Ménage à Trois – FF, FG 7 SF

Posted on Meán Fómhair 3, 2013 le

2



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Sin é mar sin, ar ais ar scoil, deireadh leis an tsamhradh agus níos tábhachtaí arís deireadh, tá súil againn, le séasúr na seafóide sna meáin.

Beidh ár bpolaiteoirí ar saoire rud beag níos mó áfach, ní bheidh siadsan ar ais ar scoil go dtí leath i ndiaidh a dó Dé Céadaoin, 18 Meán Fómhair, tar éis naoi seachtaine ar saoire.

Beidh Tionól an Tuaiscirt i mbun ghnímh, más é sin an focal cuí, arís Dé Luain 9 Meán Fómhair.

PA-13871838-390x285

Gerry Adams, ceannaire Shinn Féin – Ar bhféidir leis an bhfaitíos, nó an deistín fiú, roimh an fhear seo Fine Gael agus Fianna Fáil a bhrú le chéile?

Ar na scéalta polaitíochta is mó agus is seafóidí a bhí againn i séasúr na seafóide i mbliana bhí an ceann faoi athshainmhíniú ar choincheap an phósta chun pósadh idir Fhianna Fáil agus Fine Gael a chur san áireamh.

Chuala muid go leor tráchtairí ag caint faoin phósadh seo ar dhóigh go sílfeadh duine go mbeadh sé ar dhóigh éigin réalaíoch. Comhairle in aice lena dtoil féin atá ann.

Ar ndóigh, tá comhrialtas idir an dá pháirtí luaite ag Mary O’Rourke, iar-leas-cheannaire Fhianna Fáil. Ar lámh amháin, chan ionann sin is cumasc eatarthu ach tá na difríochtaí idir an dá pháirtí chomh caolchúiseach sin ná gurb é sin an toradh nádúrtha ar chomhrialtas eatarthu.

Sin cad tuige nach dtarlóidh comhrialtas eatarthu dar liom, seo cén fáth.

In 2011, fuair Fine Gael 36.1% den vóta, fuair Fianna Fáil 17.4%, sin 53.5% le chéile, ach toghchán as an ghnáth a bhí ann. Sa toghchán roimhe sin 2007, fuair Fianna Fáil 41.5% agus fuair Fine Gael 22.5%, sin 64% nuair a chuirtear le chéile iad.

Agus i dtoghchán 2002, bhí 67% den vóta ag an dá pháirtí mhór seo curtha le chéile.

Seo an rud, i dtír ar bith daonlathach, chan go minic a tharlódh sé go bhfaigheadh páirtí ar bith níos mó ná 60% den vóta.download

Níor sháraigh Fianna Fáil féin 50% den vóta ó fuair siad 50.6% in 1981, faoi cheannaireacht Rí Inis Mhic Aoibhleáin, Séarlas Ó hEochaidh.

Is dóigh liomsa, dá dtiocfadh siad le chéile, go dtitfeadh a vóta comhcheangailte ó 60% nó níos mó go tuairim is 40% thar oíche agus go gcaillfeadh a lán teachtaí dála a suíochán dá bharr.

Mar a deir an Béarla, cha vótálann turcaithe don Nollaig.

Ciallaíonn an córas seo go raibh Fianna Fáil nó Fine Gael i gcumhacht ó bhí 1923 ann. Go bunúsach mar sin, ó thaobh pholasaithe sóisialta agus eacnamaíochta de, bhí stát aonpháirtí againn ó bunaíodh an stát. An rud is  áistí faoi ná gurb é sin toil na dtoghthóirí.

Chan ionann sé sin is a rá nach bhfuil miondifríochtaí idir Fhianna Fáil agus Fine Gael, tá agus tá suntas leo.download (1)

Deirtear gurb é an bhun-difríocht a bhíodh ann riamh ná go raibh Fine Gael dílis don stát, an stát a bhunaigh siad, go raibh Fianna Fáil dílis dá bpáirtí agus don náisiún, seans gurb ionann an dá rud dar leo, thar an stát.

Ar an lámh eile, bhí Sinn Féin dílis dá ngluaiseacht féin idir pháirtí agus arm riamh agus don náisiún mar a thuigtear dóibh é gan aon dílseacht don stát idir.

Tá cuid mhór de na tuairimí seo spreagtha ag an fhaitíos go mbeidh Sinn Féin agus Gerry Adams go háirithe mar chuid den chéad rialtas eile.

Dá mbeadh rogha ann, tá mé ag déanamh go roghnódh Fianna Fáil dul i mbun chomhrialtas le Sinn Féin ach go roghnódh Fine Gael Fianna Fáil.

Rachadh Sinn Féin isteach le dream ar bith ar an tsaol, fiú dream a chreideann go bhfuil an domhan 3,000 bliana d’aois agus gurb an Pápa an frithChríost – tá fianaise agam don ráiteas sin don té atá in amhras faoi.

Mar sin féin, bheinn den tuairim, cé gur breá le Sinn Féin a bheith i gcumhacht thuaidh agus theas don bhliain chomórtha ar Éirí Amach na Cásca 1916, bheadh siad níos sásta arís dá dtiocfadh leo Fianna Fáil is Fine Gael a bhrú le chéile – ach arís, sin fáth eile nach dtarlóidh sé dar liomsa.

Cleamhnas idir Fhianna Fáil agus Fine Gael?

Posted in: Tuairim