Daonlathas – smaoineamh deas, ach ní oibríonn sé?

Posted on Deireadh Fómhair 3, 2013 le

6



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Ní raibh an scéal a ba shuntasaí a léigh mé an tseachtain seo caite ar an chéad leathanach pháipéir ar bith, go bhfios dom cibé ar bith, ach ar leathanach deiridh an Irish Examiner.download

“Tóin tite as creideamh na nÉireannach sa daonlathas sa chúlú eacnamaíochta,” a scread an ceannteideal.

Chuir an scéal in iúl dúinn nach gcreideann duine as gach cúigear againn sa daonlathas níos mó – ceann de na céatadáin is ísle san Aontas Eorpach.

Dar leis an tuairisc, tá an-tionchar ag an ghéarchéim eacnamaíochta agus an chaoi ar pléadh leis ar dhearcadh dhaoine i leith an daonlathais.

Is maith liom an focal Gaeilge Daonlathas, is soiléire an chiall atá leis, nó an uaillmhian atá leis más cruinne an cur síos sin, ná an leagan Béarla, democracy nó an bunleagan Gréigise, dēmokratía.

Ar an ábhar go bhfuil an pholaitíocht ar fad faoi smacht na heacnamaíochta, ní chóir dúinn smaoineamh gur rud beannaithe daingnithe é an daonlathas níos mó, tá sé curtha ar ceal arís is arís eile le linn na géarchéime seo.

Caithfidh mé a admháil, cé go raibh fórsaí airgeadais láidre i gceist leis an chúlú eacnamaíochta seo, ní dóigh liom gur rud ‘nádúrtha’ é amach is amach atá ann.

Cuir i gcás an bhunfhíric gur éirigh daoine saibhre níos saibhre mar gheall air – agus ní nach ionadh, tá daoine bochta ag éirí níos boichte – ní mise atá á rá ach an nuachtán den éite dheis – The Economist.

Léirigh alt ag tús na míosa seo caite gur le lucht an airgid mhóir an téarnamh i ngeilleagar i SAM, léirigh sé gur mhéadaigh fíorioncam an 1% is saibhre le 31% idir 2009 agus 2012, cuir sin i gcomparáid leis an 90% ag an bhun, sea, bhuailis do mhéar air – chrap ioncam s’acu sin!

Tá cearta oibre á n-ídiú, tá deireadh á chur le poist saoil agus le teidlíochtí de gach cineál – seo aisling na heite deise – an rud a bhí uatha i gcónaí.

Abair liom, cé chomh fada is a bheas sé sula mbeidh áisíneachtaí príobháideacha ag cur múinteoirí na tíre ar fáil dár scoileanna seachas iad a bheith fostaithe ag an Stát?

“Níl i gcoiste gnó an Stáit nua-aimseartha ach coiste chun gnóthaí coitinne na búirgéiseachta a riaradh,” a scríobh Karl Marx i bhForógra na gCumannach – cé nach gcreidfeadh sé sin in Éirinn an tráth seo? leag sé a mhéar ar chúinsí an lae inniu Seasca a Sé bliana agus Céad ó shin.

Ní hé go bhfuil an daonlathas foirfe, chan fheil ná baol air, mar a dúirt Winston Churchill:“Deirtear gurb é an daonlathas an cineál rialtais is measa dá bhfuil ann seachas na cinn eile a baineadh triall astu.”

Tá an ceart aige dar liomsa, anois seo an dara cholún as a chéile ina bhfuil mé ag aontú le Winston Churchill, seadh, tá mé ag cur imní orm féin.

Títear domsa nach amuigh ar na heití clé is deis atá an baol is mó don daonlathas ach sa lár, i measc na meánaicmí oilte atá ag fulaingt mar gheall ar an ghéarchéim.

Is iad an dream seo a bhfuil fearg orthu, is iad an dream seo atá ag smaoineamh faoi ‘chórais eile’.

Mussd

Benito Mussolini agus a chuid Léinte Dubha – an bhfeicfidh muid a leithéid arís san Eoraip?

Tá mé ag smaoineamh ar an duine óg i mBéal Feirste a dúirt liom nach n-oibríonn an daonlathas mar go dtéann daoine bómánta amach chun vótáil do Shinn Féin – agus nár cheart aird a thabhairt ar a vótaí dá bharr.

Tá mé ag smaoineamh ar an dochtúir san Iodáil a dúirt liom go raibh sé míshásta go raibh an luach céanna le vóta s’aige is a bhí le vóta duine “bómánta a shuíonn sa toigh an lá ar fad ag coimhéad ar an teilifís,”dar leis.

Tá mé ag smaoineamh ar an eolaí a dúirt liom gur cheart go mbeadh an chumhacht ag na heolaithe chun cinntí a dhéanamh ar bhonn réasúin seachas ar bhonn oilc toil an tslua.

Chuir mé ceist ar na daoine seo, ar thuig siad cén córas eile a raibh á mholadh acu. Thuig siad go maith ach ba chuma, b’fhearr leo sin ná an córas reatha bréagach míréasúnta seo.

Reachtaireacht uafáis atáim anseo a deir tú? Ach gach uair sa stair a ghlac fear láidir cumhacht ba iad na meánaicmí a chuir ansin é agus cúrsaí eacnamaíochta a bhí taobh thiar den chinneadh sin i gcónaí.

Anois, caidé an vóta seo a bheas againn Dé hAoine arís …. ?

Posted in: Tuairim