Na Baincéirí sa Dáil

Posted on Meán Fómhair 8, 2013 le

0



Príomhfheidhmeannaigh na mBanc ós comhair Fhochoiste Airgeadais na Dála, tuairisc le Seán Mícheál Ó Donnchadha 

An Banc- Aontas Éireann [AIB]

Ba é David Duffy an chéad phríomhfheidhmeannach bhainc a tháinig ós comhair Fochoiste Airgeadais na Dála chun an ghéarchéim mhorgáiste a phlé. Dar leis an Banc Ceannas bhí 98,000 morgáistí  i riaráiste ag deireadh Mhí an Mheithimh.

Bhí targaid tugtha ag an Banc Ceannais go mbeadh ar gach banc réiteach buan a bheith socruithe le custaiméirí a raibh a mhorgáistí i riaráiste le deireadh mhí an  Mheithimh.  Dúirt cathaoirleach an fhochoiste, Ciaran Lynch, go raibh na cruinnithe seo ag iarraidh réitigh fadtéarmacha inbhuanaithe [sustainable long term solution] a fháil don ghéarchéim mhorgáiste agus chun an ualach ar úinéirí tí atá ag streachailt le fiacha a laghdú.

Dúirt an príomh fheidhmeannach David Duffy go raibh cinneadh déanta ag 4% dá gcustaiméirí gan a mhorgáistí a íoc. Tá a ndóthain airgead ina gcúntas banc ag 2,000 custaiméirí atá taobh thiar ina n-íocaíochtaí morgáiste leis na riaráistí a íoch. Is iad seo na mainnitheoirí straitéiseacha [strategis defaulters] a bhíonn na bainc ag caint fúthu.An-Allied-Irish-Banks-bra-001

Tá 1,000 custaiméirí a cheannaigh cóiríocht len é a ligint amach ar chíos agus a bhí chun an cíos a íoc ina iomláine leis an banc ag úsáid an airgead sin do riachtanais eile anois.

Seo achoimre ar dul chun cinn an banc leis na riaráistí.

  • Réiteach  buan le 4,400 custaiméirí le díscríobh   [ write-off] i 1677 cásanna
  • Tairiscintí tugtha do 12,500 custaiméirí chun teacht ar réiteach ar riaráistí
  • Tá 153 morgáistí scoilte aontaithe
  • Tá 5,000 litreacha dlíthiúla curtha amach go dtí custaiméirí i riaráistí chun idirbheartaíocht a thosnú ar réiteacht na faidhbe
  • Tá targaid an Bhainc Ceannais sroichte acu

Is é Banc –Aontas Éireann an t-aon bhainc ná cuireann ús ar an chuid den iasacht atá parcáilte i gcásanna morgáistí scoilte. Ciallaíonn sé sin má tá morgáiste scoilte agat leis na trí bhainc, Banc na h Éireann, Banc Uladh agus PTSB go mbeidh ort níos mó airgead a aisíoc i ndeireadh thiar thall. Sin an fáth go bhfuil gearán faoi na bainc seo gurbh é a réiteach ar cheist na riaráistí ná tuilleadh riaráistí a leagadh ar na custaiméirí atá i dtrioblóid leo.

 

Banc na hÉireannth

Dúirt Richie Boucher go raibh 19,093 morgáistí i riaráiste de nócha lá. Tá réiteacht inbhuanaithe tugtha acu do 11,744 custaiméirí, litreacha dlíthiúla san áireamh. Bhí conspóid san fochoiste go raibh na bainc ag maíomh gur chuid de réiteach na faidhbe ná litreacha dlíthiúla ach dúirt na bainc gur aontaigh an Banc Ceannais le seo. Bhí cuid des na baill san fochoiste Dála ag rá gur cheart Áisíneacht Neamhspléach[independent agency] a bheith ann chun monatóireacht a dhéanamh ar an próiséas idirbheartaíochta idir na bainc agus na custaiméirí i dtrioblóid. Seo achoimre ar an dul chun cinn;

  • Réiteach buan do 3,164 custaiméirí gan díscríobh i gceist
  • Tairiscintí tugtha do 3,103 custaiméirí chun teacht ar réiteach ar riaráistí
  • Tá targaid an Bhainc Ceannais sroichte acu

 

Banc Uladh

Dúirt Jim Brown go raibh 18,025 morgáistí i riaráiste de ós cionn nócha lá. Seo achoimre ar an dul chun cinn;

 

  • Réiteach buan ar 4,038 custaiméirí gan díscríobh i gceist
  • Socrú gearthéarmach le 500 custaiméirí, saoire ar aisíocaíochtaí san áireamh
  • Tairiscintí tugtha do 9,000 custaiméirí chun teacht ar réiteach ar riaráistí
  • Tá targaid an Bhainc Ceannais sroichte acu

 

Banc Taisce Iontaobhais Buan [Permanent Trustee Savings Bank-PTSB]

Dúirt Príomh Feidhmeannach Jeremy Masding go raibh 25,000 dá  gcustaiméirí i riaráiste ag deireadh Mhí an Mhárta. I mhí Meán Fómhair tá :

  • Réiteach buan le 9,000 custaiméirí, gan díscríobh san áireamh
  • Socrú gearthéarmach le 10,000 custaiméirí
  • Tá targaid an Bhainc Ceannais sroichte acu
Clibeanna: ,
Posted in: Nuacht