairimí beagnach dhá bhliain ó shin anois agus nach cur i gcéill a bhí sa phróiseas comhairliúchán sin.

 

Tá sé fíorthábhachtach go leasófar an tAcht le go mbeidh sé oiriúnach don fheidhm ba cheart a bheith aige, is é sin, go gcruthóidh sé áit agus spás don teanga i saol poiblí na tíre agus go mbogfaidh sé í ón imeall go dtí áit níos lárnaí. Caithfear freastal go cuí ar mhianta phobal na teanga agus tá súil agam go bhfuiltear dáiríre faoi seo a dhéanamh.

 

Tá dhá shlat tomhais an-simplí leagtha síos agam féin agus luaite go poiblí cheana agam a thabharfaidh léargas domsa faoi dháiríreacht na hiarrachta seo:

 

An gcinnteofar, sna leasuithe ar an Acht, go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll?

 

An ndéileálfar ag an am céanna le ceist na teanga in earcaíocht foirne don chóras

poiblí i gcoitinne?

 

Má theitear i ngleic leis an dá mhórcheist seo mar chuid den phróiseas leasuithe seo bheadh dóchas éigin ann go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh. Má sheachnaítear na ceisteanna seo nó más iarracht fhuarbhruite nó tuilleadh den chur i gcéill a bhfuil seanchleachtadh againn air a bheidh ann, tuigfidh muid ansin níos soiléire ná riamh staid na himeartha agus treo na gaoithe.

 

Ba mhaith liom beagán eolais a roinnt libh faoi thaighde nua atá déanta againn a thugann léargas ar an mbealach ar déileáladh leis an dá cheist chéanna seo ag tréimhsí difriúla i stair an Stáit.

 

An Ghaeltacht

 

Ar an 6 Meitheamh 1928 shínigh Risteárd Ua Maolchatha, Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte na linne, Ionstraim Reachtúil Uimhir 33 de 1928, Local Offices and Employments (Gaeltacht) Order, 1928. Faoi na rialacháin nua seo bheadh tréimhse trí bliana ag aon fhostaithe nua a mbeadh cúraimí Gaeltachta orthu sna húdaráis áitiúla nó sna húdaráis sláinte le hoiread Gaeilge a shealbhú le go bhféadfaidís a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin.

 

Bheidís le briseadh as a gcuid oibre mura mbeadh an cumas sin sa teanga bainte amach acu laistigh den tréimhse trí bliana.

 

Sa bhliain 1944, ar an 18 Iúil, shínigh Sean Mac Entee, an té a raibh cúraimí na Roinne Rialtais Áitiúil agus Sláinte ansin air, ionstraim reachtúil eile – Uimhir 76/1944 – Local Officers (Irish Language) Regulations, 1944, a leathnaigh scóip na rialachán agus a chuir le líon na bpostanna sa Ghaeltacht a mbeadh dualgas teanga ag baint leo. Arís, bheadh an té a bhí gan Ghaeilge tar éis trí bliana le briseadh as a gcuid oibre.

 

Ciallaíonn sin go raibh meicníocht dhlíthiúil ann le húdarás agus le cumhacht chun a chinntiú gur daoine ag a mbeadh Gaeilge a bheadh i mbun na hoibre seo don Stát sa . Ach

léiríonn ár gcuid taighde nár cuireadh na rialacháin seo i bhfeidhm riamh. Anois, mura raibh

siad le cur i bhfeidhm d’fhéadfaí iad a chur ar ceal nó a aisghairm ar fad. Ach ní dhearnadh

sin ach an oiread – rinneadh gníomh a bhí i bhfad ní ba shoiniciúla fós. Gach uair go raibh an

spriocdháta ag teannadh leo síníodh ionstraim reachtúil nua chun an dáta tosaithe a chur ar athló, ar feadh sé mhí nó bliain.

 

Léiríonn ár gcuid taighde gur eisíodh ionstraimí reachtúla a chuir an spriocdháta ar athló ar a laghad 54 uair idir 1928 agus 1966, tráth gur cuireadh deireadh ar fad leis agus gur ceapadh plean nua ina áit. Tá na hionstraimí reachtúla sin againn lena chruthú.

 

Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as.

Gaeilge ‘éigeantach’ sa státseirbhís

 

Cuireadh deireadh le Gaeilge ‘éigeantach’ sa státseirbhís le cinneadh Rialtais ar an 27 Meán

Fómhar 1974 – beagnach dhá scór bliain ó shin. Richie Ryan a bhí mar Aire Airgeadais agus

mar Aire na Seirbhíse Poiblí ag an am. Cuireadh an cinneadh i láthair an phobail go príomha

mar ghníomh le meas agus dea-mhéin a chothú don teanga. Ag labhairt dó sa Dáil ar an 5

Nollaig 1974 dúirt an tAire:

 

“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di…

Ba mhaith liom a chur in iúl go soiléir don Teachta nach céim síos é an cinneadh ach

a mhalairt. Tá an Ghaeilge agus an Béarla ar aon dul anois agus tig le duine don chéad uair post sa Státseirbhís a bhaint amach gan Béarla…

 

Ní bheidh aon easba Gaeilge, mar sin, sa Státseirbhís agus beidh fonn níos láidre chun feidhm a bhaint aisti toisc deireadh an éigeantais… Tá mé cinnte go mbeidh feabhas mór ar an scéal de bharr a bhfuil déanta ag an Rialtas…”

 

B’in an chaint sa Dáil. Ach tá na cáipéisí rialtais ar fad a bhain leis an gcinneadh seo agus a

bhí coinnithe faoi rún ar feadh tréimhse 30 bliain le feiceáil sa Chartlann Náisiúnta. Tá siad

léite agam féin le gairid. Chuir sé roinnt iontais orm agus mé ag léamh an ábhair a bhain le

Roinn an Taoisigh go raibh clár oibre i bhfad níos leithne i gceist leis an gcinneadh seo ná an

‘feabhas mór’ sin ar chúrsaí Gaeilge dar thagairt an tAire Richie Ryan sa Dáil.

 

Nuair a scrúdaítear na meamraim agus na cáipéisí eile sa Chartlann Náisiúnta, is léir go raibh tacaíocht mhór i measc na n-ardstátseirbhíseach do mholtaí an Aire. Ach tagann léargas eile chun tosaigh freisin – go raibh stocaireacht láidir agus leanúnach in aghaidh riachtanas na Gaeilge ó cheardchumann áirithe de chuid na státseirbhíse, ó eagraíochtaí a bhí ag feidhmiú thar ceann mhuintir Thuaisceart Éireann, thar ceann chlanna na n imirceach a bhí ag filleadh ar an tír seo, thar ceann daoine le míchumas nach raibh Gaeilge mar ábhar scoile acu agus ar ndóigh ag an nGluaiseacht Saoirse Teanga, .i., LFM, Language Freedom Movement – grúpa a bhí naimhdeach i leith ról an Stáit i gcur chun cinn na teanga.

 

Ina chuid anailíse féin sa mheamram Rialtais thagair an tAire Richie Ryan don dualgas teanga a bhí ar an Stát faoin bhunreacht agus dúirt gur gá freastal ar an chuid sin den phobal a roghnaigh an Ghaeilge dá ngnóthaí oifigiúla. “There has been legitimate criticism that this responsibility has not always been discharged. The position will tend to worsen if staff without Irish are recruited” a d’admhaigh sé.

 

I meamram eile thug státseirbhíseach sinsearach i Roinn an Taoisigh rabhadh a bhfuil a mhacalla le cloisteáil go soiléir inniu – dá gcuirfí deireadh le riachtanas Gaeilge: “…could lead eventually to a situation where few, if any, civil servants would have any knowledge of the language and it would almost certainly make it impossible to provide staff in sufficient numbers to deal with those who…would be entitled to expect to be able to conduct business in Irish with Government Departments and Offices.”

 

Chomhairligh státseirbhíseach sinsearach eile sa Roinn chéanna – a bhí go láidir in aghaidh na Gaeilge éigeantaí – don Taoiseach gur beag an mhaith a bhainfeadh le marcanna bónais don Ghaeilge ag agallaimh sa státseirbhís; “In most cases, the interview board will make certain, though the marking system, that the candidate who, to them, is best qualified for the job, irrespective of his knowledge of Irish, will get it.”

Leid agus leathfhocal a bhí ansin ó Nostradamus éigin go bhféadfaí na cosa a bhaint den chóras nua, fiú sula raibh sé tugtha i bhfeidhm!

Thacaigh Taoiseach na linne, Liam Cosgrave, go láidir le polasaí an Aire Richie Ryan ach i litir a sheol sé chuig an Aire ar an 6 Bealtaine 1974 chomhairligh sé nár cheart déileáil leis an cheist mar ábhar aonair ach i gcomhthéacs beartais níos iomláine, níos leithne i leith na Gaeilge. Ba léir gur thuig sé freisin “that the abolition of the requirement might cause some difficulties in regard to the Constitutional position of Irish as the first official language of the State and might lead to a situation where few civil servants would be able to conduct business in Irish with those members of the public who would wish and would be entitled to

do so.”

Ceacht na Staire

Tá ceacht na staire le foghlaim againn ón dá phíosa taighde sin – an dualgas teanga sa Ghaeltacht a cuireadh ar athló go soiniciúil bliain i ndiaidh bliana, ar a laghad 54 uair suas go dtí 1966 agus na leideanna atá le fáil sna comhaid Rialtais sa Chartlann Náisiúnta nach raibh gach duine dall ar na deacrachtaí a thiocfadh chun cinn nuair a chuirfí deireadh le riachtanas na Gaeilge don státseirbhís agus nach gá gur ‘feabhas mór’ ar chúrsaí Gaeilge a bhí mar spreagadh, dáiríre.

Tá deis stairiúil anois ann le dul i ngleic leis an dá réimse sin arís san athbhreithniú atá á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla sa tréimhse fhíorchinniúnach atá romhainn anois agus muid ag an chrosbhóthar sin dá ndearna mé tagairt ag tús na cainte seo. Tá leasuithe le déanamh ar an Acht Teanga agus cinntí tábhachtacha le déanamh faoin mbealach a fhreastalóidh an státchóras feasta ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Níor cheart an deis seo a ligean le sruth – ní féidir géilleadh do Bhéarla éigeantach. Mura seasfar anois le cearta teanga na nGael, má dhiúltaítear an deis a thapú, ní mhaithfidh na glúine atá le teacht dúinn é.

Gaeilge gan cheist, gan choinníoll

Ba cheart go gcinnteoidh na leasaithe atá le déanamh ar an Acht Teanga go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll. Ag tráth go bhfuil an státchóras ag díriú i dtreo dualgais phleanála teanga a leagan ar na pobail féin sa Ghaeltacht, creidim go mbeadh sé áiféiseach go mbeadh an státchóras féin ag brú Béarla orthu lena gcuid gnóthaí a dhéanamh.

 

B’ionann sin agus an Stát ag rá le pobal na Gaeltachta “Labhraígí Gaeilge le chéile, coinnígí beo í mar theanga pobail ach ná labhraígí linne í!”. Ní bheadh aon mhórchostas breise nó suntasach i gceist sa leasú seo – níl i gceist ach eagrú agus lonnú foirne a bhfuil Gaeilge acu cheanna féin in oifigí sa Ghaeltacht nó lasmuigh den Ghaeltacht atá ag déileáil le pobal na Gaeltachta.

 

Polasaí earcaíochta

Is gá freisin dul i ngleic leis an fhadhb is bunúsaí dá bhfuil ann maidir le soláthar seirbhísí stáit trí Ghaeilge, i.e. easpa foirne sa chóras poiblí ag a bhfuil cumas in dhá theanga oifigiúla an Stáit.

 

Beidh maolú ar an embargo reatha ar earcaíocht in am trátha. Thug an Roinn Oideachais agus Scileanna le fios dom cúpla bliain ó shin nach raibh dóthain Gaeilge ach ag 1.5% dá foireann riaracháin chun seirbhís a chur ar fáil sa teanga sin. Ní haon eisceacht í an Roinn sin agus tá easpa cumais sa Ghaeilge forleathan i bhformhór na Ranna Rialtais agus na ngníomhaireachtaí stáit.

 

Léiríonn an staitistic sin ón Roinn Oideachais agus Scileanna scála na géarchéime – fíorú na réamhaisnéise sa bhliain 1974 ó státseirbhísigh áirithe i Roinn an Taoisigh ar thagair mé dóibh ar ball beag.

Ar ndóigh, níl aon duine ag moladh gur cheart filleadh ar chóras na Gaeilge éigeantaí, ach is gá teacht ar chomhréiteach éigin mura bhfuil an Béarla le bheith ina riachtanas don phobal ina ngnóthaí ar fad leis an Stát.

 

An bhfuil muid – agus muid ag druidim le comóradh cead bliain Éirí Amach na Casca 1916 – chun Béarla éigeantach a chur in áit na Gaeilge éigeantaí i gcóras stáit na tíre seo?

 

Leis sin a sheachaint theastódh gníomh athchothromaithe, trí idirdhealú dearfach nó a leithéid, fiú ar feadh tréimhse shealadach, le líon leordhóthanach d’fhoireann ag a mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge a chinntiú sa tseirbhís phoiblí.

 

Sa bhreis air seo, is léir gur gá do chóras foirfe oiliúna agus traenála a bheith ann le forbairt a dhéanamh ar chumas teanga na foirne sa státchóras. Ba cheart go ndéanfaí foráil do chóras den chineál sin agus go mbeadh teastais aitheanta le fáil a léireodh go cruinn cumas na mball foirne seirbhísí a sholáthar i dteangacha oifigiúla an Stáit. Ba cheart go mbeadh dualgas dá réir ar an bhfoireann a bhainfeadh tairbhe as an oiliúint agus as an traenáil sin de chuid an Stáit seirbhís i nGaeilge a thairiscint don phobal.

 

Is tús maith é an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil seo de chuid Ghaelchultúir ach tá sé tábhachtach go mbeadh comhlachtaí an stáit sásta an deis a chur ar fáil dá bhfostaithe tabhairt faoin cháilíocht seo. Agus ba cheart fostaithe a roghnú ar bhonn straitéiseach chun tabhairt faoin Teastas chun a chinntiú go mbeidh scileanna cearta Gaeilge ar fáil i ngach rannán de gach comhlacht poiblí.

 

Tréaslaím le Gaelchultúr an obair atá déanta acu le hocht mbliana anuas, go háirithe ó thaobh oiliúna san earnáil phoiblí de. Guím gach rath ar an tionscadal úrnua seo, Coláiste na hÉireann, agus ar céad chúrsa an choláiste, an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán. Tá súil agam go mbeidh ráchairt ar an chúrsa sin agus ar chláracha eile an choláiste agus go mbeidh go leor d’fhostaithe an stáit i measc chéimithe Choláiste na hÉireann sna blianta atá amach romhainn.

A chairde, fógraím Coláiste na hÉireann agus an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán seolta go hoifigiúil anois.

Posted in: Nuacht