Eisimirce – an rud cultúrtha é?

Posted on Meán Fómhair 5, 2013 le

3



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Tá aithne agam ar dhuine atá ar tí Éire a fhágáil agus dul anonn go dtí an Astráil. Beidh an duine seo ag leanúint na mílte eile ar an turas sin agus beidh páirteach i bpobal mór Éireannach thall ansin gan amhras.

Cén fáth a bhfuil sé ag imeacht, dífhostaíocht an é? Déanta na fírinne, ní hea. Tá post buan ag an duine seo agus caighdeán maireachtála ‘compordach’ mar a déarfá.

SWF++USI+Students+Protest+Emigration

Chan inniu ná ‘dhé a thosaigh an daoine ag dul ar imirce as Éirinn

Caidé as a bhfuil a thír, a theaghlach is a phost a fhágáil mar sin?

Ar ndóigh, ní féidir liomsa an cheist seo a fhreagairt go hiomlán cruinn ach thig liom cur síos áirithe a dhéanamh ar na cúiseanna.

Go bunúsach chun saol níos fearr a bheith aige, saol níos mó a bheith aige, chun níos mó deiseanna a bheith aige, chun maireachtáil i dtír a bhfuil aimsir níos fearr inti, agus thar rud ar bith eile chun díreach éalú as tír seo nár fhreastail ar riachtanais phearsanta s’aige mar is ceart.

Ag tús na bliana seo caite, chuir an tAire Airgeadais, Micheal Noonan, conspóid ar bun nuair a rinne sé trácht ar an eisimirce, ag déanamh cur síos air mar “shaor-rogha de stíl mhaireachtála”, dúirt sé gurb “oileán beag í [Éire]. “Ba mhaith le cuid mhór daoine imeacht ón oileán,” dar leis.

“Níl sé á thiomáint ag an dífhostaíocht sa mbaile, tá sé á thiomáint ag an fhonn chun cuid eile den domhan a fheiceáil agus cur faoi ansin.”

Ní aontaím le gach rud a dúirt sé, nó leis an stíl ina ndúirt sé é, ach mhothaigh mé nuair a chuala mé an chaint seo, go raibh rian na fírinne ann. Ní nach ionadh, bhí raic ann sna meáin mar gheall air, ach mar sin féin, tar éis chúpla lá, mhothaigh mé go raibh go leor daoine ar an tsráid ag aontú le caint an Aire.

Dar le suirbhé a foilsíodh i mí Bhealtaine, fhág 300,000 daoine, 40% acu idir 15-24, Poblacht na hÉireann le 4 bliana anuas.

Tá croíthe á mbriseadh gan amhras, croíthe a dtuismitheoirí go háirithe agus is cinnte go mothaíonn go leor daoine óga nach bhfuil an dara rogha acu ach an tír seo a fhágáil. Lena chois sin, tá an méad sin daoine óga ag imeacht i láthair na huaire, b’féidir go mbeadh siad níos uaigní agus níos stoití sa mbaile ná thar sáile.

Mar sin féin, tá aithne agam ar go leor daoine agus tógadh iad don bhád bán, níor smaoinigh siad riamh roimhe faoi shaol a chaitheamh in Éirinn agus níor thug a dtuismitheoirí aon spreagadh  dóibh fanacht. Bhí na tuismitheoirí sin croí-briste ach toileach go leor go raibh sé de mhisneach ag páistí s’acu an t-oileán seo a fhágáil agus iad an-óg ar fad.

Ag an Nollaig, bhuail mé le scaifte daoine nach bhfaca mé le fada, gaolta liom ina measc, i dtoigh tabhairne, i mo pharóiste dúchais. Chuir mé ceist ar na daoine seo, cén fáth ar imigh siad? Agus cén fáth nach dtiocfaidh siad ar ais?

Bíodh a fhios agaibh gur fhág na daoine seo uile go léir Éire agus an Tíogair Cheiltigh i mbarr a nirt agus go leor poist agus airgead ar fáil thuaidh agus theas, ach chuir mo cheist an-iontas orthu go léir.

“Oscail do shúile, amharc thart! Cén fáth a bhfanfadh duine ar bith anseo?” a d’fhreagair duine amháin.

“Níl rud ar bith anseo, níl rud ar bith le déanamh in áit mar seo,” a d’fhreagair duine eile.

Agus sinne inár seasamh sa teach tabhairne sin ar an tsráidbhaile, áit ghalánta. Cuireadh in iúl dom go raibh sé deas a bheith in áit mar seo ó am go ham, ach den chuid is mó go raibh na tithe tábhairne in Éirinn “uafasach”. Go raibh an saol sóisialta i gcoitinne “uafasach”, beag beann ar ár mbolscaireacht go léir faoin ‘chraic’.

Rinneadh cur síos ar an tsaol thall san Oileán Úr, mar ba é seo an dream deireanach a d’éirigh leo na Stáit Aontaithe a bhaint amach go furasta.

Luadh tithe tábhairne, an saol sóisialta, an trá, an aimsir, cúrsaí ceoil, cúrsaí bídh, ski-áil, spórt, chuile rud faoin spéir.

In deireadh na dála, b’fhearr leo saol Mheiriceá agus na deiseanna uile go léir ná saol a chaitheamh in Éirinn, beag beann ar chúrsaí airgid – “caidé a chaithfeá do chuid airgead air in Éirinn,” mar a dúirt duine amháin.

Seo daoine nár chuala ceol traidisiunta na hÉireann riamh, seachas na ‘Wolfe Tones’, daoine gan aon Ghaeilge, daoine nach bhfuil cuimhne acu ar ainm a mbailte fearainn agus nach bhfaca riamh lár Bhaile Átha Cliath nó Bhéal Feirste.

Fá dheireadh, cé nár bhain duine ar bith acu féin úsáid as an fhocal, i ndeireadh na dála, thuig mé go ndeachaigh an ghlúin seo ar imirce mar gheall ar chúrsaí cultúrtha, nó le bheith níos beaichte arís fá dtaobh de, an easpa de in Éirinn.

Mar sin de, cé nach ionann a gcás agus cás dhaoine atá luath sna fichidí inniu, agus dífhostaíocht go creathnach dona ar fad, títear domsa cibé ar bith, go raibh an ceart ag Michael Noonan agus nach í an dífhostaíocht amháin atá ag brú an aosa óig amach as an tír seo.

Clibeanna: ,
Posted in: Tuairim