Féinmharú agus Bás sa Bheilg

Posted on Deireadh Fómhair 9, 2013 le

1



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Dé Luain na seachtaine seo caite, cuireadh fear, ceithre bliana is dhá scor d’aois, chun báis sa Bheilg.

Ní dhearna an duine seo rud ar bith mícheart agus níor ciontaíodh é as aon choir a dhéanamh, ar ndóigh ní cheadaítear pionós an bháis san Aontas Eorpach.

222599-nathan-verhelst

Nathan Verhelst

Bhí an marú seo go huile is go hiomlán dleathach chomh maith mar roghnaigh an duine bás a fháil.

Eotanáis nó ‘euthanasia’ a bhí i gceist, roghnaigh an duine seo go gcuirfeadh dochtúir leighis lámh ina bhás.

I ndeireadh na dála, féinmharú a bhí ann, léiríonn an Ghaeilge an fhírinne lom a choinníonn an Ghréigis faoi cheilt – nach é sin an fáth a n-úsáidtear an Laidin agus an Ghréigis sa Bhéarla.

Ciallaíonn an focal euthanasia ‘bás maith.’

Níl a fhios agam arbh ‘bhás maith’ é agus níl a fhios agam an féidir liom a rá nárbh é sin an rud a b’fhearr don duine a bhí i gceist sna cúinsí seo.

Ach seans gur féidir linn an cás seo a úsáid chun na contúirtí a bhaineann le síor-liobralú dlíthe a bhaineann leis an mhoráltacht agus le saoirse pearsanta an duine aonair.

Ní raibh Nathan Vershelt, an duine a fuair bás an tseachtain seo caite faoi mhíchumas coirp nó faoi éagumas coirp cé gur féidir a rá go raibh tinneas coirp air.

Ceadaíodh eotonáis i gcás Nathan Verhelst dá bharr “fhulaingt síceolaíochta dofhulaingthe.”

Ba ghirseach í Nathan nuair a rugadh é. Chuaigh sé faoi phróiseas lena ghnéas a athrú, bhí an obráid dheireanach aige anuraidh.

Ar an drochuair, cha raibh sé sásta le toradh na hobráide sin, a thiontaigh “ina arracht” é dar leis.

“Nuair a d’amharc mé sa scáthán,” a dúirt sé le nuachtán sa Bheilg, “bhí déistin orm liom féin.”

Ní raibh an saol éasca do Nathan agus é ag fás aníos agus mhaígh sé gur shean a thuismitheoirí é i gcónaí agus nach raibh sé á iarraidh mar ghirseach.

Dhearbhaigh a mháthair sin an tseachtain seo caite le páipéar sa Bheilg, “Domsa, tá an chaibidil seo críochnaithe,” a dúirt sí, “Ní chuireann a bás isteach orm. Níl aon bhrón, amhras nó aiféaltas orm. Ní raibh snaidhm eadrainn riamh.”

Ní dóigh liom gur féidir le duine ar bith breithiúnas a dhéanamh ar Nathan mar ní bhfuair duine ar bith againn sinn féin sna cúinsí céanna. Cás crua é seo gan amhras.

Mar liobraíoch, tá meas agam ar rogha pearsanta Nathan cé go gcaithfidh mé an córas seo a cheistiú, an bhfuil an liobrálachas dulta thar fóir sa Bheilg anois?

_dsc8423

Dr. Wim Distelmans

Cé go mbeadh an-trua agam do Nathan agus cé go bhfuil sé go hiomlán as faisean, tá mé chun seasamh morálta a ghlacadh agus a rá go measaim go raibh an Dr. Wim Distelmans go hiomlán mícheart chun deireadh a chur le saol Nathan Vershelt.

Ar ndóigh, gach seans go mbeinn ar malairt tuairime dá mbeinn ag fulaingt sa chaoi chéanna is a bhí Nathan agus tá seans nach beag ann go mbeidh taithí agam féin ar a leithéid d’fhulaingt go fóill.

Chuir an Dr. Distelmans cúpla chun báis anuraidh, beirt dheartháir a bhí bodhar is a bhí ag éirí dall de réir a chéile.

Tá an Bheilg tar éis rud éigin glan cliniciúil agus cé nach maith liom an téarma a úsáid – éasca – a dhéanamh as an fhéinmharú – mar sin an rud atá an stát sin ag déanamh – ag éascú féinmharaithe.

Tá bás trí eotonáis ag éirí i bhfad níos coitianta sa Bheilg dá bharr. Fuair 1,432 duine bás sa dóigh sin in 2012 – sin tuairim ar bás amháin as gach caoga bás sa tír.

Chuir 507 duine lámh ina mbás féin i bPoblacht na hÉireann anuraidh, nó 11 básanna ag gach 100,000.

Tá fadhb ollmhór againn sa tír seo le daoine ag cur lámh ina mbás féin agus tá iarrachtaí ar bun i gcónaí chun sin a laghdú – ní a éascú.

Chan ionann sin is a rá nach bhfuil brú ann in Éirinn ar son eotonáis, tá agus beidh.

Tá cás Marie Fleming ann, an bhean a chaill a dúshlán bunreachtúil in aghaidh an choisc ar fhéinmharú cuidithe sa chúirt Uachtarach anuraidh.

Bhí sí den tuairim go raibh a cearta pearsanta á sárú ag an Acht Féinmharaithe 1993 [CRIMINAL LAW (SUICIDE) ACT, 1993] – ar an ábhar nárbh fhéidir léi deireadh a chur lena saol gan cúnamh.

Is dóigh liom sa chás sin go n-aontódh go leor leor daoine gur cheart ligint d’fhear chéile Maire cabhrú léi chun bás a fháil le dínit, is é an fhadhb gan amhras ná gur sleamhnach an sleamhnán é agus go bhfuil faitíos ar dhaoine go mbeadh cásanna ar nós Nathan Vershelt ann sa deireadh.

Ach cad é an chéad chéim eile sa Bheilg, maíonn daoine nach mbeidh aon chéad chéim eile ann, deirimse go mbíonn céad chéim eile ann i gcónaí.

Craoladh an píosa seo mar cholún raidió ar Chlár Chormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 9/10/13.

Posted in: Nuacht, Tuairim