Martin O’Neill – an ndéanfadh sé jab don Phoblacht?

Posted on Meán Fómhair 19, 2013 le

0



Mairtin O’Neill – Cur Chuige Fóiréinseach Chun Cluichí a Bhuachan

Seán Mícheál Ó Donnchadha

In ainneoin go bhfuair Sunderland réidh leis tar éis ocht mí dhéag tá an bainisteoir iomráiteach mar mhór-rogha na n-údar do phost bainistíochta na hÉireann anois.

Cé go ndéarfaí go bhfuil cúrsaí peile níos tábhachtaí ná bás agus beatha is maith le Martin O’Neill bheith ag breathnú ar áiteanna eile dorcha. Go gairid tar éis do bhainistíocht a ghlacadh ar Wycombe Wanderers sa bhliain 1990 thug sé cuairt ar láthair na coire in aice láimhe. Bhí O’Neill ag iarraidh níos mó eolas a fháil ar chás James Hanratty, ceann des na daoine is deireanaí a chuireadh chun bás sa Ríocht Aontaithe. Bhuail O’Neill níos déanaí leis an mbreitheamh a bhí i bhfeighil an cháis, a chreid O’Neill go raibh iomrall ceartais [miscarriage of justice] i gceist.

Martin-ONeill-001

Martin O’Neill

Deich mbliana níos luaithe bhí O’Neill agus a bhean Geraldine, a bhí torrach ag an am, i scuaine taobh amuigh den Old Bailey chun suíocháin a fháil san áiléar poiblí chun bheith ag faire ar thriall an Yorkshire Ripper. Thug O’Neill chuairt ar Shráid Íochtaireacht Belgrave i Londain freisin , áit ar dhúnmharaigh an Tiarna Lucan an buime [nanny] sarar éalaigh sé. Bhí dian-súim aige i mbás John F. Kennedy freisin agus thug sé imreoirí Leicester go dtí Plás Dealey i nDallás, an áit ón ar scaoil Lee Harvey Oswald na hurchair mharfacha. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar na himreoirí go raibh níos mó eolas ag O’Neill ar an suíomh na an treoraí turasóireachta oifigiúil.[official tour guide]

Eascraíonn a shuim fad saol i gcúrsaí coire ón t-am a chaith sé ag déanamh staidéar ar an dlí i gColáiste na Banríona i mBéal Feirste fadó. Cé nár chríochnaigh O’Neill a chéim thiontaigh sé a shuim ina shainchaitheamh aimsire paiseanta agus aisteach [passionate and bizarre hobby]. Tá cur chuige fóiréinseach túgthe freisin ag O’Neill, ar bhronnadh OBE air i 2004 le haghaidh a sheirbhísí do chúrsaí spórt, go dtí cúrsaí sacar sa Phríomhshraith [Premier League].

“Tá éirim os cionn an mheáin aige do dhuine atá ag obair le cúrsaí sacair” a deir Martyn McFadden, eagarthóir iris chlub Sunderland. “Is fear éirimiúil é ach is féidir leis bheith ceanndána”.

Anois mar rogha na n-údar chun teacht i gcomharbacht ar Giovanni Trapattoni beidh foighne an bhleachtaire de dhíth air tar éis don Iodálach éirí as a phost mar thoradh ar an gcailliúint 1-0 i Vienna oíche De Chéadaoin seo chaite. Tá na criticeoirí ag rá go bhfuil taispeántaisí fhoireann sacair na hÉireann go hainnis ar fad tar éis an drochthaispeántas a thugadar anuraidh i gCraobh Comórtas na hEorpa. Tá an cumas ar O’Neill go mbeidh sé in ann na laigeachtaí atá i bhfoireann na hÉireann, easpa paisean, eagraíocht agus cuspóir a leigheas gan mórán dua.

Fad agus a bhí sé i gceannas ar Cheltic Glaschú bhuaigh siad 75% dá gcluichí. D’éirgh leis críochnú san 6ú háit ar feadh trí bhliana as a chéile ag Aston Villa.Bhí briseadh tubaisteach aige an bhliain seo chaite áfach nuair a bhris stiúrthóirí Sunderland é as a phost tar éis gan ach ocht mí dhéag cáite aige i gceannas na foirne.

Níl tacadóirí Sunderland sásta leis an gcinneadh seo áfach. Arsa McFadden “ Dá gceisteofá lucht leanúna Celtic, Villa nó Cathair Leicester déarfaidís gurbh é O’Neill an bainisteoir is fearr a bhí acu riamh”. Tugadh bata agus bóthar go héagórach dó ó Sunderland. Sea ní raibh siad ag imirt le dealramh . Ag an am cheanna ní rabhamar i mbaol dícháiliú. Ní raibh ann ach sraith de dhrochchluichí as a chéile a chailleamar.”

Tá clú air mar an Tornado Taobhlíne agus is féidir leis bheith díochra [intense] agus ní maith leis cailliúint. Dúirt sé i 1999 agus é in Leicester gur fuair sé deachair nuair a bhí sé ag imirt cailliúintí a láimhseáil agus anois mar bhaisisteoir go gcuireann siad isteach go mór air, go mbíonn sé taghdach agus greannaitheach. [moody and irritable].

“Deireann mo bhean chéile agus iníonacha, Aisling agus Alana gur dhuine deachair mé. Ní fheichim sin ach b`fhéidir nach bfheichím mo luchtanna choiche.Nuair a thagann mé abhaile ní bhíonn fonn orm bheith ag caint faoi chlúiche a chailleamar ach ní féidir leo siúd dul thar cúig abaírtí dhéag gan tagairt don chlúiche.Ansin bíonn aragóint leanúnach againn faoi cé a dhein tagairt dó san chéad áit.”

Bíonn O’Neill cúramach go poiblí agus ní bhíonn sé ro-chongarach do na himreoirí, rud atá riachtanach do bhainisteoir. Ach taobh amuigh des na cluichí is féidir leis bheith greannmhar. Ach tá paisean ann a bhíonn le feiceáil ón méid ceiliúradh a dhéanann sé nuair a scórálann a fhoireann cúl.

Rugadh Máirtín O’Neill i gCill Rea, Co. Doire, ar 1ú Mhárta 1952, an 6ú pháiste i gclann naonúr. Nuair a bhí sé óg thógadh a mháthair é go dtí siopa bhearbóra a athair mar abhí sé in ann comhrá a dhéanamh leis na daoine fásta. Bhí an-mheas ag O’Neill sa spórt agus chleachtaigh sé a scileanna peileadóireachta i bpáirc taobh amuigh den a theach a fuair siad ón gComhairle Chondae. Dúirt a dheartháir Leo gur bhuaigh Máirtín air i gcluiche gailf tráth, cé nár imir sé an cluiche sin riamh cheana, toisc gur luí sé isteach ar an tásc.

Bhunaigh a athair, Leo freisin, Cumann LúthchleasGael áitiúil, Cumann Phádraig Mhic Phiarais, agus luí na mic isteach sna cluichí gaelacha agus d’imir cuid acu faoi aois d’fhoireann Doire. Chuaigh Máirtín go Coláiste Naomh Cholm Cille mar bhuachaill cónaithe i 1963, áit ar éirigh go hiontach leis mar pheileadóir Gaelach agus cabhraigh sé leis an coláiste Corn Uladh a bhuachan i 1967.Roghnaíodh é d’fhoireann mionúir Dhoire ach go gairid in a dhiaidh sin d` dírigh sé ar sacair agus d’imir sé do chlub i mBéal Feirste Theas, Rosario, agus níos déanaí le Distillery, áit ar bhuaigh Corn na hÉireann i 1971.

“B`é Máirtín laoch an Choirn” an cheannlíne a bhí san Belfast Telegraph. Fuair O’Neill an cheann is fearr ar thrí fhír le rith draíochta, d’athraigh sé a chosa agus bhuail an liathróid go tréan isteach san eangach. Cúl a chuir deireadh le Cathair Dhoire…….sampla eile den chumas atá ag an iar-pheileadóir gaelach seo.”

Shínigh O’Neill conradh le Nottingham Forest, ag éirí as bheith ag staidéar an dlí i gColáiste na Banríona i mBéal Feirste. D’imir sé freisin le Norwich, Manchester City agus Nots County. D’imir sé seasca ceathair n-uaire le foireann Tuaisceart Éireann dir 1971 agus 1984.Bhí sé mar chaptaen ar an bhfoireann le linn Chorn an Domhain i 1982 sa Spáinn, ag éirí as trí bhlian níos déanaí le gortú glúine.

“Cliathánaí díograiseach ab ea é agus d’imir sé i lár páirce chomh maith arsa McFadden. Níorbh é an peileadóir ba mhó chumas riamh ach d’úsáid sé a inchinn agus a thaithí. Gan ndabht bhuaigh sé gach rud a bhí le bua sa cluiche, Craobh Comórtas na hEorpa agus an Phríomhshraith le Nottingham Forest sa áireamh agus bhí sé mar chaptaen ar a thír i gCraobh Comórtas an Domhain. Gairm Bheatha Dhrithleach [glittering career] d’fhear ó shráidbhaile beag i gCúige Uladh.”

Bhuaigh Celtic Príomhshraith na hAlbain trí n-uaire fad agus a bhí O’Neill i gceannas orthu agus shrois siad cluiche ceannais UEFA I 2003, ceann des na tréimhsí is rathúla i stair an chlub. Fad agus a lean sé ag tabhairt cuairteanna ar na láithreacha cóiriúla i nGlaschú, áfach, bhí cúrsaí dorcha sna seastáin. Tar éis bua a bheith ag Rangers 2 -1 in aghaidh Celtic i 2002 nuair a d’fhéach a bhean chéile Geraldine amach sa ghairdín an maidin dár gcionn bhí brat Shasana ar foluain. D’iarr an bainisteoir gur cheart dul i ngleic le seicteachas i gcúrsaí peile san Albain, agus bhí sé cáinteach ar lucht tacaíochta Rangers a bhí ag tabhairt íde béil don imreoir ón Lorgain, Neil Lennon atá ina bhainisteoir ar Celtic anois.

D’éirigh O’Neill as bainistíocht na gCeilteach ag deireadh séasúr 2004-5 chun cúram a ghlacadh ar a bhean chéile Geraldine, a bhí tar éis a bheith á dhiagnóisiú leis an ngalar Liomfóma Neamh-Hodgkins. In agallamh níos túisce i mbliana labhair sé ar conas a thugann an slí atá a bhean chéile an troid an ailse inspioráid dó nuair a labhrann sé lena imreoirí. Dúirt sé “Tá sí ag troid ar aghaidh. Tá fíor spríd intí. Troideann sí liom gach uile lá agus buann sí i gcónaí”.

An féidir le O’Neill an bua a thabhairt don Phoblacht ?. Deireann McFadden, “Má fheiceann tú ar gach rud atá bainte amach aige agus ar scuad imreoirí na hÉireann faoi lathair is dócha gurbh é an duine is fearr ar féidir le hÉireann a fháil. Gan a bheith mí-ómósach do Phoblacht na hÉireann ag féachaint ar scuad na hÉireann anois ní mórán a bheidh ar thóir an post seo.”

Is féidir geall a chuir nach mbeidh aon dabht ar O’Neill féin. Nuair a chuireadh dúshlán air tráth ar a chumas chun Sunderland a threorú dúirt sé “ Ní hé go bhfuil mé ar an duine is fearr don phost ach go bhfuil mé an t-aon duine don phost”. Tá sé seo fíor faoi phost bainistíochta na Poblachta faoi láthair.

Posted in: Nuacht, Spórt