Scéal Mhaidhc Dainín

Posted on Meán Fómhair 11, 2013 le

0



Maidhc Dainín Ó Sé, ceoltóir ildánach agus scríbhneoir tréitheach.

Focail le Seán Mícheál Ó Donnchadha

Bá fear ilchumasach Maidhc Dainín Ó Sé ó Carrachán in aice Feothanach i nGaeltacht Chiarraí Thiar a fuair bás le deanaí ag aois 71.

Údar torthúil, ceoltóir, amhránaí, cumadóir, file, tiománaí lorraí, oifigeach ceardchumann, feachtasóir ar son cearta sibhialta, teifeach fillte, macasamhail den meitheal tuaithe, foireann iomlán daoine i gcorp amháin.

Mar a tharla d`a lán daoine ón dtuath in Éirinn sna daicheadaí agus na caogaidí bhí air dul ar imirce agus chuaigh sé go Sasana ar dtús agus ansin go Chicago mar a raibh cuid dá gclann ann cheánna.

MaidhcDaininOSeStory

Maidhc Dainín Ó Sé, nach maireann

Fad agus a bhí sé ag obair don  ghnólacht postdíola [mail order company] Sears Roebuck sna seascaidí chonaic sé fadhbanna cearta sibhialta mór thimpeall air, nár thaitin leis, leatrom a ndéanamh ar an cinne gorm ach go háirithe,  agus rinne sé cinneadh a chlann óg a athshuí                  [ relocate] go hÉirinn chun go dtógfaí iad in atmaisféar níos suaimhní.

Phós sé Caitlín Nic Gearailtin  ón Gleanntán, Oileán Chiarraí nuair a bhí sé in Chicago agus bhí beirt chlann acu Caoimhín agus Deirdre nuair a rinne siad an cinneadh teacht abhaile.

Ar ais  in Éirinn thosnaigh Micí Dainín, mar a thugtaí air go háitiúil,  ar saol ghairme dearscnaitheach [distinguished] . Tugtar “Bliain an Scannáin” ar 1969, an bliain a thángadar abhaile, mar gurbh é an bliain a tháinig David Leen go Corca Duibhne ag déanamh an Scannán Ryan`s Daughter.

D`fhéadfadh Maidhc Dainín cosúil len a lán daoine sa cheantar  obair a fháil ar an scannáin ach thóg sé post níos fadtéarmaí leis an uachtarlann sa Daingean, ag críochnú mar thiománaí lorraí ag tarraingt an bainne ón nDaingean go dtí  monarchain déantúsaíochta Comharchumann  Chiarraí i Lios Tuathail.

Rugadh trí  phaistí eile sa chlann, Danny, Daithí agus Marianne. Bhíodh comhráite greannmhara  sa chlann le déanaí ó thárla gur phearsanta aitheanta Dáithí ar an teilifís anois cé a bhí níos tábhachtaí gur fearr aithne a bheith ort mar mhac Maidhc Dainín nó mar athair Dháithí Uí Shé.

Ba thragóid mhór i saol na clainne bás tobann a iníon Deirdre in Philadelphia, áit mar ar d`fhill shí agus mar a bhí sí pósta le clann óg.

Marbh é Caitlín a ghrá gheal bá é an cheol a chéad ghrá agus cheannaigh sé a chéad bhosca cheoil trí ghnólacht postdhíola taréis gach pingin rua a shábháil tríona obair mar déagóir. Sheinn sé ag na hallaí áitiúla sa Ghaeltacht do na scoláirí samhraidh a bhí ag foghlaim na teanga .

Lean sé leis an ceol agus sheinn sé sna hallaí móra gaelacha i Londain agus Chicago agus sheinn sé le macasamhail na ceoltóirí iomráiteacha mar Joe Cooney.

Taréis do teacht abhaile ní fada go raibh  aitheantas air mar chairdíneoir [accordion player] ar an stáisiún nua Radio na Gaeltachta.

D`fhreastail sé go rialta ar Fhéile an Oireachtais agus chuir a gcuid ceol go mór le h-atmaisféar an sár fhéile tradisiúnta seo.

Fear tréadúil charasmatach [ gregarious, charasmatic] a raibh a gcosa i gcónaí ar an dtalamh aige le folt sainiúil de ghruaigh bhán. D’aithneód daoine é agus bheadh fáilte is fichead roimhe ag cách i mblianta deiridh dá saol.

ba520-1Seo mar a thárla dó óir rinneadh a chéad agus a leabhair is fearr A Thig na Tit orm a fhoilsiú ag Coiscéim i 1987. Scéal saghas dírbheathaisnéiseach a bhí ann ar a shaol ag fás aníos i gCiarraí Thiar, ar a iarrachtaí máistreacht a fháil ar an mbosca ceol, agus a gcuid taithí, cuid acu an-ghreannmhar , mar imirceach ar shráideanna Londain agus Chicago.

Mar gheall ar a bhua litríochta agus an moladh a fuair sé ó léirmheastóirí teangan cuireadh A Thig ná Tit Orm ar shiollabas na hArdteistiméireachta in áit Peig, cinneadh a chuaigh go mór i bhfeidhm ar scoláirí thar na blianta. Mar a dúirt Maidhc Dainín go greannmhar go minic “Bá mise an fear a chaith Peig amach as an leaba.”

Scríobh Maidhc Dainín naoi leabhair déag i nGaeilge tar éis a mhór éacht leis an leabhair A Thig ná Tit Orm , ceithre leabhair do pháistí óga  san áireamh, agus ba é Punt Isló a leabhair deireanach a foilsíodh cúpla mhí ó shin.

Bhí leabhair eile idir camáin aige do pháistí óga agus ceaptar go bhfoilseofaí é iarbháis sna míonna amach romhainn.

Rinneadh dhá leabhair dá shaothar a aistriú go Béarla.

D`fhoilsigh dhá dhlúthdhioscaí dá gcuid ceol agus é a thionlacan ag Caoimhín agus a dhlúth cara, an ceoltóir Feargus Ó Flaithbheartaigh.

Maireann a bhean chéile Caitlin, a mic Caoimhín, Dáithí agus Danny  agus a n-iníon Marianne.

In thuairimse beidh tábhacht litríochta fé leith ag leabhair Maidhc Dáinín sna blianta atá romhainn mar choimeád sé an traidisiún sin a bhí ag Muintir an Bhlascaoid, leabhair a scríobh mar a labhair siad.

Ar dheis láimh dé go raibh a anam uasal.

Posted in: Nuacht